Dé Luain 26 Samhain 2007

Naíscoil i Londain

Bhí scéal ag Colm Ó Broin ar an tseachtain seo chaite fá chruinniú ina mbeadh daoine ag plé na feidireachtaí maidir le naíscoil Gaeilge a bhunú i Londain, Sasana.

Silim go bhfuil sé seo thar a bheith tábhachtach amach is amach. Tá mé 100% cinnte go mbeadh tionchar níos mó ag naíscoil Gaeilge i Londain, i mBostún nó i nGlaschú ná mar a bheadh ag naíscoil ar bith in Éirinn.

Ar ndóigh, is iomaí cruinniú a bíos ann gan a dháth ar bith ag teacht as, ach tá súil agam sa cás seo go dtiocfaidh rud éinteach as an chruinniú seo.

Samhlaigí dá mba rud é go raibh páistí ag teacht abhaile ó Ghlaschú go Gaoth Dobhair agus Gaeilg acu, bheadh tionchar an-dearfach aige sin ar chursaí teanga i dTír Chonaill.

Naíscoil : Nursery School
Teanga : lingua

No comments: