Dé Luain 26 Samhain 2007

Naíscoil i Londain

Bhí scéal ag Colm Ó Broin ar an tseachtain seo chaite fá chruinniú ina mbeadh daoine ag plé na feidireachtaí maidir le naíscoil Gaeilge a bhunú i Londain, Sasana.

Silim go bhfuil sé seo thar a bheith tábhachtach amach is amach. Tá mé 100% cinnte go mbeadh tionchar níos mó ag naíscoil Gaeilge i Londain, i mBostún nó i nGlaschú ná mar a bheadh ag naíscoil ar bith in Éirinn.

Ar ndóigh, is iomaí cruinniú a bíos ann gan a dháth ar bith ag teacht as, ach tá súil agam sa cás seo go dtiocfaidh rud éinteach as an chruinniú seo.

Samhlaigí dá mba rud é go raibh páistí ag teacht abhaile ó Ghlaschú go Gaoth Dobhair agus Gaeilg acu, bheadh tionchar an-dearfach aige sin ar chursaí teanga i dTír Chonaill.

Naíscoil : Nursery School
Teanga : lingua

Dé Domhnaigh 25 Samhain 2007

Ar 'chanúintí' ...

Bíodh fios agaibh a chairdean Gaeil go bhfeil barail láidir ag an Gael gan Náire seo fá 'chanúintí' na Gaeilge.

Creidim go bhfeil trí chanúint ann sa Ghaeilg, Gaeilg na hÉireann, Gaeilge na hAlbain agus Gaeilg Eilean Mhanainn, teanga amháin atá inti.

Is beag difear atá le fáil eadar na canúintí seo nach dtiocfadh le cleachtadh is teagmháil a sharú.

Thoisich mi comhrá mu'n cheist ris na daltaí.

Dé Sathairn 24 Samhain 2007

Coisir ag na Gaeil Óga i gCumann Chluain Ard, Béal Feirste

Beidh coisir ag na Gaeil Óga Dé hAoine 30ú Mí na Samhna i gCumann Chluain Ard, Béal Feirste.

Is sgoinneal an chineál ócáid seo, molaim go mór na Gaeil Óg gan náire atá a reachtáil.

Beidh níos mó eolas faoi (mu a dheidhean) ar ball beag.

Bígí ann a chairde gaeil.

Fáilte romhat a Ghaeil!

Fáilte chuig mo bhlag, beidh sé i nGaeilg na hÉireann den chuid is mó ach beidh mé ag iarraidh a bheith intuigthe do chainteoir chanúint Gaeilge ar bith.

Bheinn fíorbhuíoch dá dtiocfadh le Gael ar bith as Eileann Mhanainn nó as an Alba inse domh cé chomh in tuigthe atá an blag seo.