Dé Céadaoin 31 Nollaig 2008

Gaeilge <> Mòr-theanga

Ceart go leor, do bhadhas ag dìriù isteach ar mhionteangacha chun blas na Gaeilge a thabhairt do dhaoine agus a mhalairt ar ndòighe, ach cha nì sè aon dochar mòrtheanga a bheith againn chomh maith, mar sin de, seo chugainn an Iodàilis. Cupla focail cibe ar bith, cuirfidh mè leis is dòcha.

Iodàilis : Italiano
Dia duit: Buon giorno
Slán go fóill: arrivederci
Le do thoil: Per favore
Go raibh maith agaibh: grazie
Tá brón orm: Mi dispiace
Cá mhéad?: quanti?
Sea (Yes):
Ní hea: no
Ní thuigim: non capisco
Cá bhfuil an leithreas?: Dovè il bagno?
An bhfuil Béarla agat? Ti parla inglese?

Dé hAoine 26 Nollaig 2008

Interlingua

Dìreach nòta maidir le Interlingua, bhìos ag baint triall as ansin agus caithim a rà go n-oibrìonn sè gach uair.

Tà mè ag smaoineamh fà Eadar-Ghaeilg arìst mar sin.

Déardaoin 25 Nollaig 2008

Athchlò

Athchlò ò Là Nua, 15/12/2008, go ndèana Dia gràsta uirthi. Nollaig shona màs rud spèise è duit. Tà sè ar intinn agam nòtaì a scrìobh dò ach eadar an dà linn is fèidir liom focail a chur in aistriù.

Tá an locht ar Ghaeil faoi bhás Lá Nua fosta

Bhál, seo é, an deireadh. Mo cholún deireannach ar Lá agus tá mé buíoch do Dhónall as ligint dom scríobh anseo. Cúis bhróin atá ann ar ndóigh. Seanchara de mo chuid a bhí ann i gcónaí agus cronóidh mé go mór é. Ní bheidh an chéadphroinn in Aontas na Mac léinn mar a gcéanna arís.

Is é an rud is mó a chuir iontas orm, áfach, ná cé chomh ciúin is a bhí bású Lá sa deireadh. Minic go leor a bhí Lá i mbéal an bháis agus bhí raic ann. An tráth seo áfach, tada, tost. Fiú ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste, glacadh leis gan mórán gearáin ar chor ar bith.Chuala mé go raibh cruinniú le bheith ann i mBéal Feirste fán chúis ach sa deireadh níor thárla sé.

Chan ionann sin is a rá nach bhfuil daoine tógtha faoi, tá agus tá scoilteanna á gcothú i measc na nGael fán cheist chomh maith, ach déanta na fírinne, i ndeireadh na dála, ghlac daoine le deireadh Lá Nua go furasta. Táthar ann a chuireann an locht ar fad ar Fhoras na Gaeilge. Cé go bhfuil mé ag súil go mór le bású an Fhorais féin, ní chuirim aon locht orthu, cuirim an locht ar Ghaeilgeoirí.

Caithfidh muid a bheith ionraic agus caithfidh muid go léir ceachtanna a fhoghlaim as seo. Níor cheannaigh go leor daoine Lá - is Gaeilgeoirí an chuid is mó de na daoine a mbím ag caint leo chuile lá ach tá a fhios agam nach raibh an chuid is mó acu sásta Lá a cheannacht. Bhí cuid acu bródúil as fiú.

Bhí náire ar roinnt acu Lá a iarraidh sna siopaí mar gheall ar shean-náire na nGael, agus shíl daoine eile gur thit an caighdeán go ró-íseal. Ní nach ionadh, is laochra iad foireann Lá ach ní sárdhaoine iad. Ba dhoiligh páipéar a chur amach gach lá gan na hacmhainní cearta a bheith agat agus ní raibh sin riamh ag Lá.

Bhí daoine ag iarraidh go mbeadh páipéar ann go cinnte ach cha raibh siad sásta é a cheannacht, sin Gaeilgeoirí duitse. Is maith liom iad den chuid is mó ach ní thiocfadh leat a bheith ag brath orthu. Dream suarach santach atá ionainn, tugtha don ghearán, gan úsáid den chuid is mó, níos dílse don Bhéarla is don Irish News ná don Ghaeilge.

Bhíos ag caint le Gaeilgeoir cupla seachtain ó shin agus dúirt sé liom, ‘ó aidh, caithfidh cruinniú a bheith againn fá Lá,’ agus arsa mise leis,’ an gceannaíonn tú féin é?’ – ‘ní cheannaíonn’ a deir sé. Sin é a chairde – Gaeilgeoirí, lag amach is amach, bhí siad ag iarraidh ar rialtas Shasana Lá a cheannacht dóibh!

Bhí fadhb ann le críochdheighilt chomh maith. Bhí Lá ‘ró-thuaisceartach’ dar le roinnt liúdramán. Bhí scéalta ann ón tuaisceart an dtuigeann sibh agus táthar ann ó dheas arbh fhearr leo ligint orthu féin nach bhfuil an tuaisceart ann ar chor ar bith agus muise, cha raibh siad ag iarraidh cloisteáil fá leatrom nó a dhath mar sin.

Anois, ní bheidh againn ach páipeár amháin amach anseo, agus i bpóca an Fhorais a bheas sé, agus is é sin a rud a ba mhaith leis an chuid is mó de na Gaeilgeoirí a bhfuil aithne agam orthu de bhrí gur páistí iad nach bhfuil ag iarraidh ach dea-scéalta a léamh, cacamas fá ‘Cheiliúradh na Gaeilge’ agus mar sin, ócáidí lán daoine nach labhraíonn ach Béarla na Bainríona le páistí s’acu féin. Inniú, tá mé gan mórán dóchais. Tá todhchaí na Gaeilge ag brath, mar a bhí Lá Nua féin, ar Ghaeilgeoirí.


Sin cúis mo bhróin is mo náire.

Seo anois deireadh le mo ghearán. Is Gaeil eile gan úsáid mé, imeoidh mé liom, ólfaidh mé pionta, cuirfidh mé an milleán ar fad ar na Sasanaigh agus beidh rudaí amárach mar a bhí siad inné.

Cúis bhróin : a cause of saddness.
chéadphroinn : breakfast, (lit. first meal).

Dé Domhnaigh 21 Nollaig 2008

Áthchló

Áthchló bho Lá Nua† 8ú Nollaig 2008. Slán a chara. Tá sé ar intinn agam gluais a scríobh dó do lucht foghlamtha.

Gregory Campbell

Tá 'Aire Cultúir' na Sé Chontae, Gregory Campbell, anois ag maíomh gur féidir go mbeadh níos mó teangacha ná 'Irish and Ulster-Scots' i gceist sa 'straitéis teanga' atá idir lámha aige, agus ní dóigh liom gur canúint an Lucht Siúil atá i gceist aige.

Tá sé ag maíomh anois go mbeadh teangacha na n-inimirceach i measc na dteangacha a bheas clúdaithe faoi scáth 'na straitéise teanga' atá beartaithe aige. Níl aon amhras faoi ná go mbeidh maoiniú na Gaeilge thíos leis sa straitéis seo agus go ndéanfaidh Gregory Campbell an dochar is mó is féidir leis a dhéanamh don Ghaeilge sa phróiseas seo. Is léir gur sin mar a thuigeann sé ról agus cuspóir s'aige féin faraor.

Ach más olc an scéal agus an DUP i mbun cúrsaí cultúir, samhlaígí cad a dhéanfaidh siad nuair a bheas siad i mbun cúrsaí oideachais. Scanrúil. Arís, sílim gur fianaise é seo go gcaithfear díriú isteach ar atógáil ghluaiseacht na Gaeilge, go hiomlán saor ó thionchar Gregory agus eile. Tá muid ag dul isteach i gcúlú domhanda eacnamaíochta agus ní bheidh mórán airgid á chaitheamh ar chur chun cinn na Gaeilge thuaidh ná theas. Tá mise ag amharc air mar dheis áfach, cic sa tóin a bheas ann.

Ar 'Albainis Uladh'

Maítear go minic nach bhfuil in Albainis Uladh ach gléas leis an Ghaeilge a choinneáil siar, le maoiniú a thabhairt ón Ghaeilge agus le cuma sheafóideach a chur ar cheist na dteangacha ó thuaidh agus muise leoga déanann sé é sin.

Níl dabht ar bith ann go raibh cuid mhór de na polaiteoirí aontachtacha atá go mór ar son na hAlbainise dubh i gcoinne na Gaeilge sular chuala siad trácht ar 'Ulster-Scots'.Tá taobh eile den scéal ann áfach.

Bhíos thuas ar an Bhaile Mheánach, tá mí ó shin anois agus bhí comhrá agam le Gaeilgeoir uasal darb ainm Séamas Mac Ruairí agus d'inis sé scéal domh fán teorainn teanga a bhí ann sa bhaile nuair a bhí sé óg agus go raibh an Béarla Albanach á labhairt ar an taobh eile den abhainn. D'inis sé domh fosta gur ghnách leis Béarla Albanach a chloisteáil agus é amuigh ag obair mar fhoraoiseoir agus cé go raibh sé féin ábalta a thuigbheáil, cha raibh cara s'aige, arbh as an Bhaile Mheánach é féin ábalta a thuigbheáil.

Mar sin is mó na blas an Bhaile Meánaigh é 'Braid Scotch'. Tá a leithéid de chanúint ann dar liomsa, neamspleách ann féin agus ní canúint Bhéarla í de bhrí nár shíolraigh sé ón Bhéarla anseo. Tá sé cloiste agam féin fiú. Tá taifeadán macánta déanta de in 'The Hamely Tongue' le James Fenton agus 'A Concise Ulster Dictionary' le Caroline McAfee mar shampla.

Is foirm chainte í a ba chóir taifeadadh, is a chaomhnú agus ba chóir go mbeadh gach ceart ag daoine a hathbheochan agus a hathneartú, más é sin an rud atá uathu.Ba chóir obair acadúil a mhaoiniú ar cibé Albainis atá fágtha ach is beag an baol go ndéanfar an cineál seo oibre mar is ceart agus an 'Boord a' Ulster Scoots' ag tabhairt airgid don Ord Bhuí le dlúthdioscaí as Béarla a dhéanamh.

Níl baint ar bith ag an teanga le Nelson McCausland nó Lord Laird, a deir nach teanga í dála an scéil, nó le duine ar bith eile den chineál sin, daoine a raibh fuath acu don Ghaeilge sular chuala siad trácht ar Albainis Uladh.

Na Deich mbliana amach romhainn.

Nuair a tháinig Sinn Féin abhaile ó Chill Rimhinn le 'hAcht Gaeilge', bhíomar go léir ar bís mar Ghaeil. Bhí an-dóchas ar fad ann. Anois, tuigeann muid nach mbeidh na Sasanaigh ag cloí leis an chomhaontú sin agus nach mbeidh Acht Gaeilge ag teacht ó Stormont ach an oiread.

De thoradh ar sheasamh Shinn Féin agus an SDLP ar an Acht agus mar gheall ar fheachtasaíocht láidir ó phobal na Gaeilge, tá naimhdeas na bpolaiteoirí aontachtacha dírithe ar an Acht agus ar an Ghaeilge ar bhealach nach raibh le fada. Tá cogadh cultúrtha fógartha fiú. Is dócha mar sin de go bhfuil deich mbliana feachtasaíochta romhainn ar cheist an achta agus go leor eile.

Tá sé ag dul a bheith iontach deacair ar fad. Beidh an streachailt seo níos deacra ná mar a bhí go dtí seo gan páipéar laethúil ach tá súil agam go mbeidh seirbhís cuimsitheach ar líne againn amach anseo agus tá gliondar orm go bhfuil tús curtha leis an phróiseas seo ag Eoghan Ó Néill le 'Nuacht Líne Laethúil ar An Druma Mór'.

Tús maith leath na hoibre

Déardaoin 11 Nollaig 2008

Tuairisc Choimisiúin um Chearta Daonna

tuairisc Choimisiúin um Chearta Daonna foilsithe agus tá an moladh seo san áireamh :

“Everyone belonging to a linguistic minority has the right to learn or be educated in and through their minority language where there are substantial numbers of users and sufficient demand.”

Bheadh sé seo ar dóigh amach do Ghaeil an tuaiscirt dá mbeadh an cheart sa dlí acu chun oideachas lánGhaeilge a bheith acu, déanta na fírinne, ó thaobh oideachais de, bheadh na Sé Chontae chun tosaigh ar an Stát Éireannach saor.

Dar ndóigh, níl sé dul a tharla os rud é go bhfuil Aontachtóirí dubh i gcoinne - tuilleadh fianaise go bhfuil Acht Gaeilge de dhíth orainn.

Na déanaimis dearmad, ní hé go bhfuilimid ag iarraidh Acht Gaeilge chun brú ar bith a chur ar Aontachtóirí, ní hé, tá muid ag iarraidh cosaint uathu faraor.

Acht Gaeilge Anois.

Dé Céadaoin 10 Nollaig 2008

Smaointí ar TG4

Seo athchló bho Lá Nua, tá súil agam nach miste leo.

Smaointí ar TG4

Ar tús, ba cheart domh a rá go bhfuil mé den bharúil gurb é TG4 an rud is dearfaí a thárla riamh don Ghaeilge ó bhí briseadh Chionn tSáile ann. Táthar anois ag caint ar 'Ghlúin TG4', Gaeil óga úra atá sásta an teanga a labhairt seachas í a chaoineadh.

Ní amháin ar son na Gaeilge amháin, ach is é TG4 an foinse is fearr do chláracha dúchasacha Éireannacha. Cuireann siad cláracha den scoth ar fáil ar bheagán airgid. Tá sé cruthaithe ag TG4 gur fiontar fiúntach é.

Rinne cuid mhór Gael íobairtí móra agus iad i mbun feachtasaíochta ar son seirbhís teilifíse Gaeilge. Shíl muid gur baineadh an cath sin. Níor baineadh áfach, buaileadh bob orainn, fuair muid stáisiún dátheangach a bhfuil lámh in uachtar ag an Bhéarla ann.Ní áibhéil a rá go mbíonn níos mó Béarla le cluinstin ann nuair a chuirtear gach rud le chéile, agus is cláracha ‘dátheangacha’ cuid mhór de na cláracha ‘Gaeilge’.

Mar sin, ba chóir go mbeadh sé de phríomhchuspóir ag gluaiseacht na Gaeilge stáisiún lánGhaeilge a bhaint amach. Ní hé go bhfuil mé ag maíomh nach bhfuil fiúntas le cláracha a bhfuil rud beag Béarla iontu, tá, ach tá measarthacht ar gach rud agus tá níos fearr tuillte againn.

Anois, is féidir a rá go bhfuil TG4 dírithe ar bhealach ar chainteoirí líofa Gaeilge, mar is ceart dó a bheith, ach silim gur chóir go mbeadh clár d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ag rith i gcónaí ar TG4 - uair nó dhó in aghaidh an lae do na foghlaimeoirí agus do dhaoine nach bhfuil go hiomlán líofa atá i gceist agam. Ná déanaimis dearmad gur pobal foghlamtha den chuid is mó sinn.

Níl mé ag caint ar chláracha 'dátheangacha', tá mé ag caint ar chláracha dírithe ar leibhéil difriúla, bunfhoghlaimeoirí, daoine fásta a rinne Gaeilge ar scoil, mic léinn Ardteistiméireachta. Tá cláracha de dhíth orainn go léir.

Tá cláracha ar nós ‘Now Your Talking’ agus mar sin de ann cheana féin, agus tá mé ag déanamh go ndearnadh tréan cláracha den chineál sin fríd na blianta. Ba chóir go mbeadh siad ag dul i gcónaí ar maidin nó mall san oíche chomh maith le cláracha úra ag amanna níos lárnaí sa sceideal. Cad fá 'Speaking Our Language'? Clár foghlamtha ar Ghaeilge na hAlbain a chraoladh chomh maith?

Creidim fosta gur chóir go mbeadh fotheidil ar fáil i nGaeilge i gcónaí, nó an rogha sin a bheith ann chun foghlaim a éascú agus gan an Béarla a bhrú orainn i gcónaí. Bím féin gafa ag léamh an Bhéarla!Déanann sé ciall gnó freastal ar lucht an Bhéarla ach tá fotheidil Ghaeilge riachtanach. Tá daoine ag foghlaim na Gaeilge a bhfuil fotheidil Ghaeilge de dhíth orthu agus tá daoine bodhara ann a bhfuil Gaeilge acu.

Is é an triú rud a mholfainn ná gur chóir go mbeadh cláracha i nGaeilge na hAlban le feiceáil ar an stáisiún. Tá neart acu ann anois mar gheall ar bhunú BBC Alba.Chan fheicim cén fáth nach mbeadh. Tá siad ann, bheadh siad saor go leor agus tá an teanga 80-90% mar a gcéanna le Gaeilge s’againn féin. Chuirfeadh sé seo le haontas na nGael agus thiocfadh leis an teilifís tuigbheáil iomlán idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban a bhaint amach taobh istigh de ghlúin.

Dé Máirt 9 Nollaig 2008

Léirmheas :An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire

An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire
Biddy Jenkinson
Coiscéim 2008248 lth.

Cara le Searbhlach de Hoilm agus an tUasal Bhatson é an tAthair Pádraig Ó Duinnín. Tagann siad chuige ag lorg cabhair mar go bhfuil an Professor Moriarty chun an Bhanríon a fhuadach.

Lean eachtraí na mbleachtaire ó tús go deireadh ó bás amháin go dúnmharú eile le fáil amach 'Cé dhéin é?'

Chuir an leabhar Murder She Wrote i gcuimhne dom go mór mór, tá a fhios agaibh an seó sin ina théann Mrs Fletcher thart ag marú daoine agus ag cur an milleán ar fad ar dhaoine bochta eile. Théis fiche bhliain níor éirigh duine ar bith amhrásach futhu, seachas mé féin.

Caithfidh mé a admháil gurb é Foclóir Uí Dhuinnín ceann de na leabhair is fearr liom : cad é an Ghaeilge ar nerd arís?

Cibé ar bith, silim gur leabhar maith é seo, scríofa go maith agus suimiúil go leor, ach tá mé ag smaoineamh go mbeadh sé níos foirsteanaí do dhaoine níos óige.

Déardaoin 4 Nollaig 2008

Suíomh idirlín

Díreach chun aird dhaoine a dhíriú ar an suíomh iontach seo ó Raymond Hickey, Discover Irish.

Don té a bhfuil suim aige sna canúintí tá samplaí den chuid is mó acu atá beó le cloisteáil ann.

Caimbeul agus 'teangacha eile'

Tá aire chultúr na Sé Chondae, Gregory Campbell anois ag maíomh gur féidir go mbeadh níos mó teangacha ná 'Irish and Ulster-Scots' i gceist sa stráitéis teanga atá idir lámh aige.

Níl mórán amhrás ann go n-amharcfaidh lucht na Gaeilge ar an ráiteas seo go cíniciúil, áithnítear an t-uasal Campbell mar dhuine a bhfuil dearcadh frith-Ghaeilge aige.

Dé Domhnaigh 30 Samhain 2008

Focal an Lae

"Is fearr Éire leis an teanga agus gan an tsaoirse ná Éire leis an tsaoirse agus gan an teanga"

Silím gurbh é Eamon De Valera a dúirt an friotal cainte thuas, arbh é?

Léiríonn sé mo dhearcadh féin cibé ar bith.

Dé Sathairn 29 Samhain 2008

Athchló

Seo alt ó La Nua, 17/11/08, tá súil agam nach miste leo mé a chur i gcló anseo, tá sé ar intinn agam nótaí a scríobh dó.

Páirtí Gaelach : Ní Smaoineamh maith é

Chuala mé caint anseo is ansiúd le tamall anuas, ar líne, sa teach tábhairne agus eile fá ‘Páirtí Gaelach’ a bhunú. Is smaoineamh é nach mbíonn fonn ar dhuine ar bith a lua ach amháin nuair nach bhfuil na páirtithe móra ag feidhmiú de réir thoil an phobail Ghaelaigh dar leo.

Sílim féin gur drochsmaoineamh amach is amach é ach amharcfaidh mé i dtosach báire ar na buanna arbh fhéidir a bheith leis. Admhaím gur aisling bhreá atá ann, leagan Éireannach de Phlaid Cymru nó ‘Comhaltas Gaelach’ fiú?Thiocfadh le páirtí Gaelach a bheith 100% ar son na Gaeilge agus dáiríre fúithi i gcónaí, bheadh tuiscint mar is ceart aige ar chúrsaí Gaeilge agus bheadh an rud ar fad eagraithe trí mheán na Gaeilge.

B’fhéidir go dtiocfadh le gluaiseacht pholaitiúil Ghaelach iachall a chur ar pholaiteoirí náisiúnacha áirithe a bheith dáiríre fán teanga, i. dul amach agus a foghlaim.B’fhéidir go mbeadh sé ábalta dul i ngleic go héifeachtach leis an seicteachas frithGhaelach a gcloíonn na haontachtóirí leis chomh dílis sin.

Ó dheas, thiocfadh le gluaiseacht pholaitiúil Ghaelach dul i ngleic mar is ceart le frithGhaelú i bhFine Gael agus I bpáirtí an Lucht Oibre agus b’fhéidir fimíneacht Fhianna Fáil a shoiléiriú fosta. Maith go leor, sin an aisling, seo anois an réaltacht. Is é an chéad rud a bheadh ar an chlár oibre ná an scoilt, ansin bheadh an dara scoilt ann, ansin an triú scoilt. Fá dheireadh na míosa bheadh 27.5 páirtí Gaelach ann.

Fiú taobh amuigh d’fhadhbanna le pearsantachtaí, agus is féidir a bheith cinnte nach mbeadh easpa liúdramán ag iarraidh a bheith ina mball den pháirtí, bheadh fiche fadhb idé-eolaíochta ann, agus ná déanaimis dearmad, chan ionann frithShinn Féineachas agus clár oibre polaitiúil.

Ansin, an mbeadh an páirtí seo ar an deis, ar an chlé, sa lár? Sóisialach nó coimeádach? Cén seasamh a bheadh ag an pháirtí ar chríochdheighilt na hÉireann? Poblachtach, neodrach fiú? Ní féidir le páirtí ‘aon ábhar’ mairstin. Bheadh seasaimh agus polasaithe eile de dhíth, agus ná déanaimis dearmad go mbíonn tuairimí éagsúla ag Gaeilgeoirí ar bheagnach gach ceist.

Anois, más féidir le daoine gach fadhb thuas a réiteach tá buncheist eile ann : An mbeadh tacaíocht ar bith ann dó? Sa chéad dul síos, tá eolas agam ar Ghaeilgeoirí agus tá mé cinnte go mbeadh gráin ag an mhórchuid acu ar Pháirtí Gaelach thar aon ghrúpa eile!

Fiú dá dtiocfadh le Páirtí Gaelach tacaíocht na nGael a shaothrú, an bhfuil go leor Gael ann in áit ar bith chun suíochán ar bith a bhaint. Sin ráite, caithfidh mé a admháil, fiú dá mba rud é go raibh 2% den daonra ag caitheamh vóta ar son an pháirtí, b’fhéidir leis an sciar beag sin tionchar a imirt ar na páirtithe móra.

Lena chois sin, a luaithe a bheadh Páirtí Gaelach ann, bheadh leithscéal ag lucht an frithGhaelaithe atá i bhfolach i ngach páirtí in Éirinn teacht amach in éadán na Gaeilge. B’fhearr liom iad a choinneáil ina dtost fiú más bréagach an tost céanna.

Thar aon rud eile áfach, tá mé dubh i gcoinne bhunú páirtí Ghaelaigh de bhrí nach bhfuil go leor gníomhairí teanga nó acmhainní airgeadais againn le cur amú ar pháirtí polaitiúil. Ba chóir do dhaoine a bhfuil spéis acu sa pholaitíocht dul isteach i cibé páirtí is maith leo agus cás na Gaeilge a dhéanamh ansin.

B’fhearr dúinn gluaiseacht na Gaeilge a athneartú, Conradh na Gaeilge agus na Gaeil Óga a láidriú agus a chur ag obair ar fud na hÉireann mar ghluaiseacht radacach ar son na teanga, fréamhaithe sa phobal, dírithe ar an réabhlóid agus ábalta tionchar a imirt ar gach polaiteoir agus gach páirtí. Seo comhairle ar an cheist ó Mháirtín Ó Cadhain.

Gné-Alt

Fuaireas an clár raidió faisnéise seo ar Eilean Mhainnín agus ar Gaeilg Mhainnín.

Silím go bhfuil sé thar a bheith suimiúil.

Dé hAoine 28 Samhain 2008

Suíomh Idirlín Nua Seolta

Tá suíomh idirlín úr seolta ag an iriseoir Gaeilge Concubhar Ó Liatháin, iCultúr is teideal dó agus is "Ardán don ealaíon is don litríocht Ghaeilge".

Fuair an tionscnamh urraíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Déardaoin 27 Samhain 2008

Nuacht

Seirbhís Nuacht ar líne seolta

Tá seirbhís nuacht Gaeilge ar líne seolta ag an iriseoir Gaeilge Eoghain Ó Néill,

andrumamornuacht.blogspot.com/

Ar ndóigh, tá blag mór le rá aige cheanna, an druma mór , is doiligh leamsa a thuigbheál cad as a bhfuil an dara bhlag de dhíth ach chan mo ghnó é sin.

Ní thuigim cad chuige nach féidir leis na blagadóirí Gaeilge teacht le chéile fá scáth eagarthóir agus seirbhís nuacht ar líne a bhunú, mar a deirtear san alt thíos.

Dé Céadaoin 26 Samhain 2008

Athchló ó Lá

Seo athchló ar alt a bhí ar Lá Nua, 28/10/2008, tá súil agam nach miste leo, tá sé ar intinn agam notaí a chur leis do fhoghlaimeoirí.

Ar shraith an bháis

Tá Lá Nua anois ag fuireach ar shraith an bháis. Chan fhuil mórán dóchais ann anois go gcuirfidh an gobharnóir scairt chun stop a chur leis an bhású, níl an fonn sin air faraor.

Ná déanaimis dearmad gur stócach óg Lá Nua, ceithre bliana is fiche. Triail mar is ceart chan fhuair sé ach an oiread. Is éagóir atá ann dar le cuid mhór. Mhair Lá Nua ar an bheagán i gcónaí ar ndóigh, bealach amháin nó bealach eile, beo bocht den chuid is mó.

Le blianta beaga anuas, bhí Lá beo ar dheontas ó Fhoras na Gaeilge. ‘Hearóin na nGael’ a thugaim féin air sin agus go díreach cosúil le hearóin sráide bhí Lá gafa leis agus ag brath air. Sea, cosúil le hearóin féin, thug an deontas beocht ar leith do Lá, bhí sé iontach ag an tús, sin an fáth a nglacann daoine hearóin agus mar sin de, ach ansin bíonn siad gafa leis, mar a bhí Lá agus is eagal liom mar atá earnáil na Gaeilge uile go léir.

Bhásaigh Foras na Gaeilge Lá agus níl mé ag maíomh nach raibh cás ar bith acu. Ba bheag díolacháin Lá Nua i ndeireadh na dála, ach thug muid go léir an rópa agus an chumhacht dóibh chun sin a dhéanamh. Má ghlactar le deontais beidh tú gafa leo, níl neart ag an mhórchuid againn air, agus tú gafa leo, tá seans nach beag ann go bhfuil an bás I ndán duit sa deireadh.

Chan fhuil mise i gcoinne deontais amach is amach, ach ní dóigh liom gur ceart dúinn a bheith ag brath orthu go hiomlán mar a fheictear domhsa go bhfuil san am i láthair. Tá sé ró-chontúirteach. Is é an dóigh a bhfuil rudaí i láthair na huaire, ná go bhfuil sé de chumhacht ag Rialtas na Sasana agus Rialtas na Sé Chontae is Fiche deireadh a chur le hearnáil na Gaeilge in am ar bith is mian leo, tríd maoiniú Fhoras na Gaeilge a thachtadh agus mar sin de.

Tá mé ag rá seo le blianta ar ndóigh, agus dúirt daoine liom gurbh amadán mé. Seans mór go bhfuil cuid den cheart acu ach nach gcruthaíonn bású Lá Nua go bhfuil ar a laghad roinnt den fhírinne agam? Creidim go bhfuil géarghá le gluaiseacht deonach na Gaeilge a atógáil, chun gluaiseacht Gaeilge ar nós CLG a thógáil, cinnte a bheith sásta cúpla punt a ghlacadh anseo is ansiúd ach gan a bheith beo orthu, gan a bheith ag brath orthu go hiomlán.

Tá sé de dhualgas orainn Conradh na Gaeilge, na Gaeil Óga agus dá réir sin a athneartú gan mhoill sa dóigh is gur féidir linn a bheith ag obair saor ó dheontais, saor ó thionchar an fhorais agus inslithe ó ghéarchéimeanna airgeadais an tsaoil seo.

Sa Bhíobla Críostaí tá moladh ann gan do theach a thógáil ar ghaineamh ach chun é a bhunú ar charraig sa dóigh is nuair a thiocfas an tuile go mbeidh do theach slán sábháilte.

Tá tuile ag teacht chugainn, tugtar an géarchor airgeadais air. Faraor tá barraíocht d’earnáil na Gaeilge inniu bunaithe i ngaineamh na ndeontas seachas ar charraig na hoibre deonaí.

Tá Foras na Gaeilge ann chun ‘an Ghaeilge a chur chun cinn’. Cad is ciall dó sin? N’fheadar go díreach ach tá a fhios agam nach athbheochan na Gaeilge atá i gceist. Breast é mar 'dhul chun cinn'. Char mhaith liom mo theanga a bheith 'dulta chun cinn', ba mhaith liom í a bheith beo.

Creidim go raibh an ceart ag Máirtín Ó Cadhain nuair a mhaígh sé siar sna seachtóidí go raibh muid ceannaithe ag an ‘measúlacht’. Sin an chúis atá leis an Fhoras i mo bharúil, chun ár measúlacht a cheannach uainn.

Dúirt athair athbheochan na Breathnaise, Saunders Lewis, ‘Ba réabhlóid go smior é an teanga Bhreatnach a thabhairt ar ais sa mBreatain Bheag. Ar mhodhanna réabhlóide agus orthu sin amháin a bheas aon rath.’ Ná bíodh aon amhras ann, is coincheap réabhlóideach é teanga a athbheochan agus níl sé de nádúr ag státseirbhís réabhlóidí a éascú. A mhalairt atá fíor.

I ndeireadh na dála, tá Foras na Gaeilge go bunúsach mar chuid de státseirbhís na Sé Chontae is Fiche. Tá an stát sin sásta béalghrá a thabhairt don Ghaeilge agus Gaeilgeoirí a fhulaingt a fhad is nach mbíonn rath ar an Ghaeilge. Tá siad sásta go leor le dátheangachas de chineál éigin ach athbheochan na Gaeilge? Seans ar bith go ligfidh siad dó sin a tharlú. Is é príomhpholasaí an stáit ó dheas ó thaobh teanga de ná gan dochar a dhéanamh don Bhéarla in Éirinn. Fianaise ar bith agam? Bhí rath ar an Ghaelscolaíocht ó dheas le tríocha bliain anuas. Ar chothaigh siad é? Muise, níor chothaigh, cuireadh cosc ar thumoideachas fiú.

Mhaígh Foras na Gaeilge nach bhfuil margadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge. Iomlán an chirt acu. Ar an ábhar sin, níl margadh ann do nuachtán seachtainiúil ach oiread, nó TG4, Raidió Fáilte, beagnach rud ar bith trí mheán na Gaeilge. Is éard an rud a chaithfear a thuiscint áfach nach ionann ‘margadh’ agus gá.

Deireadh leis an ghearáin

Bhál, sin an racht ligthe ach cad a dhéanfaimid anois ar son ár nuachtáin laethúil. Tá neart cainte ar siúl fá láthair ach seo mo bheart simplí féin ar an cheist :

* Comharchumann a bhunú.
* Suíomh idirlín a bhunú.
* Painéal scríbhneoirí éagsúla a chur le chéile.
* Ábhar nuachta a chur ar an suíomh i rith an ama, caithfidh níos mó ná blag eile a bheith ann.
* Traenáil idirlín agus leagan amach páipéar a chur ar fail.
* ‘Rota’ a chur le chéile fá choinne leagan pdf. a dhéanamh den pháipéar ar bhonn seachtainiúil.
* Bunachar sonraí a chur le chéile agus an páipéar a sheoladh chuig daoine fríd an rphost.

Admhaím gur coimheádach go leor mo smaoineamh féin ach silim go gcaithfimid a bheith réalaíoch. Ní bheadh rath ar pháipéar clóite i láthair na huaire i mo thuairim féin. Caithfear lucht léite a thógáil ar líne ar dtús.

Tá mise ar fáil chun píosa a scríobh agus eile agus má tá cruinniú le bheith ann beidh mise ann, cé go dtugaim mo dheimhin daoibh go mbeidh mé ag imeacht a luaithe is a chluinfidh mé na focail seo a leanas, Foras na Gaeilge agus deontas.

Muna mbeadh seirbhís idirlín neamhspleách ar fad agus saor ó smacht an Fhorais, ní bheadh aon fheidhm leis ar chor ar bith.Tá go leor dea-thola, fuinnimh agus tallainne amuigh ansin i measc na nGael chun togra den chineál seo a dhéanamh go deonach ar fad. Íocfaidh fógraíocht as an suíomh idirlín agus eile.

Nós*

Léiríonn nós* gur féidir a dhéanamh. Tá áthas an domhain orm go mbeidh leagan clóite de nós* ar fáil le linn na seachtaine seo. Leagan speisialta a bheas ann ina mbeidh an chuid is fearr den iris go dtí seo le fáil.

Ní bhfuair nós* rud ar bith ón Fhoras agus is fearr dóibh sin san fhadtéarma dar liom. Tá nós* bunaithe ar thallann agus ar fhuinneamh na nGael Óg agus dar liomsa is é nós* an iris is fearr dá bhfuil ar fáil againn, d’ainneoin go bhfaigheann na cinn eile deontais, nó de bhrí nach bhfaigheann siad deontas?

Anois, tá sé beartaithe ag lucht nós* dul i mbun leagan clóite gach mí. Déanfar sin beag beann ar an Fhoras nó ar dhuine ar bith eile. Tá nós* ag brath ar thacaíocht ó lucht léite na Gaeilge agus tá sé geallta acu go rachaidh siad i mbun cló nuair a bhéas 300 síntiús díolta acu. Tá nós* ag iarraidh ar Ghaeilgeoirí teacht amach agus an iris a cheannach go díreach, chan ag iarraidh deirce.

Ní bhfuair siad ach 100 go dtí seo cé go bhfuil daoine ag rá le caoga bliain go bhfuil iris do dhaoine óga de dhíth – tá sé againn anois agus tá sé ar fheabhas. Le cuidiú Dé tá níos mó na céad Gaeilgeoir amuigh ansin sásta tacú le fiontraithe óga Gaeilge. Ná moltar é, ceannaítear é!

Lá Nua, 28/10/2008

Dé Luain 24 Samhain 2008

Nuacht

'Regional Language Policy' beartaithe ag Caimbeul

Tá an BBC ag tuairisciú go bhfuil Gregory Campbell ag obair ar 'Regional Language Policy' agus go mbeidh páipéar roim an fheidhmeanas 'in due course'.

Chan ábhar iontais go bhfuil an Caimbeulach ag iarraidh an dá 'chanán' a phosadh, sin an polasaí a bhí ag an rialtas ó thuaidh le deich bhliain anuas.

Gné-Alt

Simply Fíorghaeil

Billy Armstrong ** (seans gur aistriúchán de Mac Thréinfhir é)
Roy Beggs Jr * (Beag)
David Burnside
Fred Cobain
Robert Coulter ** (seans gur Ó Coltair é)
Leslie Cree ***
Tom Elliott
Reg Empey
Sam Gardiner
Danny Kennedy * (Ceannaideach)
John McCallister * (Mac Alasdair)
David McClarty * (Mac Labhartaigh?)
Basil McCrea * (Mac Ráth)
Alan McFarland * (Mac Pharthaláin)
Michael McGimpsey * (Mac Diompsaigh)
David McNarry * (Mac Náraigh)
Ken Robinson
George Savage (ainm Normannach ab é ón tús ach Sabhaois an Ghaeilge atá air)

* (ainm Gaeilge)
** (seans gur ainm Gaeilge a bhí ann)
*** (logainm Gaeilge ag feidhmiú mar shloinne)

Mar sin, is sloinnte Gaelacha 8/18 acu, beagnach leath acu! Tá ceann amháin Normannach ach le leagan Gaeilge fadbunaithe aige, sin leath acu mar sin! Tá trúir eile arbh fhéidir baint a bheith acu leis an Ghaeilg.

Mar sin, an Gaeil iad leath den Pháirtí Aontachtach ó thuaidh? Cén fáth an fuath mar sin?

Dé Domhnaigh 23 Samhain 2008

Leagan d'fhoghlaimeoirí

Seo leagan d'alt a bhí ar La Nua 13/10/2008.

Sinn Féin agus an Ghaeilge
Le Ciaran Dunbar

Tá cuid mhór feirge ar Ghaeilgeoirí áirithe i láthair na huaire le Sinn Féin. Tá trí rud ar leith i gceist : easpa dul chun cinn déanta ag Conor Murphy maidir le comharthaíocht bhóthair; diúltú Chaitríona Ruane aitheantas a thabhairt do Choláiste Speirín; agus socrú Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le Lá Nua mar nuachtán laethúil.

Ní aontaím le seasamh ar bith acu cé go n-aithním go bhfuil tuairimí éagsúla i measc lucht labhartha na Gaeilge ar gach ceist acu. Chomh maith leis sin, caithfidh mé a aithint go bhfuil dul chun cinn déanta ag Conor Murphy ar cheist na comharthaíochta sa deireadh thiar thall. Maidir le Lá Nua de, áfach, is léir gur le Sinn Féin amháin atá an locht á fháil ag teachtairí áirithe.

Títear domsa go bhfuil Gaeilgeoirí fosaithe ar na comhaltaí ó Shinn Féin ar bhord an Fhorais thar aon dream eile. Cad chuige sin? Cad é an difear idir na comhaltaí eile ar bhord an Fhorais agus iad? An dáréag acu, an tromlach acu i bhfírinne. Char chuala mé oiread is focal amháin fúthu sin, caithfidh mé a rá. Nach bhfuil ceisteanna le freagairt acu sin fosta? An bhfuil sé sláintiúil nó éifeachtach an milleán ar fad a chur ar mhionlach amháin ar an bhord? Ní dóigh liom é.

Dar liomsa, bhí sé de mhisneach ag Eoghan Mac Cormaic teacht amach agus taobh s’aigesean den scéal a thabhairt; ba mhaith liom féin cloisteáil ó na daoine eile fosta.

Tá, agus bhíodh i gcónaí, an creideamh go láidir i measc cáil Gaeilgeoirí ó thuaidh nach mbaineann lucht Shinn Féin úsáid as an Ghaeilge ach ar a leas féin. Dar leis an chreideamh seo, níl Gráinne John Gráinne Ní Dhuibhsheannaigh (Mhic Ghéidigh), Pearse Doherty agus Caitríona Ruane, mar shampla, ar son na Gaeilge ar chor ar bith!

Anois, vótálann tromlach de náisiúntóirí an tuaiscirt do Shinn Féin ach bheinn féin den bharúil, áfach, go mbeadh a mhalairt fíor i measc lucht na Gaeilge agus creidim go bhfanann cuid mhór Gaeil sa bhaile seachas vóta ar bith a chaitheamh. Drochscéal agam dóibh siúd, ní thugann páirtí polaitiúil ar bith mórán airde ar na daoine a fhanann sa toigh.

Ar scor ar bith, níl meas madaidh agam féin ar dhaoine nach mbaineann úsáid as an vóta a thug daoine óga a mbeatha lena fháil dóibh: muna bhfuil tú sásta leis an rogha atá ann, bunaigh do pháirtí féin, a deirim.Mar sin de, is é mo thuairim nach bhfaigheann Sinn Féin mórán vótaí as seasamh s’acu ar an Ghaeilge idir.

Ní ar leas Shinn Féin seasamh s’acu ar an Ghaeilge, mar sin.Tá seasamh láidir ag Sinn Féin i leith na Gaeilge, ach is seasamh é nárbh fhéidir leo a chur i gcrích choíche. De thoradh air sin, tá an ‘barra níos airde’ ná mar a bheadh sé do pháirtí gur lú seasamh s’acu ar son na Gaeilge, ar nós an SDLP.

Cad chuige a bhíonn Sinn Féin ag brú ceist na Gaeilge mar sin? Dar liomsa, de bhrí go gcreideann siad inti, bun agus barr an scéil. Anois agus sin ráite agam, tá leath agaibh ar shiúl, slán libh!

Is cinnte nach féidir le gach Gaeilgeoir an tuairim sin a ghlacadh. Creideann cuid mhór Gael ó thuaidh gur leo féin amháin an Ghaeilge. Creidim féin gur le gach duine í. Poblachtánaigh san áireamh.

Ar an ábhar seo, cuirigí ceist ar Shinn Féineach ar bith a bhfuil Gaeilge aige agus déarfaidh sé leat: “Ní chuidíonn lucht na Gaeilge leo leis an teanga agus cás na teanga a bhrú chun tosaigh sa pháirtí de bhrí go dtuigeann na baill eile nach bhfaighidh siad buíochas ar bith as agus is ar an bhuíochas agus ar na vótaí atá an pholaitíocht bunaithe.”

An té nach bhfuil láidir, caithfidh sé a bheith glic; cuirimis brú ar gach páirtí ó thaobh na Gaeilge de i gcónaí ach tugaimis buíochas do pháirtí ar bith a dhéanann maitheas di.

Bainimis úsáid as an pholaitíocht go héifeachtach agus ní éifeacht ar bith é chun díriú isteach ar dhream amháin agus neamhaird a dhéanamh ar gach páirtí eile. Is é an pholaitíocht an t-ainm atá ar an phróiseas sin agus níl bealach ar bith thart air.

Ní leor frith-Shinn Féineachas.

comharthaíocht bhóthair : road signage
teachtairí áirithe : certain comentators
Ní dóigh liom é : I don't thinks so
níl meas madaidh agam : I have no respect
De thoradh air sin : as a result of that

Dé Sathairn 22 Samhain 2008

Nuacht

Cead do sgoiltean Gàidhlig ùra
- Cead do Scoileanna Gaeilge úra

Tá Comhairle na Gaeltachta in Albain ar son dhá scoil Gaeilge úr a bhunú.

D’aontaigh Comataidh Foghlaim Comhairle na Gàidhealtachd i bprionsabail chun scoileanna Gaeilge ar leith a bhunú sa Ghearadan agus i bPort Rígh san Oileán Sgitheanach.

Tá cainteanna le bheith ann anois le Riaghaltas na h-Alba agus Bòrd na Gàidhlig le feiceáil más féidir airgead caipitil a fháil don togra.

A' chiad shoidhne Gàidhlig gus dol suas ann an Gallaibh -
An chéad comhartha Gaeilge ag dul suas sna Gallaibh


Tá sé aontaithe go gcrochfar an chéad comhartha Gaeilge suas sna Gallaibh.

Tá cròileagan Gàidhlig nó naíscoil Gaeilge in Inbhir Theòrsa ag iarraidh comhartha Gaeilge taobh amuigh foirgneamh s’acu.

Is cosúil go raibh comhartha Gaeilge acu le fhada ach gur imigh sé leir ar bhealach éigin agus go bhfuil siad ga iarradh air ais.

Ar ndóigh, tá comhairleoirí as Gallaibh in aghaidh polasaí Gaeilge na Comhairle ach tá amhrás léirithe ag cathaoirleach Choiste na Gaeilge an chomhairle, Hamish Friseal go bhfuil comhairleoirí Ghallaibh ar aon fhocal le muintir na dúiche. Dar leis : "Tha (an cròileagan) deònach sealltainn (amharc) chun an t-saoghail cha-mhòr, gu bheil daoine air cùl na Gàidhlig anns an sgìre, Bha mi shuas dhà no trì tursan anns na seachdainnean a dh'fhalbh, Bha mi a' cluinnteil dhaoine a' bruidhinn mu deidhinn, ach cha robh mi a' cluinnteil rud sam bith an aghaidh na Gàidhlig."

cròileagan : naíscoil

Dé hAoine 21 Samhain 2008

Nuacht

Tigidh 'Alliance' amach i gcoinne Bille Uí Bhrolcháin.

Ar ndóigh, tháinig an DUP amach ina choine go láithreach bonn.

Barúil

Bhál, seo é, 20 lá fágtha do Lá Nua, chan fhuil a dháth beartaithe aige duine ar bith chun áit s'aige a ghlacadh de réir cosúlachtaí.

Bhí mise i gcónaí i measc na ndaoine siúd a cheannaigh Lá gach Lá, cuid den Lá a bhí ann, fiú nuair a bhí sí go holc agus muise leoga bhí sé go holc in amannaí.

Feadaím a rá nach dtuigfidh daoine cad atá caillte againn go dtí nach mbeidh Lá Nua ar fáil, seanchara de mo chuid atá inti, crónfaidh mé í.

Breast iad siúd atá ar bís le bás ár Lá.

Beir bua.

Déardaoin 20 Samhain 2008

Nuacht

Ráiteas ó Phobal : "Ceist bhunúsach an lae: Cá bhfuil Acht na Gaeilge?"

Dar le POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge, tá Acht na Gaeilge ar cheann do na ceisteanna is bunúsaí i dTÉ faoi láthair agus go gcaithfidh na polaiteoirí cur chuige nua a aimsiú. Dúirt Janet Muller, príomhfheidhmeannach POBAL, eagraíocht atá i ndiaidh obair cheannródaíoch ar an reachtaíocht a fhorbairt agus a stiúradh, ‘Ní bhaineann an cheist seo le teanga amháin. Baineann sí le comhlíonadh ghealltanais rialtasach, déanta ag an leibhéal is airde; baineann sí leis an chaidreamh idir an phobal ar an tallamh agus na polaiteoirí; baineann sí le cumas an Tionóil cinntí a ghlacadh ar son an phobail ar fad. Go dtí seo, tá teip glan déanta i dtaca leis an 3 gné seo. Ach, tá an cheist iontach simplí. I 2006, chuir POBAL moltaí maidir le hAcht na Gaeilge chun tosaigh ar dtacaigh an mórphobal leo. Le linn do dhá phróiseas comhairliúcháin i 2006-7, fuair muid tacaíocht as cuimse dár moltaí. Tá easpa mheasa ar bharúlacha an phobail le feiceáil go soiléir i ngníomhartha roinnt do na polaiteoirí. Mura bhfuil na polaiteoirí áitiúla ioncurtha le sochaí úr a thógáil, caithfidh rialtas na Breataine Acht na Gaeilge a reachtú ag Westminster.’
Dúirt sí go mbeadh POBAL ag bualadh go luath le hionadaithe Pháirtí na Chomhghualaíochta go luath, agus le hionadaithe an Chomhairle Thuaidh-Theas le hAcht na Gaeilge a phlé.

Nuacht

"Deireadh le ‘polaitiú na Gaeilge’ á lorg ag SDLP "

Sin atá a fhogairt acu, ní mar sin a bheas sé ar ndóigh agus is polaitiúil an rud atá ar bun acu féin. Tuilleadh eolais ar ball.

Tá an cheart ar fad ag Lá Nua ar maidin áfach, tá 'cur chuige aontaithe' de dhíth.


'Tá Sinn Féin ag iarraidh Acht na Gaeilge go fóill' - Kelly

ráiteas anois eisithe ag Gerry Kelly ag dearbhú go bhfuil an páirtí ag iarraidh Acht na Gaeilge go fóill.

Dé Céadaoin 19 Samhain 2008

Nuacht

Cuiridh Ó Brollacháin Bille Gaeilge os comhair an tionóil

Tá Ball Tionóil do Ard Mhacha Theas don SDLP, an Gael Dominic Ó Brollacháin théis Bille Príobháideach a lóisteáil le Oifig um Billí sa Tionól.

Is cainteoir fileata Gaeilge é Dominic a labhranns Gaeilg chuile uair a fhaigheanns sé an deis.

Is céim mhór chun tosaigh é seo, chan fhuil seans ar bith ann go rachaidh sé fríd ach is fiú an iarracht a dhéanamh.

Táthar ag súil go mbeidh tuilleamh eolais ar an scéal seo ar ball.

Seo an scéal i mBéarla don té atá dilis don canán sin.

Dé Máirt 18 Samhain 2008

Ábhar do fhoghlaimeoirí

Thóg mé an píosa seo ó Lá Nua, 29/08/2008, tá súil agam nach miste leo agus tá súil agam go mbeidh cartlannaí Lá ann ar fáil ar líne go deo chomh maith.

Bhí fonn orm an píosa seo a chur ar fáil mar leagan do fhoghlaimeoirí.

Fáilte roimh cheist ar bith.

Plean Nua trí bliana don tSairdínis
Le Ciarán Dunbar

Beidh cuma dhátheangach ar an tSairdín as seo amach i ndiaidh do rialtas féinrialach na Sairdíne plean trí bliana a cheapadh ar son teangacha agus cultúr na Sairdíne a chothú, dírithe ar theangacha agus ar theagasc na Sairdínise ach go háirithe.

Is réigiún féinrialach an tSairdín taobh istigh de Phoblacht na hIodáile, agus faoi bhunreacht na hIodáile aithnítear na Sairdínigh mar popolo nó pobal ar leith. Roimh dheireadh na bliana seo chugainn, táthar ag súil go mbeidh cuireadh chun tairisceana foilsithe chun soláthar teilifíse idirlín agus digití a chur ar fáil, an bheirt acu sa tSardínís.

Cuirfidh an plean trí bliana seo an tSairdínis isteach i mbunscoileanna agus i meánscoileanna réigiúin féinriail na Sairdíne mar chuid de ghnáthchuraclam na scoile den chéad úr, cé go mbíonn an teanga in úsáid sna scoileanna ar bhun neamhoifigiúil.

D’ainneoin an easpa soláthair sin déantar cuid mhór staidéir ar an teanga taobh amuigh den scoil agus tá an litríocht láidir go leor ann agus déantar aistriúchán ó theangacha eile lena chois sin. Sna hollscoileanna, cuirfear airgead ar fáil d’institiúidí chun cúrsaí traenála do mhúinteoirí Sairdínise a chur ar fáil.Ar an taobh acadúil de, táthar ag súil go mbeidh atlas teangeolaíochta ann don tSairdínis, rud nach bhfuil déanta go fóill.

Chomh maith leis na príomhchanúintí Sairdínise, beidh tacaíocht ann fosta do na mionteangacha atá á labhairt san oileán ar nós Catalóinis in Algheur (Alghero), Gaddurese, Turritana agus Tabarchino, teangacha agus canúintí nach mbaineann leis an fhorbairt ón Laidin a tharla sa tSairdín amháin agus nach síltear mar Shairdínis mar is ceart.

Maireann canúint de chuid an Chatalóinis in Alghero mar gheall ar thionchar stairiúil na Catalóine sa tSairdín. De thoradh ar an phlean seo, beidh sé de dhualgas ar chúigí na Sairdíne cinntiú go bhfuil comharthaí bóithre dhátheangach agus go mbainfear úsáid as an teanga i dtograí áitiúla.

Tháinig athrú mór ar chúrsaí teanga agus ar ghníomhaíocht teanga sa tSairdín siar sna hochtóidí i ndiaidh eachtra dírí, dána amháin nuair a d’fhógair fostaí de chuid aerfoirt Alghero amanna na n-eilití in Iodáilis, i mBéarla ach ansin i gCatalóinis na Sairdíne go dúshlánach!

Mar gheall ar an ghníomh seo, chaill sé a phost agus daoradh sa chúirt é ach spreag an eachtra bheag seo glúin úr chun teacht amach ar son na teanga, rud a chinntigh stádas oifigiúil sa deireadh agus a chuir tús leis an phróiseas a chruthaigh an plean úr atá beartaithe.Aon duine, aon ghníomh díreach, réabhlóid teanga. Cá bhfios, b’fhéidir go mbeadh sé de mhisneach ag Gaeil Óg in Éirinn a leithéid a dhéanamh sa todhchaí agus b’fhurasta go leor an raic a shamhlú, go háirithe ó thuaidh.

Ní thig liom fanacht. Is í an tSairdínis nó Limba Sarda an príomhtheanga atá á labhairt sa tSairdín go fóill; tá an stádas sin i mbaol agus creidtear nach bhfuil ach leath de na daoine óga san oileán ag baint úsáid aisti.

Tá Sairdínis in úsáid go ginearálta i ndeisceart an oileáin agus i lár an oileáin, go háirithe ag daoine thar 35 nó mar sin agus bheadh daoine nach bhfuil iomlán líofacht san Iodáilis ina measc acu siúd go cinnte; sin ráite tá sí beagnach ruaigthe as na cathracha, as Castelleddu (Cagliari) ach go háirithe agus tá neart daoine óga ann inniu nach bhfuil Sairdínis ar bith acu, go háirithe aos óg na meánaicme.

Is teanga Rómánsach í an tSairdínis, cé go bhfuil fostratam pailéa-Sairdíneach ann, a d’fhorbair as an Laidin agus cé gurb é an chéad teanga a d’fhorbair mar theanga neamhspleách ón Laidin, is í ceann de na teangacha is coimeádaí agus is cóngaraí don Laidin go fóill í, go háirithe ó thaobh na bhfuaimeanna de.Ó thaobh na teanga féin, níl aon amhras ann ach go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na canúintí Sardu; is iad Campidenese, Nuorese agus Lugudorese na príomhchinn acu, agus gurbh fhéidir na difríochtaí seo an fhadhbanna tuisceanna a chruthú.

Títear domsa, áfach, go ndéanann daoine atá báúil don teanga a bheag de na difríochtaí agus go ndéanann daoine diúltacha a mhór daoibh. Chomh maith leis sin, is léir domsa go mbaintear úsáid as difríochtaí canúna chun an tSairdínis a fhágáil ar leataobh. Is é an dochar is mó a dhéanann na canúintí, áfach, go gcuireann siad bac ar úsáid na teanga mar theanga oifigiúil, ar chomhartha agus mar sin de nuair nach féidir leo aontú cad ab chóir a bheith ann, agus feictear cuid mhór comharthaí san oileán athraithe ag daoine áitiúla go dtí an fhoirm ab fhearr leo.

Cuireann na canúintí moill ar fhorbairt teanga liteartha sa lá atá inniu ann fosta agus cé go bhfuil ‘caighdeán’ ann, níl ach mionlach atá sásta leis. Tá canúintí Corso-Sairdínis ann i dtuaisceart an oileáin ach meastar iad mar Chorsaicis de ghnáth go ndéanann an uimhir iolra le –i nó –e seachas le –s mar atá sa tSairdínis mar is ceart, agus de bhrí go bhfuil an t-alt deifnídeach bunaithe ar an fhocal Laidin illum seachas ipsum mar atá in Sardu.

Níl aon amhras ann gur céim mhór chun tosaigh an plean úr seo do theangacha na Sairdíne agus go neartóidh sé teangacha an oileáin, ach is iontach cé chomh láidir is atá siad d’ainneoin an leithcheal a rinneadh ina n-éadan.

Thar aon rud eile, áfach, is é an amhránaíocht san tSairdínis an rud a chinntíonn todhchaí na Sairdínise. Tá an traidisiún ceoil atá acu an láidir ar fad, níos láidre ná ár dtraidisiúin féin fiú. Tá amhrán acu do gach imeacht an tsaoil seo, ón saolú go dtí an bás, is tábhachtaí sin ná plean ná reachtaíocht ar bith. Mar sin de, canaidís agus canaimis a deirim.

Faigh amach níos mó:
http://www.limbasarda.it/
http://www.ditzionariu.org/

an tSairdín : Sardina
féinrialach : autonomous
easpa soláthair : lack of provision
na príomhchanúintí : the main dialects
De thoradh ar : as a result of
fostaí : employee
líofacht : fluency
is coimeádaí : most conservative
daoradh sa chúirt é : he was convicted in court
báúil : favourable
amhránaíocht : act of singing
canaidís agus canaimis : let them sing and let us sing

Dé Domhnaigh 16 Samhain 2008

AN DUP : Fíorghaeil?

An Gaeil 1/4 den DUP sa Tionól?

Baill den Tionól de chuid an DUP agus sloinnte s’acu
(Beidh mé ag cur leis seo)


Allan Bresland* (Ó Breasláin)
Wallace Browne** (Seans maith ann gur as Mac a’ BhriuthainnMac ‘ille Dhuinn é)
Thomas Buchanan* (as an logainm Both a’ Chanáin ach creidtear gurbh Mic Ausaláin iad)
Gregory Campbell* (Caimbeul)
Trevor Clarke** (Seans gur as Ó CleirighMac a’ Chleirich é)
Jonathan Craig*** (as logainm – Creag)
Alastair Ian Ross* (Rosach)
Nigel Dodds
Alex Easton
Jeffrey Donaldson* (Mac Domhnaill)
Arlene Foster
Simon Hamilton
William Hay (Is é MacGaraidh an Ghaeilg air áfach)
David Hilditch
William Irwin** (seans beag gur as Ó hEireamhóin é)
Nelson McCausland* (Mac Ausaláin)
Ian McCrea* (Mac Rath)
William McCrea* (Mac Rath)
Michelle McIlveen*(Mac Giolla Mhín)
Adrian McQuillan* (Mac Uighilín)
Maurice Morrow** (Seans ann gur as Mac Murchaidh é)
Stephen Moutray(?)
Robin Newton
Ian Paisley*** (as an logainm Páislig)
Ian Paisley Jr*** (as an logainm Páislig)
Edwin Poots
George Robinson
Iris Robinson
Peter Robinson
Jim Shannon* (Ó Seanáin)
David Simpson
Jimmy Spratt
Mervyn Storey
Peter Weir** (Seans maith ann gur as Mac a’ Mhaoir é)
Jim Wells
Sammy Wilson

Eochair :

* (ainm Gaeilge)
** (seans gur ainm Gaeilge a bhí ann)
*** (logainm Gaeilge ag feidhmiú mar shloinne)

Ciallaíonn sé seo go bhfuil sloinneadh Gaelach ag 10/36 acu ann, níos mó na ceathrú acu!

B’fhéidir cúigear eile a chur leis sin agus tá triúir ann a bhfuil logainm Gaeilge acu mar shloinne cé nach sin an nós Gaelach dar ndóigh.

Tá sé spéisiúil nach bhfuil? Cén fáth an fuath don Ghaeilg agus do Ghaeil mar sin?

Nuacht

Ba mhór ag Coiscéim Feirste agus Ciarán Dunbar tú bheith i láthair uair a sheolfar Dhá Scéal Reachlann agus eile, curtha in atheagar ag Ciarán Dunbar.

Aoichainteoir: Ciarán Ó Duibhín

Dé Sathairn 22 Samhain @ 3.30in in An Ceathrú Póilí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Fáilte roimh chách

Tá cruadal fán leabhar agus eile ar siúil aige na daltaí dála an scéil.

Chomh maith leis sin, seo léirmheas ar an leabhar.

Dé Sathairn 15 Samhain 2008

Nuacht

An Ghaeilge ina cnámh spairne i mBaile Meánach

Bhí raic ann le linn chruinniú míosúil de chuid Chomhairle Bhaile Mheánach ag tús na seachtaine agus an deontas don Ciste Craolacháin Gaeilge a phlé ag an comhairle. Ritheadh rún fríd ag maíomh gur ‘cur amú acmhainní’ é an deontas don Ciste Craolacháin

Cuireadh i leith le linn an chruinniú go raibh an Ghaeilge ‘dead’ agus ‘divisive. Cé gur buaileadh an chéad rún a cuireadh roimh an comhairle ag an Comhairleoir Robin Stirling ach ritheadh rún leasaithe a chuir an DUP chun cinn, ag maíomh ...

"Ballymena Borough Council believes that the actions of HM Government regarding additional funding for the Irish Language was a negative throwback to the inequalities of Direct Rule, and further it was unjustified in a time of economic recession and calls upon the Northern Ireland Assembly Minister for Culture, Arts and Leisure to explore (a] ways to redress the potential for language inequality and (b] ways of preventing further such waste of public resources."

I rith na díospóireachta mhaigh Councillor Roy Gillespie ‘The majority population in Northern Ireland has no interest in the Irish language’ agus The Irish campaign has replaced the bomb and the bullet’.

Chuir Declan O'Loan ón SDLP in iúl don tUasal Gillespie áfach go raibh bunús Gaeilge le sloinne s’aige féin, Mac Giolla Easpaig ar ndóigh agus mhaith seisean go raibh an rún bunaithe ar an aineolas.

Nuacht

Ceardlann ar Ghaeilg Aontroma

Beidh ceardlann ar siúl ag Ghlór Dhal Riada Dé Luain 17ú Mí na Samhna dírithe ar Chanamhaint Ghaedhilg Aontroma, Gaedhilg na hAlban agus Gaedhilg na hÉireann, chomh maith le míniú ar logainmneacha áitiúla. Tá an cheardlann curtha i láthair ag Brian Mac Lochlainn atá líofa ins an dá chanamhaint mhór, eadar Éirinn agus Alban, agus fear a bhfuil neart taighde suntasach déanta aige ar Ghaedhilg Aontroma. Gheobhaidh freastalaithe léargas suimeamhail fán tionchar teangeolaíoch ar Ghaedhilg Aontroim Thuaidh agus beidh Brian ag cur i láthair ábhar nach mbíonn ar fáil go tric sa phobal.

Tá an cheardlann ag toiseacht ar 7.30 in Ionad Pharóiste Uile-Naomh, Baile Meanach ar choirnéal Bhóthar Chois Abhainn Dalla agus Bhóthar Bhruach Shéain. Tá an cheardlann saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.

Nuacht

Lainseáil leabhráin

Beidh lainseáil leabhráin Dé Sathairn seo chugainn sa Chultúrlann ag 3:30.

‘Dhá Scéal Reachlann agus Eile’ is teideal dó agus £6 / €7.50 an praghas atá air, foilsithe ag Coiscéim.

S’éard atá i gceist ann ná dhá scéal béaloideasa agus cuid ábhar eile i nGaeilge Oileán Reachlann.

Chomh maith le Gaeilge Reachlann tá leagain de na scéalta ann sa Chaighdeán Oifigiúil agus i nGaeilge na hAlbain chun tuiscint a éascú a fhad agus is féidir.

Táthar ag súil go mbeidh an leabhrán seo ina chuidiú beag do Ghaeilgeoirí Reachlann agus Aontroma atá ag foghlaim a dteanga féin arís in athuair.

Dé Luain 10 Samhain 2008

Blag Eile

Seo post suimiúil i nGaeilg na hAlba.

Dé Luain 3 Samhain 2008

Nuacht

Alt iontach spéisiúil ón Alba.

Déardaoin 30 Deireadh Fómhair 2008

Léirmheas Idirlín # 1

Daltaí.com

daltaí dul le tamall fada anois, chuir mé féin spéis ann ar feadh tamaillín de bhrí gur shíl mé go raibh daoine as tíorthaí eile ag foghlaim na Gaeilge agus gur chóir go mbeadh cainteoirí fileata na Gaeilge sásta cuidiú leo.

Tá acmhainní deasa ann ar daltaí go cinnte ba mhaith liom an foram a phlé. Le tamall anuas, creidim gur thit an tón as. Tá sé lofa le díomuachas. Is áisteach go leor é ach silím go bhfoghlaimíonn cuid mhór lucht foghlaim galar na nGael, i.e an éadochas sula bhfoghlaimíonn siad an Ghaeilg.

Tá cuid mhór den phlé ag dul ar aghaidh i mBéarla agus níl sé ag cuidiú leis an Ghaeilg ar chór ar bith dar liom. Cinnte tá rudaí le foghlaim ann don fhoghlaimeoir ach is contúirteach an rud é beagan eolas go háirithe má tá an duine ar leis an t-eolas sin sotalach. Tá daoine saor chun a rogha rud a rá ar líne ar ndóigh.

Má tá díomuach ag teagasc na Gaeilge i rang in Éirinn mar shampla thig le daoine dul agus dúshlán a thabhairt dó / di agus dul a labhairt leis na daltaí ann chun an taobh dearfach a thabhairt chomh maith. Is féidir linn sin a dhéanamh ar líne ach silím gur thréig lucht an bhua daltai.com tamall ó shin.

Is suimiúil áfach go bhfuil cuid mhór foghlaimeoirí in íseal brí cé go bhfuil lucht líofa na Gaeilge ar mhuin na muice i láthair na huaire.

Dé Céadaoin 29 Deireadh Fómhair 2008

Aire!

Bígí cinnte go bhfaighidh sibh Lá Nua inniu, tá forlíonadh ann ar chanúint Ghaeilge Bhaile Átha Cliath.

Tá ard-mheas agamsa don iriseoir Colm Ó Broin as saothar mar seo a chur ar fáil, tá súil agam go mbeidh sé roimh shúile lucht an Bhéarla chomh maith amach anseo.

Tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad sula mbeidh post úr aige agus ag a chomrádaithe Lá Nua.

Déanfaidh mé níos mó ar seo ar ball.

Dé Máirt 28 Deireadh Fómhair 2008

Nuacht

Eoghan Ó Néill ag blagáil fá chás Chaomhín Mhic Giolla Chatháin agus iarracht s’aige chun deireadh a chur leis An tAcht Teanga 1737. Bhí comhrá iontach úsáideach faoi ar Talkback ar BBC Raidió Uladh chomh maith.

Is péindlí é An tAcht Teanga 1737 agus ba choir deireadh a chur leis go láithreach, déanann sé saoránaigh den triú ghrád as lucht na Gaeilge.

Ní bagairt do dhuine ar bith an cheart chun Gaeilg a labhairt sa chúirt sna Sé Chontae, ní dócha go mbeadh mórán Gaeil ag iarraidh a úsáíd cibé ar bith, dream sibhialta sinne ar ndóigh.

Is leithcheal díreach inár gcoinne é nach féidir le dhá Ghaeil conradh príobháideach a dhéanamh eadarthu féin as Gaeilge ó thuaidh.

péindlí : penal law
leithcheal : discrimination

Nuacht

Tá an Péindlí Deireanach faoi ionsaí ag Gael ar maidin!

Tuilleamh fán scéal seo ar ball.

Dé Luain 27 Deireadh Fómhair 2008

Scéal Dearfach


Tá nós* i gCló

Théis drochscéal Lá Nua agus eile tá Gaeilgeoirí ar bís de bhrí go bhfuil an sár-iris nós* anois i gcló, beidh sé ar fáil sna siopaí leabhair Gaeilge agus beidh seastán acu thíos ag an Oireachtas i gCorcaigh.

Seo ráiteas a fuaireas bho fhoireann nós*.

Tá áthas ar fhoireann nós* a chur in iúl duit go bhfuil Eagrán 5 - ár gcéad eagrán clóite - réidh agus go mbeidh sé ar fáil gan mhoill.Is bailiúchán speisialta é de chuid d'ábhar nós* a foilsíodh go dtí seo, bronntanas beag chun taispeáint dár léitheoirí cad a bheas i gceist nuair a chuirfear tús leis an gcló míosúil sa bhliain úr.Beidh Eagrán 5 ar díol le linn Oireachtas na Samhna i gCorcaigh agus in ionaid éagsúla ar fud na tíre go luath ina dhiaidh sin.Is é an bealach is fearr ar ndóigh chun teacht ar an leagan clóite ná síntiús bliana a ghlacadh amach. Muna bhfuil sé seo déanta agat cheana, tabhair cuairt ar www.nosmag.com le haghaidh tuilleadh eolais agus cinntigh do chóip de nós* inniu!

Beir bua,

Foireann nós*

Dé Domhnaigh 26 Deireadh Fómhair 2008

Coláistí Gaeilge

Coláistí Gaeilge i mBaol

Fuaireas an t-eolas seo ó Ghael Linn, ábhar buairimh atá ann, níl na coláistí Gaeilge saor ó locht ach ba dhifriúil ar fad an chineál Gaeilge atá a bhruidhinn san IarGhaeltacht gan iad.

ábhar buairimh : cause for concern
a bhruidhinn : being spoken

* Sna meastacháin airgeadais don Roinn Oideachais & Eolaíochta ó Dheasdo 2009 rinneadh cealú ar na deaontais chaipitíochta do na coláisitísamhraidh Gaeilge/Gaeltachta.

* Cuirfidh an ciorrú seo isteach go mór ar thionscal na gcoláistí. Tálucht eagraithe na gcoláistí ag brath ar thacaíocht an deontaischaipitíochta mar fhoinse ioncaim le cuid de na costais a ghlanadh sa dóighis go mbeidh na cúrsaí á n-ofráil ar phraghas réasúnta do thuismitheoirí. Íocann an Roinn faoi bhun €50 an scoláire le coláistí a bhfuil a gcúrsaíaitheanta ag an roinn do chúrsa trí seachtaine.

* Tá praghas na gcúrsaí socraithe cheanna féin ag coláistí don samradh2009, tá na bróisiúir foilsithe agus iarratais ag teacht isteach. Bhí sé seouilig bunaithe ar an tuiscint go mbeadh an deontas caipitíochta á íoc mar isgnáth. Cuirfidh an ciorrú seo atá beartaithe ag an Rialtas na hÉireanninmharthantacht na gcoláistí i mbaol gan dabht.

* Bhí cruiniú ar an 24 Meán Fómhair ag CONCOS leis an Roinn Oideachais& Eolaíochta ag a raibh oifigigh shinsearacha na Roinne agus cuireadh in iúlnach mbeadh ardú ar bith sa deontas i mbliana ach ní raibh oiread is focalfaoi chealú.

* Ar scála easnamh sna cistí Stáit ó Dheas de €11 billiún tá díobháilmhíréireach ag baint leis an chiorrú ar na coláistí samhraidh a mbeidh‘sábháil’, más féidir sábháil a chur air, de €1.25 milliún. Tá sé soiléir óchaipéisíocht an Rialtais ó Dheas go bhfuil na táillí caipitíochta seopáirtmhaoinithe ag an Chrannchur Náisiúnta. Ó bunaíodh an CrannchurNáisiúnta sa bhliain 1989, tuigeadh go mbeadh cuid den fháltas á chaitheamhar an Ghaeilge. I mbeagán focal ba chóir aigead na Gaeilge ón Chrannchur achaitheamh ar an Ghaeilge agus gan é a bheith mar chiorrú furasta donRialtas.

* Téann isteach is amach ar 25,000 déagóir chun na Gaeltachta achanbhliain ar an oileán seo agus má bhíonn na cúrsaí ródhaor beidh deis caillteag an aos óg cur lena gcumas Gaeilge agus beidh buille mhór tugtha dogheilleagar na Gaeltachta ar fud na tíre.

* Téann suas le 9,000 scoláire ( idir dara agus tríú leibhéal) chun naGaeltachta i gCúige Uladh achan bhliain agus tagann céatadán ard ó na SéChondae. Leis an chiorrú seo agus an ráta íseal steirling i gcoinne an eurobeidh sé deacair go maith ar lucht eagraithe na gcoláistí briseadh cothromagus ar thuismitheoirí táillí níos airde a dhíol dá bpáistí.

* Tá an cinneadh seo an deontas a scor ag teacht salach ar pholasaíGaeilge an Rialtais agus ar pholasaí na Roinne Oideachais agus Eolaíochtaach go háirithe. Sa bhliain 2012 beidh níos mó marcanna ag dul do labhairtna teanga sna scrúduithe stáit agus aithnítear le fada agus go forleathantréimhse sna coláistí samhraidh ar an deis is fearr dá bhfuil ag scoláirícur lena gcuid scileanna cumarsáide agus le cealú an deontais seo beidh séiontach deacair cúrsaí sa Ghaeltacht a reáchtáil go heacnamúil.

* Chuaigh na céadta míle scoláire chun na Gaeltachta ó thosaigh nacolásití samhraidh go luath sa chéad seo chuaigh thart agus tá dualgasorainn anois déanamh cinnte go mbeidh an deis seo ag na glúnta atá leteacht.

* Ba chóir an cinneadh tubaisteach deireadh a chur leis an deontasCaipitíochta do na colásití samhraidh a aisiompú anois sula mbeidh an dochardéanta. http://www.gael-linn.net/

Scéal Eisiach

Ní bheidh aon páipéar Gaeilge ann amach anseo.

Dar le foinse iontaofa, ní bheidh an páipéar nuachtáin seachtainiúil Foinse ag cur isteach ar an deontas úr ó Fhoras na Gaeilge.

De réir cosúlachta, tá an géarchor airgeadais ag cur brú ar mháthair chomhlacht Foinse, Aer Árainn.

Tuigtear áfach go bhfuil an páipéar nuachtáin tuaisceartach, an Irish News ag cur isteach ar an chomórtas fá choinne ‘iris’ seachtainiúil iniata sa pháipéar féin.

Más fíor an scéal seo, is drochscéal amach é nach mbeidh páipéar uile-Éireann Gaeilge againn amach anseo sa Ghaeilge. Tubaiste atá ann.

Beidh Gaeil na hÉireann ag súil go gcuirfidh dream éigin eile isteach ar an deontas seo roimh deireadh na seachtaine seo.

Maith sibh Foras na Gaeilge!

Gan Cead, Gan Ceadúnas‏

Teilifís éigeantach, seo scéal TG4!

Cuid 1, Cuid 2.

Dé Sathairn 25 Deireadh Fómhair 2008

Time

Scéal intinneach san iris Time fán Ghaeilg.

intinneach : suimiúil (interesting)

Dé hAoine 23 Bealtaine 2008

Deascéal 'Ceilteach'

Deascéal 'Ceilteach'.

Fá dheireadh, d'éirigh le muintir na Coirnise leagan scríofa aontaithe a aontú!

Is deascéal amach é sin dar liomsa, ar ndóigh chuir na scoilteanna mar gheall ar na leagain difríochta de isteach go mór mór ar iarrachtaí leis an teanga a athbheochanú.

Idir an dá linn, seo dhaoibh roinnt frasaí a ghoid mé ó Wikipedia! Kernewek Kemmyn atá i gceist.

Myttin da [ˈmɪttɪn ˈdaː] "maidin mhaith"
Dydh da [ˈdɪːð ˈdaː] "lá maith"
Fatla genes? [ˈfatla ˈgɛˑnɛs] "conas tá tú?"
Yn poynt da, meur ras [ɪn ˈpɔjnt ˈdaː mœːr ˈraːs] "go maith, go raibh maith agat"
Py eur yw hi? [ˈpɪː ˈœːr ɪw hiː] "Cad é an t-am atá ann?"
Ple'ma Rysrudh, mar pleg? [ˈplɛː maː ˈrɪˑzrɪð mar ˈplɛːg] "Cá bhfuil Redruth le bhur dtoil?"
Yma Rysrudh ogas dhe Gambron, heb mar! [ɪˈmaː ˈrɪˑzrɪð ˈɔˑgas ðɛ ˈgamːbrɔn hɛb ˈmaːr] "Tá Redruth congárach do Camborne, dar ndóigh!"


Dé Sathairn 17 Bealtaine 2008

Baiscis > Gaeilge

Seo chugaibh roinnt frasaí Baiscis go Gaeilge, bainígí sult.

Mionteanga is í an Bhaisis fosta faraor ach tá i mbun troda ar son teanga s'acu agus tá neart rudaí arbh urrainn linn mar Ghaeil a fhoghlaim astu.


Seo léarscáil teangeolaíochta do Thír na mBascach!


Kaixo. Dia duit
Epa! Iepa! Aupa!!.
Zer moduz? Cionnas tá tú?
Ondo, eskerrik asko. Go maith, Go raibh maith agat
Nor zara zu? Cé thusa?
Ni ______ naiz. Is mise ......
Pozten naiz zu ezagutzeaz. Is deas bualadh leat
Mesedez. le bhur dtoil
Eskerrik asko. Go raibh maith agat / agaibh
Ongi etorri. Fáilte
Aizu! gabh mo leithscéal
Barkatu gabh mo leithscéal / Gabhaim pardún
Agur Slán agat / agaibh
Aio Slán
Ez dakit euskaraz [ondo] hitz egiten Tá mé ar a' bheagán Baiscise.
Ingelesez hitz egiten al duzu? An bhfuil an Bhéarla agat?
Inork ba al daki ingelesez? An éinne anseo a bhfuil Béarla acu?
Lagundu! Cuidigh liom!
Egunon maidin mhaith
Arratsaldeon lá maith
Gabon.tráthnóna / coinfheascar mhaith
Bihar arte.("until tomorrow") oíche mhaith
Ez dut ulertzen Cha dtuigim / Ní thuigim
Non dago komuna? Cá bhfuil an leithreas
Non dago ______?
Cá bhfuil?

Dé Luain 12 Bealtaine 2008

Taighde an Rialtais

Tá a fhios agam go mbeadh cuid mhór daoine ag smaoineamh gur cur amú ama seo ach is é mo thuairim féin go bhfuil sé fíorthabhachtach go líonfaidh muidne a bhfuil cion againn ar ár dteanga is ar ár ndúchas an taighde seo isteach.

http://plean2028.ie/

Dé hAoine 2 Bealtaine 2008


Anocht i gCCA, Béal Feirste beidh an club oíche G-Spota ar siúil arís, b'fhiú do gach duine dult ann, bhí sé iontach maith an uair deireannach - tuilleadh ar ball beag.

Scéal eisiach - Beidh DJ Daithí ar na Deics! Respectus Maximus.

Agus tá nós* a haon ar fáil anois agus tá sé iontach amach. Nach aisteach gur rudaí gan deontais an dís togra seo?

Dé Sathairn 19 Aibreán 2008

Frasaí úsáideacha Béarla

Seo chugaibh roinnt abairtí Béarla a bheadh úsáideach thart ar na bailte móra agus nuair atá lucht na dtithe saoire ag iarraidh labhairt leat.

B’fhéidir nach leor duit an mart áitiúil níos mó leis an tiger seo atá anois ann?

Déanfaidh na frasaí seo an gnó an chuid is mó den am. Títear dom gur beag comhrá a dhéantar ag na hÉireannaigh Gallda san iomlán.

Déanfaidh mé tuilleadh a phostáil nuair a bhéas sé foghlamtha agam.

Béarla : Inglish /Inglis/
Dia duit : hello /théoló/, well /bhál/
Slán go fóill : bye bye /beidh beidh/
Le do thoil : please /pléas/
Go raibh maith agaibh: thanks /tancs/; thank you /tanc dhiú/
Gabh mo leithscéal : scuse me /scús mi/ , move /muimh/
An ceann seo : that wan there /dat bhán dér/
Cá mhéad? : much? /múit/
Sea : yis /dhiúos/
Ní hea : no /nó/
Ní thuigim : wha? /bhá?/
Cá bhfuil an leithreas? : whar’s tha bog? /bhárs dá bag/
Sláinte : slaancha /slááitchá /
An bhfuil Béarla agat? : are ye stupid? /ár dhé stiúpiod/, Can ye speak? /can dhé spáic?/
An bhfuil Gaeilge agat? : do ye have the cupla fowkill? /d’ dhiú haimh dá cupla fócál/

Dé Céadaoin 16 Aibreán 2008

Eadar-Ghaeilg I

Seo cáil de mo chuid smaointí maidir le Eadar-Ghaeilg, cha bheadh mórán daoine ag aontachadh liom, ach is rud é atá mé ag obair air agus is rud é atá mé paiseanta faoi. Beidh mé ag leanúint leis seo, fáilte roimh cuideachadh!

(Nótá - is urrain don siniú fada dul treo ar bith, is cuma).

Gàidhig - Gaeilge - Gaelg - Eadar-Ghaeilg (?)
Fàilte - Fáilte- Failt (Fáilt) -Fàilte
Halò - Haileo / Dia dhuit (trad., lit.: "God be with you") - Hello - Haló
Latha math - Lá maith - Laa mie (lá maith) - Lá maith

Ciamar a tha thu? / Dè mar a tha thu? /Cionnas tha thu? (Ros.)
Conas atá tú? / Cén chaoi a bhfuil tú? / Cad é mar atá tú?
Kys t'ou? (cionas tá thú?)
Cionnas tá tú?

Ciamar a tha sibh? -Conas atá sibh? - Kanys ta shiu? - Cionnas tá sibh

Madainn mhath - Maidin mhaith -Moghrey mie (móra maith) -Maidin mhaith

Feasgar math - Trathnóna maith (coinfheascar maith, Ulster) - Fastyr mie (Feastar maith - Feasgar maith

Oidhche mhath -Oíche mhaith - Oie vie (Oidhche mhaith) - Oíche mhaith

Ma 's e do thoil e - Más é do thoil é - My saillt (Más áil leat?) - Más é do thoil é

Ma 's e (bh)ur toil e - Más é bhur dtoil é - My salliu - Más é bhur dtoil é

Tapadh leat (Go rabh maith agad – Íle) -Go raibh maith agat -Gura mie ayd (go rabh maith agad) -Go raibh maith agat

Tapadh leibh - Go raibh maith agaibh -Gura mie eu (go rabh maith ‘aiú) -Go rabh maith agat

Dè an t-ainm a tha ort? - Cad é an t-ainm atá ort? (Cad is ainm duit?) - Cre'n ennym t'ort? (Crén ainm tá ort?) - ‘Dé an t-ainm atá ort?

Is mise... - Is mise... - Mish... (mise) -Is mise

Slàn leat (Mar sin leat) - Slán leat - Slane lhiat (Slán leat) - Slán leat
Slàn leibh - Slán libh - Slane lhiu (Slán liú) - Slán libh

Dè a tha seo? - Cad é seo? - Cre shoh? (Cré seo) - Caidé seo?

Slàinte - Sláinte -Slaynt (Sláint) - Sláinte

Dé Luain 31 Márta 2008

G-Spota


Fuair mé an dea-scéal seo ar maidin, bígí ann!

Beidh An G-Spota Ag oscailt Aoine 4ú Aibreán, 9:00in. An Club is úra, is snásta, is dána agus is Gaelaí ar an bhloc! An G-Spota, Aoine@ Cumann Chluain Ard, Béal Feirste!

Le DJanna, coolcheol, deochanna ar reic agus na Gaeil is gnéasúla i dtimpeallacht shuaimhneach agus tarraingteach, cá mbeidh tú féin ar an oíche oscailte, Aoine 4ú Aibreán?

Is buaicphointe é i bhféilire sóisialta na nGael oíche Aoine ag An G-Spota. Le snas úr curtha ar Chumann Chluain Ard, DJanna iontacha, ceol beo agus eile, tá úrchaighdeán ard leagtha síos ag An G-Spota do shiamsaíocht oíche trí Ghaeilge.Agus is leat féin An G-Spota seo!

Tá fáilte roimh Ghaeilgeoirí fud fad na hÉireann agus an domhain bheith linn ag An G-Spota. Tá naisc ag An G-Spota le Cumainn Gaelacha, Na Gaeil Óga agus eagrais eile fud fad na tíre, rud a chuireann go mór le heagsúlacht an chomhluadair ann.So... Ar aimsigh tú an spota go fóill?Bí linn, aimsigh An G-Spota!

Ag oscailt Aoine 4ú Aibreán, 9:00in"An G-Spota"Cumann Chluain Ard, Sráid na Sceiche, Béal Feirste .

Seo learscáil beag don té nach raibh riamh i gCumann Chluain Ard.

Scéilín eile : Chuala mé ar Bhlas aréir go bhfuil ócáid rialta ar siúl ag na daoine óga thíos ar an Mhullach Bán d'aos óg na Gaeilge thíos i ndeisceart Ard Mhacha. Tá sé speisialta de bhrí go bhfuil sé eagraithe ag na daoine óga iad féin - nach iontach amach sin.

De réir cosúlachta, bhí caoga duine óga ann an tseachtain seo caite nach raibh deich mbliain is scór slánaithe acu is iad uilig ag caint Gaeilge. Tá mé ag smaoineadh nach raibh triocha duine óg ag labhairt i nGaeilge in aon áit amháin in Ard Macha theas le 130 bhliain. Is ábhar dochais é sin dom.

Eolas : D'éirigh go breá leis an ócáid, bhí scaifte breá ann, bhí an ceol go hiontach agus bhí meón den scoith le mothú san áit. Caithfidh mé a rá fosta go raibh cuma fíordheas ar Chumann Chluain Ard lena chois. Beidh mé ag súil go mór leis an mhí seo chugainn!

Dé Domhnaigh 30 Márta 2008

Gaeilge > Fionlainnis

Seo chugaibh roinnt phrasaí Gaeilge > Fionlainnis.

Go raibh maith agat a Phanu as an eolas seo ach cén dóigh a deirtear na focail seo, an bhfeil naisc ar bith agat?


Fionlainnis : suomi
Dia duit: terve! hei! moi! morjens! moro!
Slán go fóill: näkemiin! terve sitten! hei sitten!
Le do thoil: ole hyvä
Go raibh maith agaibh: kiitos
Tá brón orm: anteeksi
An ceann seo: tämä (masc.)
Cá mhéad? : paljonko?
Sea (Yes): kyllä; joo; juu
Ní hea: ei
Ní thuigim: en ymmärrä
Cá bhfuil an leithreas?: missä on vessa?
Sláinte: kippis, skool
An bhfuil Béarla agat?: puhutko englantia?
An bhfuil Fionlainnis agat?: puhutko suomea?

Dé Luain 24 Márta 2008

nòs*

nòs* anois ar fàil agus is fearr è nà mar a bhì an tè is dochasaì dùinn ag sùil leis fiù!

Àbhar dochais atà ann agus is fianaise è nach bhfuil deontas de dhìth chun rud èigin fìormhaith a bhaint amach.

Mar a dùirt an tè a dùirt è, ‘tà sè sexyàilte agus cùl !’. Is rud fìorthabhachtach è sin, sin an rud a deir namhàid na Gaeilge nach fèidir a dhèanamh.

Silim gur fèidir le nòs* brabus a dhèanamh trìd fograìocht a dhìol ar an tsuìomh is istigh san iris fèin, agus nà bìgì ag smaoineamh nach mbeadh an cheart acu chun brabùs a dhèanamh, tà an cheart ceànn ag Gael chun teacht i dtìr is a bheadh ag Bèarlòir.

Cha dòigh liom àfach gur fèidir è a chlò-scrìobh agus brabùs a dhèanamh, tà mè ag smaoineadh go mbeadh an costas ollmhòr chun a leithead de rud a chur i gclò. Is dòigh liom go mbeadh deontas de dhìth chun sin a dhèanamh faraor.

An mbeadh na scrìobhneoirì sàsta a bheadh ag scrìobh ar son na cùise da mbeadh duine nò beirt eile ag fàil tuarastal? Silim go mbeadh, sa dòigh ceànna is a èirìonn le Raidiò Fàilte freastal ar a ndà thrà.

Is maith liom alt scrìofa i gcaighdeàn na hAlbain a fheiceàil, tà sùil agam do ndèanfaidh Èireannaigh iarracht a lèamh. Teanga / canàn amhàin atà inti dar liomsa.

Is iontach an rud è fosta, agus is àbhar dochais ar leith è fosta nà nach bhfuil oiread is botùn Gaeilge amhàin le mothù ann. Tà lucht na gramadaì trìna a chèile! Tà an leagan amach iontach chomh maith, tà tallann amuigh ansin i measc aos òg na nGael

Ach is è is fearr fà nòs*, thar aon rud eile nà go bhfuil sè i nGaeilge ach nì fàn Ghaeilge é. Foirfe.

Dé Luain 17 Márta 2008

Gearmáinis > Gaeilge

Seo cuid frásaí úsáideacha Gearmáinis > Gaeilge.
Here are some useful
Deutsch > Irische phrases.

Ach cad é mar a fhuaimnítear an Ghaeilge? Bain triall as an nasc seo mar thús.
But how is it pronounced? Try this link for starters.

Bitte. Le do thoil
Danke. Go raibh maith agat
Bitte schön. Go ndéanaí maith duit
Entschuldigung. Gabh mo leithscéal
Es tut mir leid. Gabh mo leithscéal
Guten Morgen. Maidin mhaith
Gute Nacht. Oíche mhaith
Sprechen Sie Englisch? An bhfuil Béarla agat?
Wie heißen Sie? Cad é an t-ainm atá ort?
Ich heiße X. Is mise X.
Das ist Y. Seo Y.
Wie geht es Ihnen? Conas tá tú?
Mir geht es gut, danke. Tá mé go breá, go raibh maith agat.
Ich bin froh, Sie kennenzulernen. Ba deas casadh ort.
Ich verstehe nicht. Ní thuigim.
Was haben Sie gesagt? Abair sin arís?

Dé Máirt 4 Márta 2008

Irish Blog Awards

Bhál, mar is eol do roinnt mhaith daoine, bhain mise, Gael gan Náire an chuid Gaeilge den Irish Blog Awards.

Tá mé millteanach sásta amach leis seo. Ar dhóigh mothaím rud beag áisteach fosta áfach, is é an rud atá ann ná go mothaím go bhfuil blagadóirí níos ionraice agus níos fearr amuigh ansin.


Níos ionraice de bhrí nach mbíonn clár oibre acu mar atá agam féin agus níos ionraice de bhrí go mbaintear úsáid as fíor-ainmneacha s'acu. Fair play ach baineann an blag seo le mo phróiseasanna smaointeoireachta fá chúis na Gaeilge agus is liom é mar sin.

Ar bhealach fosta silim go bhfuiltear ag buanú na stereotypes fá lucht na Gaeilge, mise anseo ag scríobh i nGaeilge fán Ghaeilge!

Tá mé anois iontach buartha nach mbeidh mé in inmhe smaoineadh ar rud ar bith a scríobh, nach orm atá an brú anois! Tá rud nó dhó le rá agam go fóill áfach, seans nach beag go mbeidh mé críochnaithe ina dhiaidh sin.

Mar fhocal scoir, tá mé idir dhá chomhairle fán blagadóireacht seo go fóill, an bhfuil sé go dona dúinn? Cogar, cha dóigh liom go bhfuil fadhb ar bith le blag den chineál seo ach silim go ndéanann na foraim damánta údaí dochar do dhaoine, is cinnte gur féidir a bheith gafa (gaibhte) leofa, sin ráite ba ar na foraim cainte a fuair mé cáil den smaointí taobh thiar den bhlag seo.

Go n-éirí an idirlíon libh.