Dé Máirt 4 Lúnasa 2009

Óráid Rónáin Mhic Aodh Bhuí ag oscailt Fhéile Chnoc Fola

Goideadh an píosa seo ón Druma Mór.

D’impigh an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí, ar mhuintir Ghaeltacht Chnoc Fola, agus Ghaoth Dobhair, greim a choinneáil ar an seoid is luachmhaire atá acu, An Ghaeilge, le linn dó a bheith ag tabhairt óráid oscailte Fhéile Chnoc Fola Dé hAoine seo ‘chuaigh thart.

Mhol sé an coiste eagraithe a dhéanann ceiliúradh ar an seansaol, ag an fhéile bhliantúil atá ar siúl ón bhliain 1985. Ag labhairt dó le linn dó a bheith ag oscailt féile na bliana seo, taobh amuigh do Theach Mhuiris, i mBun a Leaca, dúirt Mac Aodha Bhuí, go raibh an seansaol tábhachtach agus go bhfuil cuid mhór le foghlaim ó na seandaoine, agus go bhfuil Féile Chnoc Fola ag léiriú an chuid is fearr den seansaol.

“Ach sé an rud is mó a chaithfeas muid greim a choineáilt air, ná an tseoid is luachmhaire atá againn mar chine, mar phobal, sé sin ár dteangaidh féin, teangaidh a mhair sa cheantar seo, gan stad gan staonadh leis na mílte bliain.Pobal daoine nár umhlaigh ariamh roimh Ghall, nár lig do na Sasanaigh lámh an uachtar a fháil orthu ariamh, nuair a bhí ár dteangaidh agus ár nGaelachas buailte amach as cuid mhaith den tir.Dream bródúil, Gaeil Mhaithe, Éireannaigh maithe”.

“D’fhan muintir Chnoc Fola, Bhun a Leaca, Bhun an Inbhir, Mhín a Chladaigh, An Ghlaisigh, An Charraic, muintir an cheantair seo uilig dílis dá dteanga” adúirt sé “agus tá an chuid is mó de na daoine dílis go fóill”.Lean Mac Aodha Bhuí ar aghaidh :

“Ach tá’s againn uilig go bhfuil an Ghaeilge buailte go holc le deich mbliana anuas sna ceantracha Gaeltachta is láidre sna trí paróistí anseo. Tá níos mó agus níos mó daoine ag tógáil a gcuid páistí le Béarla, rud a fhágann nach mbeidh an Ghaeilge beo sa cheantar seo i bhfad eile, muna ndéanann muid rud inteacht fá dtaobh dó. Beatha teanga í á labhairt.

Throid daoine as an cheantar seo, agus as achan áit sa tír, in éadan na Sasanaigh a bhí ag iarraidh Sasanaigh beaga a dhéanamh as na hÉireannaigh. Fuair cuid mhór Éireannaigh maithe, Gaeil mhaithe, bás ar son ár dtíre agus á dteangaidh leis na céadta bliain.Thug siad drochbhail orainn, ar ár sinsear.Níor eirigh leis na Sasanaigh muid a chloí, muid a bhualadh, níor éirigh leo ár dteangaidh agus ár gcultur a bhaint dínn, ach anois, ar an drochuair, tá muintir s’againn féin ag tréigint na Gaeilge le tamall de bhlianta anuas.Labhair mé aroimhe fán dóigh ar mhair na hoícheantaí airneála, agus an seansaol anseo, ó ghlúin go glúin, leis na cianta, agus mhair an teangaidh ar an dóigh chéanna.

Ó Ghlúin go glúin, agus ó bhéal go béal.Muna dtugann muid an teangaidh ar aghaidh chuig an chéad glúin eile, beimid buailte, beidh deireadh linn mar phobal Gaeltachta, mar phobal atá bródúil mar Éireannaigh agus mar Ghaeil.Tír gan teangaidh, tír gan anam....Fad is a mhaireann pobal a labhrann teangaidh na tíre, maireann anam na tíre.Má ligeann muid don Ghaeilge bás a fháil, táimid ag ligint d’anam na tíre bás a fháil.

Bheireann achan uile shuirbhé, agus achan phíosa taighde a rinneadh le blianta, le fios, go bhfuil cumas acadúil, agus cumas foghlamtha na bpáistí a thógtar agus a fhaigheann a gcuid scolaíochta i nGaeilge, níos airde ná cumas na bpáisti a thógtar le teangaidh amháin, sé sin Béarla.

An páiste atá tógtha le Gaeilge, beidh Gaeilge ar dóigh, agus Béarla ar dóigh ag an pháiste sin, agus beidh sé i bhfad nios fusa ag an pháiste sin teangacha eile a fhoghlaim, agus ábhair scoile eile a fhoghlaim.

Nuair atá duine breá socúlach lena fhéiniúlacht féin, tá an duine sin níos foscailte d’achan chultúr eile ar Domhan.Nuair atá aithne mar is ceart agat ort féin, cuirfidh tú aithne níos fearr ar achan duine eile.Beidh an páiste atá tógtha le Gaeilge, bródúil, cliste, cumasach, agus misniúil.

Sé mo ghuí go bhfanfaidh pobal na háite seo, agus pobal na Gaeltachta uilig, dílis dá nGaelachas, dá nÉireannachas, go dtógfaimid ár gclann, agus go dtógfar clann ár gclainne lena dteangaidh fein, agus go mairfidh na Gaeil go deo”.

Dé hAoine 6 Feabhra 2009

Gaeilge Riachtanach do Lucht Imeartha Chluichí Gaelacha

Móra na maidinne dóibh a chairde,

Tá mé den bharúil gurbh é CLG ceann de na heagraíochtaí is tábhachtaí i saol na hÉireann agus i saol na nGael. Dá mbeadh gluaiseacht na Gaeilge incurtha leis bheadh linn.

Tá mé den tuairim go gcaithfidh muid an Ghaeilge a neartú i CLG (cumainn ar leith?). Mar sin de, chuireas an leabhrán beag seo le chéile, chan fheil sé thar moladh beirte ach tá súil agam go gcuirfear leis - le bhur gcuidiú! Goid é, athraigh é, feabhsaigh é, cuir chun tosaigh é, bímis ag screadaí i nGaeilg ar an pháirc!

Dé Domhnaigh 1 Feabhra 2009

Sléibhte

Abair liom a chairde Gaeil, an maith libh sléibhte?

Anois tá a fhios agam go ligeann na Gaill orthu féin gurbh bhreá linn mar Ghaeil is mar Cheiltigh iad agus gur roghaigh muid a bheith ag cur fúinn orthu seachas a thíos sa ghleann sa talamh maith!

An fáth a chuirim an cheist ná go raibh fonn orm cur in iúl dóibh go bhfuil suíomh maith ann a dhéananns cur síos ar shléibhte na hÉireann agus is minic a dhéanann sé cur síos ar na haimneacha atá orthu chomh maith, intinneach fosta do lucht na Gaeilge mar sin.

Mountain Views an teideal atá air, bainigí sult agus bígí curámach agus sibh thuas sa beannaí arda.

Déardaoin 22 Eanáir 2009

Cúirt an Mheáin Oíche

Is féidir Cúirt an Mheán Oíche a léamh anois ar líne anseo.

Nach iontach an achmhainn seo a bheith saor ón aisce ar líne, maith thú Nollaig Ó Fathaigh, fuair mé taifeadadh den dán ar na mallaibh i nGaeilg an Chláir ach cha raibh deis agam eisteacht leis go fóill.

Dé Luain 19 Eanáir 2009

Faclair

Tá Faclair Gáidhlig gu Beurla Dwelly anois ar fáil ar líne. Foclóir den scoth atá ann dar liomsa agus is é an foclóir is tábhachtaí dá bhfuil againn i nGaeilge na hAlbain agus i nGaeilge ar fad.

Dé Domhnaigh 11 Eanáir 2009

Vorbiţi româneşte?

Mórtheanga Laidineach eile - An Rómáinis. Nach intinneach cé chomh cosúil / coltach leis na cinn eile í.

Rud fá na focail servus agus ceau, bhál creidtear go dtig ciao / ceau as sciavo (slave), sin an chiall le servus i Laidin.

Rómáinis : limba română
Dia duit: Bună Ziua / Bună seara (sa tráthnóna)
Slán go fóill: Servus, Ceau
Le bhur thoil: vă rog
Go raibh maith agaibh: Mulţumesc
Cionnas tá tú? : Ce mai faceţi?
Go maith : bine
Tá brón orm: Pardon
Cá mhéad?: Cât costă?
Sea (Yes): Da
Ní hea: Nu
Ní thuigim: Nu înţeleg
Cá bhfuil an leithreas?: Unde este baia?
An bhfuil Béarla agat? vorbiţi engleză?