Déardaoin 24 Eanáir 2008

Canúint Dhoire go Gaeilge …

Is dócha go bhfuil muintir Dhoire théis titim amach liom i ndiaidh mo phost deireannach ach seo rud eile a bhaineann le cheathrú chathair na hÉireann.

Sa chéad dul síos bím in amhrás más féidir le lucht na Gaelscoileanna an teanga a fhoghlaíonn siad iontu a úsáid ina ngáthshaol, ar an iomlán. Cha bhíonn an fhoclóir iomlán acu don tsráid. Sin mo thaithí fhéin de, as a bheith ag obair iontu ar scór ar bith.

Mar sin, silim go gcaithfear Gaeilge a chur ar gháthchaint s’acu, an slang s'acu a chur ar fáil dóibh, béarlagair na sráideanna s'acu. Anois ar nós gach cathair eile, tá canúint agus béarlagair ar leith ag muintir Dhoire. Mar sin de ghoid mé an liosta focal seo ó Derryman, tá súil agam nach miste leis. Canúint bheo Dhoire atá ann, tá iarracht déanta agam fhéin chun Gaeilge a chur air, fáilte roimh ceartúchán nó tuairim ar bith eile.

a hanlin (a handling) – tá sé ina ciolar cait. affronted – náiriste. all loured - tá mé ar mhuin na muice. aye ryt - seadh, cinnte. aye surely – seadh, cinnte. bags – (ie. I bags sitting in the front seat) - liomsa! bars – scéal, scannal. bat in the mouth - dorn sa gob. batter on – dul ar aghaigh. belter - brilliant, iontach. big lump – putrachán. blocked - ólta. blootered - ólta. boggin – broghach. boulted – bhain sé as. brass neck (i.e. she has a brass neck) – tá sé de shotal aici. bucketin – cur báistí. burnie – . c' mere a minute - goitse bomáinte. c' mere hi – goitse a bhodaigh. cack – cac, cat – cac. catch yurself on –bíodh ciall agat. chancer – cearrbhach. chippy – tipí, c'mere but I … – aontaim leat ach ….class - ar fheabhas. cracker – den scoith. craic – spóirt. crips – brioscaí. culchie- tuathanach, sléibhteoir. dander –spaisteoireacht. dead on – maith ort, go breá, maith go leor. deadly – thar barr, ar dóigh, ar fheabhas, spreacúil. deef - bodhar. dry yer eyes – stad den chaoineadh (stop den a bheith ag gearáin). feardy custard – tá cré bhuí ionat! git away – ag magadh atá tú. git off – buail craiceann le … .headin – dul go dtí. hi – a chara, a mhic, a níon. how's she cutting – dé do chruth? i'm monkeyed! – ar maos leis an ól. jist - go díreach. lethal - millteanach / iontach maith, ar dóigh. ma - mam. magic hi - scoinneal / iontach. marra - amárach. mind - cuimhnigh. mon you – goitse, déan prainn. mouth – geabaire. mouth as wide a the Foyle – tá béal chomh mór le Doire ort. mucker – friend, cara. natter – comhluadar, comhrá. och dear aye – seadh, cinnte. och yer alright hi – go ndéana mhaith duit. on the rip – ar an ól. on the tear – ar an drabhláis. palatic – stucaigh. peelers - péilirí. plastered –stucaigh. sad about ye! - tá mo chroí briste agat. saunter – guailleáil. scranner - bochtán. slabber – clabaire. snotter box - gaothsán. sound – go maith, go breá / maith ort. stacks - neart, a lán, go leor. stick – spocadh faoi. them there – an dream úd. themins – iad siúd. wane – leabh / páiste. waster – diomailteoir, drabhlásóir. wee buns – fadhb ar bith. wee critter – créatúr beag. wee minute – bomainte beag. wee nadger – páiste beag. wile - millteanach, uafasach. wile civil – millteanach béasach. wile colour - dáth an bháis. wile dry – an tirim. wile lukin - míofar. wile strange - millteanach ait. wise up – bíodh ciall agat. watdat? - ’Dé sin. Worser – níos measa arís. Wrecked (tired) Claoidhte. yano? - An dtuigeann tú. yer man – mo dhuine ansin. yes boss – Anois a shaoi, anois a chara. yes hi – Anois. yankin! - thats disgusting! - sin cáidheach. yur heads a Marley - tá tú ar mire / as do mheabhair. yuve a neck on yee – nach dána thú.

Dé hAoine 11 Eanáir 2008

Tá Gaelg foast beó …

Tá an dúil agam i nGaeilg Eilean Mhanainn . Gaeilge atá ann, Gaelg a deir siad, cha chóir dúinn iad a mhaslú ag tabhairt ‘Manainnis’ ar chanúint s’acu.

Tugann go leor Gaeil in Éirinn neamhaird ar Ghaeil Mhanainn mar gheall ar chóras litriú s’acu, ach beatha teanga í a labhairt! Ach is é an córas litriú sin an rud is Mannainí faoi teanga, mar sin tá siadsan bródúil as agus is maith leo é.

Is é mo thuairimsea áfach, is mór an trua nach bhfuil corás litriú eile ar fáil dóibh fosta, arbh fhéidir le duine éinteach program ríomhaire a chruthú a aistríodh na focail ó litriú Mhanainn go gnáth-litriú na Gaeilge.

Tá siad ag déanamh jab maith leis an Ghaelg a chur chun cinn cé go bhfeil mé beagán buartha go bhfuil gluaiseacht s’acu ag dul anonn in aois anois. Ba bhreá liom freastal ar imeacht nó dhó ach tá sé fíor dhoiligh fáil amach faoi.

Is fiú agus is ceart do Ghaeil na hÉireann fios a bheith acu ar an chanúint seo, agus dar ndóigh, vice versa, chan fheil go leor Gaeil ann le bheith scoilte, bain trial as anseo. Seo cáil frásaí a bheadh úsáideach in Eilean Mhanainn, bainimis triall astu, tá siad scríofa sa litriú Gaelach chomh maith chun ‘tuigeáil’ a éascú.

Gaelg ‘the Manx language’, Failt (Fáilt’), Laa mie (lá maith), Kys t'ou? (cio[n]as tá thú?), Moghrey mie (móra maith), Fastyr mie (Feastar maith), Oie vie (Oidhche mhaith), My saillt (Más áil leat?), Gura mie ayd (go rabh maith agad), Gura mie eu (go rabh maith ‘aiú), Cre'n ennym t'ort? (Crén ainm tá ort?), Cre'n ennym t'erriu? (Crén ainm t’oraiú?), Mish... (mise), Slane lhiat (Slán leat), Slane lhiu (Slán liú), Cre shoh? (Cré seo), Slaynt (Sláint’)

Dé Luain 7 Eanáir 2008

Lá 'Nua'

Ceannaím gach lá agus cheannaigh ó bhí mé i mo ghasún. Bhain mé an sult as Lá le bliantaí anuas, tá sé radacach go leor dar liom agus is léamh riachtanach é do ghníomhaire Gaeilge ar bith atá ag iarraidh a bheith ar an eolas. Sin uilig ráite, tá Lá ag dul i léig ó thaobh ábhair is leagan amach de le tamall anuas ach tá súil Dé agam go dtiocfadh sé chuige féin roimh i bhfad.

Ní dóigh liom féin go bhfuil Lá claonta ó thaobh Sinn Féin de ar chór ar bith, mar a mhaítear in amanna, ach is cinnte liom go bhfuil Lá claonta ó thaobh na Gaeilge de.

De thairbhe gurb iad SF an páirtí is láidre ó thaobh na Gaeilge de, cé nach bhfuil siad maith go leor go fóill, seans go mbeadh cuma ar an scéal go bhfuil Lá ar son SF in amannaí agu ní nach ionadh nach mbeadh mórán tacaíocht ag dul do Fhine Gael agus na Lucht Oibre.

Chomh maith leis sin, is é Lá an t-aon páipéar uile-Éireann atá ann, mar sin de bhrí go votálann tromlach na náisiúnach agus tromlach na nGael ó thaobh ar son SF, ní féidir leo a bheith frith Sinn Féin sa dóigh is a bheadh meán na Sé Chontae is Fiche.

Caithfidh mé a rá áfach gur chóir go dtabharfadh Lá 'ardán' do níos mó daoine áfach, chun an díospóireacht a leathnú amach, b'fhéidir píosaí ón na blaganna? Cá bhfios. Chomh maith leis sin, ar an drochuair, caithfidh Lá freastal níos fearr a dhéanamh ar lucht foghlamtha na Gaeilge, leathanach sa lá dar liomsa. Sin an áit ina bhfuil muid.

Ar ndóigh, bíonn daoine ag gearáin i dtólamh fá chaighdeán na Gaeilge ann. Bíonn meáncóga ann go cinnte ach ní fiú a bheith ag diriú isteach air i gcónaí, ní fadhb ollmhór é.

Dé Céadaoin 2 Eanáir 2008

Eamon Ó Cuív

Tríd is tríd, is maith liom Eamon Ó Cuív, saoilim gurb é Eamó an tAire Gaeltacht is fearr dá rabh againn riamh. Creidim go mbíonn sé ag argáil ar son na Gaeilge ag an tabla is airde sa tír agus creidim go bhfuil sé dilis don teanga agus go dtuigeann sé cúis na Gaeilge.

Tógadh le Gaeilge é agus thóg sé a chlann féin le Gaeilge, conaíonn sé sa Ghaeltacht agus gach uair a chuala mé é ag labhairt ar ábhar na Gaeilge labhair sé go maith is go tuisceannach, rud nárbh fhéidir liom a rá fá mórán polaiteoirí eile, thuaidh nó theas.

Is cinnte gur cuma sa tsoic leis fá mheán Bhaile Átha Claith – ní mar gheall orthu atá sé sa Dáil ach mar gheall ar na daoine a thug votaí s’acu dó.

Tá meas ar leith agam ar sin. Tá barraíocht Gaeilgeoirí amuigh ansin a shíleann gur riachtanach géilleadh d'aineolas na nÉireannach neamhGhaelacha i dtólamh agus nár cheart dúinn mar Ghaeil a bheith ag iarraidh cothromais ar eagla go gcuirfeadh sé sin isteach ar Bhéarlóirí.

Ach, tugann an tAire Ó Cuív neamhaird ar fhuath na nGall don Ghaeilge agus leanann sé leis, is léir gur tábhachtaí leisean sláinte na Gaeilge ná 'mí-rún mór nan Gall'.

Tá meas agam ar sin.