Déardaoin 27 Nollaig 2007

Na Ceithearna Coille

Tugaim lán mo chuid tacaíochta do na Ceithearna Coille. Tá siad ag déanamh sár oibre dar liom, fiú más beag go fóill é.

Cuireann said isteach go mór mór ar shean-ghluaiseacht na Gaeilge go cinnte, iontach a deirim! Chlis air na dreamanna seo le ceithre scór bliain – fág an bealach a deir na CC leo. Feiceann siadsan ‘loitimeireacht’, ach tchím féin fonn troda is dóchas, tchím daoine óga atá sásta dul i mbun ghímh, agus is é an ghníomh ar an talamh an rud is mó atá de dhíth ar an Ghaeilge mar a bhíodh i gcónaí agus tá sé de cheart ag Gaeil an tuaiscirt na leagain cearta denár logainmneacha a fheiceáil, agus feicfidh, dóigh amháin nó dóigh eile.


No comments: