Dé Sathairn 29 Nollaig 2007

Sinn Féin agus an Ghaeilg …

Sa chéad dul síos creidim go bhfuil Sinn Féin ina bpáirtí is gaelaí in Éirinn, is iad an t-aon dream a bhfuil sé de pholasaí acu iad féin a ghaelú, chomh maith leis sin, tá roinn cultúir acu.

Sin ráite, níl siad maith go leor ar chór ar bith dar liom. Cad chuige? Níl Gaeilge ag mórán acu! Is beag Gaeilge a labhraítear ar chóir ar bith ach shílfeá go ndéanfadh siad iarracht níos fearr.

"You need not praise the Irish language, simply speak it."
Pádraig Mac Piaras, Uachtarán, Oide, Gael.

Ó thuaidh, tá an scéal truacanta amach, ní dóigh liom go dtiocfadh liom a rá go bhfuil Gaeilg mhaith ag MLA ar bith acu, cinnte tá Gaeilg ag Barra Mac Giolla Duibh agus ag Caitríona Ruane ach tá sé de dhualgas orthu a gcuid Gaeilg a fheabhsú. Is bocht an Ghaeilg atá ag Gerry Adams cé go bhfuil sé sásta í a labhairt, caithfidh sé dul i mbun foghlamtha – tá teach aige i nGort a’ Choirce, níl leithscéal a bith aige.

Ná daoine eile, is léir nach dtuigeann siad cad is náisiúnachas ar chór ar bith.

No comments: