Dé Sathairn 29 Nollaig 2007

Interlingua

Tá dubhspéis agam in Interlingua, seo roinnt sampla, is fearr liom Interlingua ná Esperanto de bhrí nach saoilim gur féidir canán iomlán a chumadh – caithfidh sé a bheith nadúrtha. Is féidir Interlingua a úsáid chun comársáid a bheith agat le cainteoir teanga románsúla ar bith – tá taithí agam ar seo. Cinnte, cha chludaíonn Interlingua ach Béarla agus na teangacha románsúla ach sin moll mór daoine!

B'fhéidir leagan úr de Sean-Slaivis na hEaglaise a úsáid chun na teangacha Slaivise a aontú?

Seo roinnt samplaí d’Interlingua …

Il es nihil = tá fáilte romhat, Salute! = Dia duit, Como sta vos? = Caidé mar atá tú?, Adeo = slán, A revider = tífidh mé thú, Gratias = go raibh maith agat, Multe Gratias = go raibh mile maith agat, Per favor = le do thoil, Pardona me = gabh mo leithscéal, Ben = maith, Mal = dona, Amico (m.), Amica (f.) = cara, Qual es vostre nomine? = caidé an t-ainm atá ort?
Il es un placer facer vostre cognoscentia = ba deas bualadh leat

No comments: