Dé Sathairn 29 Samhain 2008

Athchló

Seo alt ó La Nua, 17/11/08, tá súil agam nach miste leo mé a chur i gcló anseo, tá sé ar intinn agam nótaí a scríobh dó.

Páirtí Gaelach : Ní Smaoineamh maith é

Chuala mé caint anseo is ansiúd le tamall anuas, ar líne, sa teach tábhairne agus eile fá ‘Páirtí Gaelach’ a bhunú. Is smaoineamh é nach mbíonn fonn ar dhuine ar bith a lua ach amháin nuair nach bhfuil na páirtithe móra ag feidhmiú de réir thoil an phobail Ghaelaigh dar leo.

Sílim féin gur drochsmaoineamh amach is amach é ach amharcfaidh mé i dtosach báire ar na buanna arbh fhéidir a bheith leis. Admhaím gur aisling bhreá atá ann, leagan Éireannach de Phlaid Cymru nó ‘Comhaltas Gaelach’ fiú?Thiocfadh le páirtí Gaelach a bheith 100% ar son na Gaeilge agus dáiríre fúithi i gcónaí, bheadh tuiscint mar is ceart aige ar chúrsaí Gaeilge agus bheadh an rud ar fad eagraithe trí mheán na Gaeilge.

B’fhéidir go dtiocfadh le gluaiseacht pholaitiúil Ghaelach iachall a chur ar pholaiteoirí náisiúnacha áirithe a bheith dáiríre fán teanga, i. dul amach agus a foghlaim.B’fhéidir go mbeadh sé ábalta dul i ngleic go héifeachtach leis an seicteachas frithGhaelach a gcloíonn na haontachtóirí leis chomh dílis sin.

Ó dheas, thiocfadh le gluaiseacht pholaitiúil Ghaelach dul i ngleic mar is ceart le frithGhaelú i bhFine Gael agus I bpáirtí an Lucht Oibre agus b’fhéidir fimíneacht Fhianna Fáil a shoiléiriú fosta. Maith go leor, sin an aisling, seo anois an réaltacht. Is é an chéad rud a bheadh ar an chlár oibre ná an scoilt, ansin bheadh an dara scoilt ann, ansin an triú scoilt. Fá dheireadh na míosa bheadh 27.5 páirtí Gaelach ann.

Fiú taobh amuigh d’fhadhbanna le pearsantachtaí, agus is féidir a bheith cinnte nach mbeadh easpa liúdramán ag iarraidh a bheith ina mball den pháirtí, bheadh fiche fadhb idé-eolaíochta ann, agus ná déanaimis dearmad, chan ionann frithShinn Féineachas agus clár oibre polaitiúil.

Ansin, an mbeadh an páirtí seo ar an deis, ar an chlé, sa lár? Sóisialach nó coimeádach? Cén seasamh a bheadh ag an pháirtí ar chríochdheighilt na hÉireann? Poblachtach, neodrach fiú? Ní féidir le páirtí ‘aon ábhar’ mairstin. Bheadh seasaimh agus polasaithe eile de dhíth, agus ná déanaimis dearmad go mbíonn tuairimí éagsúla ag Gaeilgeoirí ar bheagnach gach ceist.

Anois, más féidir le daoine gach fadhb thuas a réiteach tá buncheist eile ann : An mbeadh tacaíocht ar bith ann dó? Sa chéad dul síos, tá eolas agam ar Ghaeilgeoirí agus tá mé cinnte go mbeadh gráin ag an mhórchuid acu ar Pháirtí Gaelach thar aon ghrúpa eile!

Fiú dá dtiocfadh le Páirtí Gaelach tacaíocht na nGael a shaothrú, an bhfuil go leor Gael ann in áit ar bith chun suíochán ar bith a bhaint. Sin ráite, caithfidh mé a admháil, fiú dá mba rud é go raibh 2% den daonra ag caitheamh vóta ar son an pháirtí, b’fhéidir leis an sciar beag sin tionchar a imirt ar na páirtithe móra.

Lena chois sin, a luaithe a bheadh Páirtí Gaelach ann, bheadh leithscéal ag lucht an frithGhaelaithe atá i bhfolach i ngach páirtí in Éirinn teacht amach in éadán na Gaeilge. B’fhearr liom iad a choinneáil ina dtost fiú más bréagach an tost céanna.

Thar aon rud eile áfach, tá mé dubh i gcoinne bhunú páirtí Ghaelaigh de bhrí nach bhfuil go leor gníomhairí teanga nó acmhainní airgeadais againn le cur amú ar pháirtí polaitiúil. Ba chóir do dhaoine a bhfuil spéis acu sa pholaitíocht dul isteach i cibé páirtí is maith leo agus cás na Gaeilge a dhéanamh ansin.

B’fhearr dúinn gluaiseacht na Gaeilge a athneartú, Conradh na Gaeilge agus na Gaeil Óga a láidriú agus a chur ag obair ar fud na hÉireann mar ghluaiseacht radacach ar son na teanga, fréamhaithe sa phobal, dírithe ar an réabhlóid agus ábalta tionchar a imirt ar gach polaiteoir agus gach páirtí. Seo comhairle ar an cheist ó Mháirtín Ó Cadhain.

No comments: