Dé Máirt 18 Samhain 2008

Ábhar do fhoghlaimeoirí

Thóg mé an píosa seo ó Lá Nua, 29/08/2008, tá súil agam nach miste leo agus tá súil agam go mbeidh cartlannaí Lá ann ar fáil ar líne go deo chomh maith.

Bhí fonn orm an píosa seo a chur ar fáil mar leagan do fhoghlaimeoirí.

Fáilte roimh cheist ar bith.

Plean Nua trí bliana don tSairdínis
Le Ciarán Dunbar

Beidh cuma dhátheangach ar an tSairdín as seo amach i ndiaidh do rialtas féinrialach na Sairdíne plean trí bliana a cheapadh ar son teangacha agus cultúr na Sairdíne a chothú, dírithe ar theangacha agus ar theagasc na Sairdínise ach go háirithe.

Is réigiún féinrialach an tSairdín taobh istigh de Phoblacht na hIodáile, agus faoi bhunreacht na hIodáile aithnítear na Sairdínigh mar popolo nó pobal ar leith. Roimh dheireadh na bliana seo chugainn, táthar ag súil go mbeidh cuireadh chun tairisceana foilsithe chun soláthar teilifíse idirlín agus digití a chur ar fáil, an bheirt acu sa tSardínís.

Cuirfidh an plean trí bliana seo an tSairdínis isteach i mbunscoileanna agus i meánscoileanna réigiúin féinriail na Sairdíne mar chuid de ghnáthchuraclam na scoile den chéad úr, cé go mbíonn an teanga in úsáid sna scoileanna ar bhun neamhoifigiúil.

D’ainneoin an easpa soláthair sin déantar cuid mhór staidéir ar an teanga taobh amuigh den scoil agus tá an litríocht láidir go leor ann agus déantar aistriúchán ó theangacha eile lena chois sin. Sna hollscoileanna, cuirfear airgead ar fáil d’institiúidí chun cúrsaí traenála do mhúinteoirí Sairdínise a chur ar fáil.Ar an taobh acadúil de, táthar ag súil go mbeidh atlas teangeolaíochta ann don tSairdínis, rud nach bhfuil déanta go fóill.

Chomh maith leis na príomhchanúintí Sairdínise, beidh tacaíocht ann fosta do na mionteangacha atá á labhairt san oileán ar nós Catalóinis in Algheur (Alghero), Gaddurese, Turritana agus Tabarchino, teangacha agus canúintí nach mbaineann leis an fhorbairt ón Laidin a tharla sa tSairdín amháin agus nach síltear mar Shairdínis mar is ceart.

Maireann canúint de chuid an Chatalóinis in Alghero mar gheall ar thionchar stairiúil na Catalóine sa tSairdín. De thoradh ar an phlean seo, beidh sé de dhualgas ar chúigí na Sairdíne cinntiú go bhfuil comharthaí bóithre dhátheangach agus go mbainfear úsáid as an teanga i dtograí áitiúla.

Tháinig athrú mór ar chúrsaí teanga agus ar ghníomhaíocht teanga sa tSairdín siar sna hochtóidí i ndiaidh eachtra dírí, dána amháin nuair a d’fhógair fostaí de chuid aerfoirt Alghero amanna na n-eilití in Iodáilis, i mBéarla ach ansin i gCatalóinis na Sairdíne go dúshlánach!

Mar gheall ar an ghníomh seo, chaill sé a phost agus daoradh sa chúirt é ach spreag an eachtra bheag seo glúin úr chun teacht amach ar son na teanga, rud a chinntigh stádas oifigiúil sa deireadh agus a chuir tús leis an phróiseas a chruthaigh an plean úr atá beartaithe.Aon duine, aon ghníomh díreach, réabhlóid teanga. Cá bhfios, b’fhéidir go mbeadh sé de mhisneach ag Gaeil Óg in Éirinn a leithéid a dhéanamh sa todhchaí agus b’fhurasta go leor an raic a shamhlú, go háirithe ó thuaidh.

Ní thig liom fanacht. Is í an tSairdínis nó Limba Sarda an príomhtheanga atá á labhairt sa tSairdín go fóill; tá an stádas sin i mbaol agus creidtear nach bhfuil ach leath de na daoine óga san oileán ag baint úsáid aisti.

Tá Sairdínis in úsáid go ginearálta i ndeisceart an oileáin agus i lár an oileáin, go háirithe ag daoine thar 35 nó mar sin agus bheadh daoine nach bhfuil iomlán líofacht san Iodáilis ina measc acu siúd go cinnte; sin ráite tá sí beagnach ruaigthe as na cathracha, as Castelleddu (Cagliari) ach go háirithe agus tá neart daoine óga ann inniu nach bhfuil Sairdínis ar bith acu, go háirithe aos óg na meánaicme.

Is teanga Rómánsach í an tSairdínis, cé go bhfuil fostratam pailéa-Sairdíneach ann, a d’fhorbair as an Laidin agus cé gurb é an chéad teanga a d’fhorbair mar theanga neamhspleách ón Laidin, is í ceann de na teangacha is coimeádaí agus is cóngaraí don Laidin go fóill í, go háirithe ó thaobh na bhfuaimeanna de.Ó thaobh na teanga féin, níl aon amhras ann ach go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na canúintí Sardu; is iad Campidenese, Nuorese agus Lugudorese na príomhchinn acu, agus gurbh fhéidir na difríochtaí seo an fhadhbanna tuisceanna a chruthú.

Títear domsa, áfach, go ndéanann daoine atá báúil don teanga a bheag de na difríochtaí agus go ndéanann daoine diúltacha a mhór daoibh. Chomh maith leis sin, is léir domsa go mbaintear úsáid as difríochtaí canúna chun an tSairdínis a fhágáil ar leataobh. Is é an dochar is mó a dhéanann na canúintí, áfach, go gcuireann siad bac ar úsáid na teanga mar theanga oifigiúil, ar chomhartha agus mar sin de nuair nach féidir leo aontú cad ab chóir a bheith ann, agus feictear cuid mhór comharthaí san oileán athraithe ag daoine áitiúla go dtí an fhoirm ab fhearr leo.

Cuireann na canúintí moill ar fhorbairt teanga liteartha sa lá atá inniu ann fosta agus cé go bhfuil ‘caighdeán’ ann, níl ach mionlach atá sásta leis. Tá canúintí Corso-Sairdínis ann i dtuaisceart an oileáin ach meastar iad mar Chorsaicis de ghnáth go ndéanann an uimhir iolra le –i nó –e seachas le –s mar atá sa tSairdínis mar is ceart, agus de bhrí go bhfuil an t-alt deifnídeach bunaithe ar an fhocal Laidin illum seachas ipsum mar atá in Sardu.

Níl aon amhras ann gur céim mhór chun tosaigh an plean úr seo do theangacha na Sairdíne agus go neartóidh sé teangacha an oileáin, ach is iontach cé chomh láidir is atá siad d’ainneoin an leithcheal a rinneadh ina n-éadan.

Thar aon rud eile, áfach, is é an amhránaíocht san tSairdínis an rud a chinntíonn todhchaí na Sairdínise. Tá an traidisiún ceoil atá acu an láidir ar fad, níos láidre ná ár dtraidisiúin féin fiú. Tá amhrán acu do gach imeacht an tsaoil seo, ón saolú go dtí an bás, is tábhachtaí sin ná plean ná reachtaíocht ar bith. Mar sin de, canaidís agus canaimis a deirim.

Faigh amach níos mó:
http://www.limbasarda.it/
http://www.ditzionariu.org/

an tSairdín : Sardina
féinrialach : autonomous
easpa soláthair : lack of provision
na príomhchanúintí : the main dialects
De thoradh ar : as a result of
fostaí : employee
líofacht : fluency
is coimeádaí : most conservative
daoradh sa chúirt é : he was convicted in court
báúil : favourable
amhránaíocht : act of singing
canaidís agus canaimis : let them sing and let us sing

No comments: