Dé Domhnaigh 23 Samhain 2008

Leagan d'fhoghlaimeoirí

Seo leagan d'alt a bhí ar La Nua 13/10/2008.

Sinn Féin agus an Ghaeilge
Le Ciaran Dunbar

Tá cuid mhór feirge ar Ghaeilgeoirí áirithe i láthair na huaire le Sinn Féin. Tá trí rud ar leith i gceist : easpa dul chun cinn déanta ag Conor Murphy maidir le comharthaíocht bhóthair; diúltú Chaitríona Ruane aitheantas a thabhairt do Choláiste Speirín; agus socrú Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le Lá Nua mar nuachtán laethúil.

Ní aontaím le seasamh ar bith acu cé go n-aithním go bhfuil tuairimí éagsúla i measc lucht labhartha na Gaeilge ar gach ceist acu. Chomh maith leis sin, caithfidh mé a aithint go bhfuil dul chun cinn déanta ag Conor Murphy ar cheist na comharthaíochta sa deireadh thiar thall. Maidir le Lá Nua de, áfach, is léir gur le Sinn Féin amháin atá an locht á fháil ag teachtairí áirithe.

Títear domsa go bhfuil Gaeilgeoirí fosaithe ar na comhaltaí ó Shinn Féin ar bhord an Fhorais thar aon dream eile. Cad chuige sin? Cad é an difear idir na comhaltaí eile ar bhord an Fhorais agus iad? An dáréag acu, an tromlach acu i bhfírinne. Char chuala mé oiread is focal amháin fúthu sin, caithfidh mé a rá. Nach bhfuil ceisteanna le freagairt acu sin fosta? An bhfuil sé sláintiúil nó éifeachtach an milleán ar fad a chur ar mhionlach amháin ar an bhord? Ní dóigh liom é.

Dar liomsa, bhí sé de mhisneach ag Eoghan Mac Cormaic teacht amach agus taobh s’aigesean den scéal a thabhairt; ba mhaith liom féin cloisteáil ó na daoine eile fosta.

Tá, agus bhíodh i gcónaí, an creideamh go láidir i measc cáil Gaeilgeoirí ó thuaidh nach mbaineann lucht Shinn Féin úsáid as an Ghaeilge ach ar a leas féin. Dar leis an chreideamh seo, níl Gráinne John Gráinne Ní Dhuibhsheannaigh (Mhic Ghéidigh), Pearse Doherty agus Caitríona Ruane, mar shampla, ar son na Gaeilge ar chor ar bith!

Anois, vótálann tromlach de náisiúntóirí an tuaiscirt do Shinn Féin ach bheinn féin den bharúil, áfach, go mbeadh a mhalairt fíor i measc lucht na Gaeilge agus creidim go bhfanann cuid mhór Gaeil sa bhaile seachas vóta ar bith a chaitheamh. Drochscéal agam dóibh siúd, ní thugann páirtí polaitiúil ar bith mórán airde ar na daoine a fhanann sa toigh.

Ar scor ar bith, níl meas madaidh agam féin ar dhaoine nach mbaineann úsáid as an vóta a thug daoine óga a mbeatha lena fháil dóibh: muna bhfuil tú sásta leis an rogha atá ann, bunaigh do pháirtí féin, a deirim.Mar sin de, is é mo thuairim nach bhfaigheann Sinn Féin mórán vótaí as seasamh s’acu ar an Ghaeilge idir.

Ní ar leas Shinn Féin seasamh s’acu ar an Ghaeilge, mar sin.Tá seasamh láidir ag Sinn Féin i leith na Gaeilge, ach is seasamh é nárbh fhéidir leo a chur i gcrích choíche. De thoradh air sin, tá an ‘barra níos airde’ ná mar a bheadh sé do pháirtí gur lú seasamh s’acu ar son na Gaeilge, ar nós an SDLP.

Cad chuige a bhíonn Sinn Féin ag brú ceist na Gaeilge mar sin? Dar liomsa, de bhrí go gcreideann siad inti, bun agus barr an scéil. Anois agus sin ráite agam, tá leath agaibh ar shiúl, slán libh!

Is cinnte nach féidir le gach Gaeilgeoir an tuairim sin a ghlacadh. Creideann cuid mhór Gael ó thuaidh gur leo féin amháin an Ghaeilge. Creidim féin gur le gach duine í. Poblachtánaigh san áireamh.

Ar an ábhar seo, cuirigí ceist ar Shinn Féineach ar bith a bhfuil Gaeilge aige agus déarfaidh sé leat: “Ní chuidíonn lucht na Gaeilge leo leis an teanga agus cás na teanga a bhrú chun tosaigh sa pháirtí de bhrí go dtuigeann na baill eile nach bhfaighidh siad buíochas ar bith as agus is ar an bhuíochas agus ar na vótaí atá an pholaitíocht bunaithe.”

An té nach bhfuil láidir, caithfidh sé a bheith glic; cuirimis brú ar gach páirtí ó thaobh na Gaeilge de i gcónaí ach tugaimis buíochas do pháirtí ar bith a dhéanann maitheas di.

Bainimis úsáid as an pholaitíocht go héifeachtach agus ní éifeacht ar bith é chun díriú isteach ar dhream amháin agus neamhaird a dhéanamh ar gach páirtí eile. Is é an pholaitíocht an t-ainm atá ar an phróiseas sin agus níl bealach ar bith thart air.

Ní leor frith-Shinn Féineachas.

comharthaíocht bhóthair : road signage
teachtairí áirithe : certain comentators
Ní dóigh liom é : I don't thinks so
níl meas madaidh agam : I have no respect
De thoradh air sin : as a result of that

No comments: