Dé Céadaoin 26 Samhain 2008

Athchló ó Lá

Seo athchló ar alt a bhí ar Lá Nua, 28/10/2008, tá súil agam nach miste leo, tá sé ar intinn agam notaí a chur leis do fhoghlaimeoirí.

Ar shraith an bháis

Tá Lá Nua anois ag fuireach ar shraith an bháis. Chan fhuil mórán dóchais ann anois go gcuirfidh an gobharnóir scairt chun stop a chur leis an bhású, níl an fonn sin air faraor.

Ná déanaimis dearmad gur stócach óg Lá Nua, ceithre bliana is fiche. Triail mar is ceart chan fhuair sé ach an oiread. Is éagóir atá ann dar le cuid mhór. Mhair Lá Nua ar an bheagán i gcónaí ar ndóigh, bealach amháin nó bealach eile, beo bocht den chuid is mó.

Le blianta beaga anuas, bhí Lá beo ar dheontas ó Fhoras na Gaeilge. ‘Hearóin na nGael’ a thugaim féin air sin agus go díreach cosúil le hearóin sráide bhí Lá gafa leis agus ag brath air. Sea, cosúil le hearóin féin, thug an deontas beocht ar leith do Lá, bhí sé iontach ag an tús, sin an fáth a nglacann daoine hearóin agus mar sin de, ach ansin bíonn siad gafa leis, mar a bhí Lá agus is eagal liom mar atá earnáil na Gaeilge uile go léir.

Bhásaigh Foras na Gaeilge Lá agus níl mé ag maíomh nach raibh cás ar bith acu. Ba bheag díolacháin Lá Nua i ndeireadh na dála, ach thug muid go léir an rópa agus an chumhacht dóibh chun sin a dhéanamh. Má ghlactar le deontais beidh tú gafa leo, níl neart ag an mhórchuid againn air, agus tú gafa leo, tá seans nach beag ann go bhfuil an bás I ndán duit sa deireadh.

Chan fhuil mise i gcoinne deontais amach is amach, ach ní dóigh liom gur ceart dúinn a bheith ag brath orthu go hiomlán mar a fheictear domhsa go bhfuil san am i láthair. Tá sé ró-chontúirteach. Is é an dóigh a bhfuil rudaí i láthair na huaire, ná go bhfuil sé de chumhacht ag Rialtas na Sasana agus Rialtas na Sé Chontae is Fiche deireadh a chur le hearnáil na Gaeilge in am ar bith is mian leo, tríd maoiniú Fhoras na Gaeilge a thachtadh agus mar sin de.

Tá mé ag rá seo le blianta ar ndóigh, agus dúirt daoine liom gurbh amadán mé. Seans mór go bhfuil cuid den cheart acu ach nach gcruthaíonn bású Lá Nua go bhfuil ar a laghad roinnt den fhírinne agam? Creidim go bhfuil géarghá le gluaiseacht deonach na Gaeilge a atógáil, chun gluaiseacht Gaeilge ar nós CLG a thógáil, cinnte a bheith sásta cúpla punt a ghlacadh anseo is ansiúd ach gan a bheith beo orthu, gan a bheith ag brath orthu go hiomlán.

Tá sé de dhualgas orainn Conradh na Gaeilge, na Gaeil Óga agus dá réir sin a athneartú gan mhoill sa dóigh is gur féidir linn a bheith ag obair saor ó dheontais, saor ó thionchar an fhorais agus inslithe ó ghéarchéimeanna airgeadais an tsaoil seo.

Sa Bhíobla Críostaí tá moladh ann gan do theach a thógáil ar ghaineamh ach chun é a bhunú ar charraig sa dóigh is nuair a thiocfas an tuile go mbeidh do theach slán sábháilte.

Tá tuile ag teacht chugainn, tugtar an géarchor airgeadais air. Faraor tá barraíocht d’earnáil na Gaeilge inniu bunaithe i ngaineamh na ndeontas seachas ar charraig na hoibre deonaí.

Tá Foras na Gaeilge ann chun ‘an Ghaeilge a chur chun cinn’. Cad is ciall dó sin? N’fheadar go díreach ach tá a fhios agam nach athbheochan na Gaeilge atá i gceist. Breast é mar 'dhul chun cinn'. Char mhaith liom mo theanga a bheith 'dulta chun cinn', ba mhaith liom í a bheith beo.

Creidim go raibh an ceart ag Máirtín Ó Cadhain nuair a mhaígh sé siar sna seachtóidí go raibh muid ceannaithe ag an ‘measúlacht’. Sin an chúis atá leis an Fhoras i mo bharúil, chun ár measúlacht a cheannach uainn.

Dúirt athair athbheochan na Breathnaise, Saunders Lewis, ‘Ba réabhlóid go smior é an teanga Bhreatnach a thabhairt ar ais sa mBreatain Bheag. Ar mhodhanna réabhlóide agus orthu sin amháin a bheas aon rath.’ Ná bíodh aon amhras ann, is coincheap réabhlóideach é teanga a athbheochan agus níl sé de nádúr ag státseirbhís réabhlóidí a éascú. A mhalairt atá fíor.

I ndeireadh na dála, tá Foras na Gaeilge go bunúsach mar chuid de státseirbhís na Sé Chontae is Fiche. Tá an stát sin sásta béalghrá a thabhairt don Ghaeilge agus Gaeilgeoirí a fhulaingt a fhad is nach mbíonn rath ar an Ghaeilge. Tá siad sásta go leor le dátheangachas de chineál éigin ach athbheochan na Gaeilge? Seans ar bith go ligfidh siad dó sin a tharlú. Is é príomhpholasaí an stáit ó dheas ó thaobh teanga de ná gan dochar a dhéanamh don Bhéarla in Éirinn. Fianaise ar bith agam? Bhí rath ar an Ghaelscolaíocht ó dheas le tríocha bliain anuas. Ar chothaigh siad é? Muise, níor chothaigh, cuireadh cosc ar thumoideachas fiú.

Mhaígh Foras na Gaeilge nach bhfuil margadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge. Iomlán an chirt acu. Ar an ábhar sin, níl margadh ann do nuachtán seachtainiúil ach oiread, nó TG4, Raidió Fáilte, beagnach rud ar bith trí mheán na Gaeilge. Is éard an rud a chaithfear a thuiscint áfach nach ionann ‘margadh’ agus gá.

Deireadh leis an ghearáin

Bhál, sin an racht ligthe ach cad a dhéanfaimid anois ar son ár nuachtáin laethúil. Tá neart cainte ar siúl fá láthair ach seo mo bheart simplí féin ar an cheist :

* Comharchumann a bhunú.
* Suíomh idirlín a bhunú.
* Painéal scríbhneoirí éagsúla a chur le chéile.
* Ábhar nuachta a chur ar an suíomh i rith an ama, caithfidh níos mó ná blag eile a bheith ann.
* Traenáil idirlín agus leagan amach páipéar a chur ar fail.
* ‘Rota’ a chur le chéile fá choinne leagan pdf. a dhéanamh den pháipéar ar bhonn seachtainiúil.
* Bunachar sonraí a chur le chéile agus an páipéar a sheoladh chuig daoine fríd an rphost.

Admhaím gur coimheádach go leor mo smaoineamh féin ach silim go gcaithfimid a bheith réalaíoch. Ní bheadh rath ar pháipéar clóite i láthair na huaire i mo thuairim féin. Caithfear lucht léite a thógáil ar líne ar dtús.

Tá mise ar fáil chun píosa a scríobh agus eile agus má tá cruinniú le bheith ann beidh mise ann, cé go dtugaim mo dheimhin daoibh go mbeidh mé ag imeacht a luaithe is a chluinfidh mé na focail seo a leanas, Foras na Gaeilge agus deontas.

Muna mbeadh seirbhís idirlín neamhspleách ar fad agus saor ó smacht an Fhorais, ní bheadh aon fheidhm leis ar chor ar bith.Tá go leor dea-thola, fuinnimh agus tallainne amuigh ansin i measc na nGael chun togra den chineál seo a dhéanamh go deonach ar fad. Íocfaidh fógraíocht as an suíomh idirlín agus eile.

Nós*

Léiríonn nós* gur féidir a dhéanamh. Tá áthas an domhain orm go mbeidh leagan clóite de nós* ar fáil le linn na seachtaine seo. Leagan speisialta a bheas ann ina mbeidh an chuid is fearr den iris go dtí seo le fáil.

Ní bhfuair nós* rud ar bith ón Fhoras agus is fearr dóibh sin san fhadtéarma dar liom. Tá nós* bunaithe ar thallann agus ar fhuinneamh na nGael Óg agus dar liomsa is é nós* an iris is fearr dá bhfuil ar fáil againn, d’ainneoin go bhfaigheann na cinn eile deontais, nó de bhrí nach bhfaigheann siad deontas?

Anois, tá sé beartaithe ag lucht nós* dul i mbun leagan clóite gach mí. Déanfar sin beag beann ar an Fhoras nó ar dhuine ar bith eile. Tá nós* ag brath ar thacaíocht ó lucht léite na Gaeilge agus tá sé geallta acu go rachaidh siad i mbun cló nuair a bhéas 300 síntiús díolta acu. Tá nós* ag iarraidh ar Ghaeilgeoirí teacht amach agus an iris a cheannach go díreach, chan ag iarraidh deirce.

Ní bhfuair siad ach 100 go dtí seo cé go bhfuil daoine ag rá le caoga bliain go bhfuil iris do dhaoine óga de dhíth – tá sé againn anois agus tá sé ar fheabhas. Le cuidiú Dé tá níos mó na céad Gaeilgeoir amuigh ansin sásta tacú le fiontraithe óga Gaeilge. Ná moltar é, ceannaítear é!

Lá Nua, 28/10/2008

No comments: