Dé Domhnaigh 30 Samhain 2008
Focal an Lae
Silím gurbh é Eamon De Valera a dúirt an friotal cainte thuas, arbh é?
Léiríonn sé mo dhearcadh féin cibé ar bith.
Dé Sathairn 29 Samhain 2008
Athchló
Páirtí Gaelach : Ní Smaoineamh maith é
Chuala mé caint anseo is ansiúd le tamall anuas, ar líne, sa teach tábhairne agus eile fá ‘Páirtí Gaelach’ a bhunú. Is smaoineamh é nach mbíonn fonn ar dhuine ar bith a lua ach amháin nuair nach bhfuil na páirtithe móra ag feidhmiú de réir thoil an phobail Ghaelaigh dar leo.
Sílim féin gur drochsmaoineamh amach is amach é ach amharcfaidh mé i dtosach báire ar na buanna arbh fhéidir a bheith leis. Admhaím gur aisling bhreá atá ann, leagan Éireannach de Phlaid Cymru nó ‘Comhaltas Gaelach’ fiú?Thiocfadh le páirtí Gaelach a bheith 100% ar son na Gaeilge agus dáiríre fúithi i gcónaí, bheadh tuiscint mar is ceart aige ar chúrsaí Gaeilge agus bheadh an rud ar fad eagraithe trí mheán na Gaeilge.
B’fhéidir go dtiocfadh le gluaiseacht pholaitiúil Ghaelach iachall a chur ar pholaiteoirí náisiúnacha áirithe a bheith dáiríre fán teanga, i. dul amach agus a foghlaim.B’fhéidir go mbeadh sé ábalta dul i ngleic go héifeachtach leis an seicteachas frithGhaelach a gcloíonn na haontachtóirí leis chomh dílis sin.
Ó dheas, thiocfadh le gluaiseacht pholaitiúil Ghaelach dul i ngleic mar is ceart le frithGhaelú i bhFine Gael agus I bpáirtí an Lucht Oibre agus b’fhéidir fimíneacht Fhianna Fáil a shoiléiriú fosta. Maith go leor, sin an aisling, seo anois an réaltacht. Is é an chéad rud a bheadh ar an chlár oibre ná an scoilt, ansin bheadh an dara scoilt ann, ansin an triú scoilt. Fá dheireadh na míosa bheadh 27.5 páirtí Gaelach ann.
Fiú taobh amuigh d’fhadhbanna le pearsantachtaí, agus is féidir a bheith cinnte nach mbeadh easpa liúdramán ag iarraidh a bheith ina mball den pháirtí, bheadh fiche fadhb idé-eolaíochta ann, agus ná déanaimis dearmad, chan ionann frithShinn Féineachas agus clár oibre polaitiúil.
Ansin, an mbeadh an páirtí seo ar an deis, ar an chlé, sa lár? Sóisialach nó coimeádach? Cén seasamh a bheadh ag an pháirtí ar chríochdheighilt na hÉireann? Poblachtach, neodrach fiú? Ní féidir le páirtí ‘aon ábhar’ mairstin. Bheadh seasaimh agus polasaithe eile de dhíth, agus ná déanaimis dearmad go mbíonn tuairimí éagsúla ag Gaeilgeoirí ar bheagnach gach ceist.
Anois, más féidir le daoine gach fadhb thuas a réiteach tá buncheist eile ann : An mbeadh tacaíocht ar bith ann dó? Sa chéad dul síos, tá eolas agam ar Ghaeilgeoirí agus tá mé cinnte go mbeadh gráin ag an mhórchuid acu ar Pháirtí Gaelach thar aon ghrúpa eile!
Fiú dá dtiocfadh le Páirtí Gaelach tacaíocht na nGael a shaothrú, an bhfuil go leor Gael ann in áit ar bith chun suíochán ar bith a bhaint. Sin ráite, caithfidh mé a admháil, fiú dá mba rud é go raibh 2% den daonra ag caitheamh vóta ar son an pháirtí, b’fhéidir leis an sciar beag sin tionchar a imirt ar na páirtithe móra.
Lena chois sin, a luaithe a bheadh Páirtí Gaelach ann, bheadh leithscéal ag lucht an frithGhaelaithe atá i bhfolach i ngach páirtí in Éirinn teacht amach in éadán na Gaeilge. B’fhearr liom iad a choinneáil ina dtost fiú más bréagach an tost céanna.
Thar aon rud eile áfach, tá mé dubh i gcoinne bhunú páirtí Ghaelaigh de bhrí nach bhfuil go leor gníomhairí teanga nó acmhainní airgeadais againn le cur amú ar pháirtí polaitiúil. Ba chóir do dhaoine a bhfuil spéis acu sa pholaitíocht dul isteach i cibé páirtí is maith leo agus cás na Gaeilge a dhéanamh ansin.
B’fhearr dúinn gluaiseacht na Gaeilge a athneartú, Conradh na Gaeilge agus na Gaeil Óga a láidriú agus a chur ag obair ar fud na hÉireann mar ghluaiseacht radacach ar son na teanga, fréamhaithe sa phobal, dírithe ar an réabhlóid agus ábalta tionchar a imirt ar gach polaiteoir agus gach páirtí. Seo comhairle ar an cheist ó Mháirtín Ó Cadhain.
Gné-Alt
Silím go bhfuil sé thar a bheith suimiúil.
Dé hAoine 28 Samhain 2008
Suíomh Idirlín Nua Seolta
Fuair an tionscnamh urraíocht ó Údarás na Gaeltachta.
Déardaoin 27 Samhain 2008
Nuacht
Tá seirbhís nuacht Gaeilge ar líne seolta ag an iriseoir Gaeilge Eoghain Ó Néill,
andrumamornuacht.blogspot.com/
Ar ndóigh, tá blag mór le rá aige cheanna, an druma mór , is doiligh leamsa a thuigbheál cad as a bhfuil an dara bhlag de dhíth ach chan mo ghnó é sin.
Ní thuigim cad chuige nach féidir leis na blagadóirí Gaeilge teacht le chéile fá scáth eagarthóir agus seirbhís nuacht ar líne a bhunú, mar a deirtear san alt thíos.
Dé Céadaoin 26 Samhain 2008
Athchló ó Lá
Ar shraith an bháis
Tá Lá Nua anois ag fuireach ar shraith an bháis. Chan fhuil mórán dóchais ann anois go gcuirfidh an gobharnóir scairt chun stop a chur leis an bhású, níl an fonn sin air faraor.
Ná déanaimis dearmad gur stócach óg Lá Nua, ceithre bliana is fiche. Triail mar is ceart chan fhuair sé ach an oiread. Is éagóir atá ann dar le cuid mhór. Mhair Lá Nua ar an bheagán i gcónaí ar ndóigh, bealach amháin nó bealach eile, beo bocht den chuid is mó.
Le blianta beaga anuas, bhí Lá beo ar dheontas ó Fhoras na Gaeilge. ‘Hearóin na nGael’ a thugaim féin air sin agus go díreach cosúil le hearóin sráide bhí Lá gafa leis agus ag brath air. Sea, cosúil le hearóin féin, thug an deontas beocht ar leith do Lá, bhí sé iontach ag an tús, sin an fáth a nglacann daoine hearóin agus mar sin de, ach ansin bíonn siad gafa leis, mar a bhí Lá agus is eagal liom mar atá earnáil na Gaeilge uile go léir.
Bhásaigh Foras na Gaeilge Lá agus níl mé ag maíomh nach raibh cás ar bith acu. Ba bheag díolacháin Lá Nua i ndeireadh na dála, ach thug muid go léir an rópa agus an chumhacht dóibh chun sin a dhéanamh. Má ghlactar le deontais beidh tú gafa leo, níl neart ag an mhórchuid againn air, agus tú gafa leo, tá seans nach beag ann go bhfuil an bás I ndán duit sa deireadh.
Chan fhuil mise i gcoinne deontais amach is amach, ach ní dóigh liom gur ceart dúinn a bheith ag brath orthu go hiomlán mar a fheictear domhsa go bhfuil san am i láthair. Tá sé ró-chontúirteach. Is é an dóigh a bhfuil rudaí i láthair na huaire, ná go bhfuil sé de chumhacht ag Rialtas na Sasana agus Rialtas na Sé Chontae is Fiche deireadh a chur le hearnáil na Gaeilge in am ar bith is mian leo, tríd maoiniú Fhoras na Gaeilge a thachtadh agus mar sin de.
Tá mé ag rá seo le blianta ar ndóigh, agus dúirt daoine liom gurbh amadán mé. Seans mór go bhfuil cuid den cheart acu ach nach gcruthaíonn bású Lá Nua go bhfuil ar a laghad roinnt den fhírinne agam? Creidim go bhfuil géarghá le gluaiseacht deonach na Gaeilge a atógáil, chun gluaiseacht Gaeilge ar nós CLG a thógáil, cinnte a bheith sásta cúpla punt a ghlacadh anseo is ansiúd ach gan a bheith beo orthu, gan a bheith ag brath orthu go hiomlán.
Tá sé de dhualgas orainn Conradh na Gaeilge, na Gaeil Óga agus dá réir sin a athneartú gan mhoill sa dóigh is gur féidir linn a bheith ag obair saor ó dheontais, saor ó thionchar an fhorais agus inslithe ó ghéarchéimeanna airgeadais an tsaoil seo.
Sa Bhíobla Críostaí tá moladh ann gan do theach a thógáil ar ghaineamh ach chun é a bhunú ar charraig sa dóigh is nuair a thiocfas an tuile go mbeidh do theach slán sábháilte.
Tá tuile ag teacht chugainn, tugtar an géarchor airgeadais air. Faraor tá barraíocht d’earnáil na Gaeilge inniu bunaithe i ngaineamh na ndeontas seachas ar charraig na hoibre deonaí.
Tá Foras na Gaeilge ann chun ‘an Ghaeilge a chur chun cinn’. Cad is ciall dó sin? N’fheadar go díreach ach tá a fhios agam nach athbheochan na Gaeilge atá i gceist. Breast é mar 'dhul chun cinn'. Char mhaith liom mo theanga a bheith 'dulta chun cinn', ba mhaith liom í a bheith beo.
Creidim go raibh an ceart ag Máirtín Ó Cadhain nuair a mhaígh sé siar sna seachtóidí go raibh muid ceannaithe ag an ‘measúlacht’. Sin an chúis atá leis an Fhoras i mo bharúil, chun ár measúlacht a cheannach uainn.
Dúirt athair athbheochan na Breathnaise, Saunders Lewis, ‘Ba réabhlóid go smior é an teanga Bhreatnach a thabhairt ar ais sa mBreatain Bheag. Ar mhodhanna réabhlóide agus orthu sin amháin a bheas aon rath.’ Ná bíodh aon amhras ann, is coincheap réabhlóideach é teanga a athbheochan agus níl sé de nádúr ag státseirbhís réabhlóidí a éascú. A mhalairt atá fíor.
I ndeireadh na dála, tá Foras na Gaeilge go bunúsach mar chuid de státseirbhís na Sé Chontae is Fiche. Tá an stát sin sásta béalghrá a thabhairt don Ghaeilge agus Gaeilgeoirí a fhulaingt a fhad is nach mbíonn rath ar an Ghaeilge. Tá siad sásta go leor le dátheangachas de chineál éigin ach athbheochan na Gaeilge? Seans ar bith go ligfidh siad dó sin a tharlú. Is é príomhpholasaí an stáit ó dheas ó thaobh teanga de ná gan dochar a dhéanamh don Bhéarla in Éirinn. Fianaise ar bith agam? Bhí rath ar an Ghaelscolaíocht ó dheas le tríocha bliain anuas. Ar chothaigh siad é? Muise, níor chothaigh, cuireadh cosc ar thumoideachas fiú.
Mhaígh Foras na Gaeilge nach bhfuil margadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge. Iomlán an chirt acu. Ar an ábhar sin, níl margadh ann do nuachtán seachtainiúil ach oiread, nó TG4, Raidió Fáilte, beagnach rud ar bith trí mheán na Gaeilge. Is éard an rud a chaithfear a thuiscint áfach nach ionann ‘margadh’ agus gá.
Deireadh leis an ghearáin
Bhál, sin an racht ligthe ach cad a dhéanfaimid anois ar son ár nuachtáin laethúil. Tá neart cainte ar siúl fá láthair ach seo mo bheart simplí féin ar an cheist :
* Comharchumann a bhunú.
* Suíomh idirlín a bhunú.
* Painéal scríbhneoirí éagsúla a chur le chéile.
* Ábhar nuachta a chur ar an suíomh i rith an ama, caithfidh níos mó ná blag eile a bheith ann.
* Traenáil idirlín agus leagan amach páipéar a chur ar fail.
* ‘Rota’ a chur le chéile fá choinne leagan pdf. a dhéanamh den pháipéar ar bhonn seachtainiúil.
* Bunachar sonraí a chur le chéile agus an páipéar a sheoladh chuig daoine fríd an rphost.
Admhaím gur coimheádach go leor mo smaoineamh féin ach silim go gcaithfimid a bheith réalaíoch. Ní bheadh rath ar pháipéar clóite i láthair na huaire i mo thuairim féin. Caithfear lucht léite a thógáil ar líne ar dtús.
Tá mise ar fáil chun píosa a scríobh agus eile agus má tá cruinniú le bheith ann beidh mise ann, cé go dtugaim mo dheimhin daoibh go mbeidh mé ag imeacht a luaithe is a chluinfidh mé na focail seo a leanas, Foras na Gaeilge agus deontas.
Muna mbeadh seirbhís idirlín neamhspleách ar fad agus saor ó smacht an Fhorais, ní bheadh aon fheidhm leis ar chor ar bith.Tá go leor dea-thola, fuinnimh agus tallainne amuigh ansin i measc na nGael chun togra den chineál seo a dhéanamh go deonach ar fad. Íocfaidh fógraíocht as an suíomh idirlín agus eile.
Nós*
Léiríonn nós* gur féidir a dhéanamh. Tá áthas an domhain orm go mbeidh leagan clóite de nós* ar fáil le linn na seachtaine seo. Leagan speisialta a bheas ann ina mbeidh an chuid is fearr den iris go dtí seo le fáil.
Ní bhfuair nós* rud ar bith ón Fhoras agus is fearr dóibh sin san fhadtéarma dar liom. Tá nós* bunaithe ar thallann agus ar fhuinneamh na nGael Óg agus dar liomsa is é nós* an iris is fearr dá bhfuil ar fáil againn, d’ainneoin go bhfaigheann na cinn eile deontais, nó de bhrí nach bhfaigheann siad deontas?
Anois, tá sé beartaithe ag lucht nós* dul i mbun leagan clóite gach mí. Déanfar sin beag beann ar an Fhoras nó ar dhuine ar bith eile. Tá nós* ag brath ar thacaíocht ó lucht léite na Gaeilge agus tá sé geallta acu go rachaidh siad i mbun cló nuair a bhéas 300 síntiús díolta acu. Tá nós* ag iarraidh ar Ghaeilgeoirí teacht amach agus an iris a cheannach go díreach, chan ag iarraidh deirce.
Ní bhfuair siad ach 100 go dtí seo cé go bhfuil daoine ag rá le caoga bliain go bhfuil iris do dhaoine óga de dhíth – tá sé againn anois agus tá sé ar fheabhas. Le cuidiú Dé tá níos mó na céad Gaeilgeoir amuigh ansin sásta tacú le fiontraithe óga Gaeilge. Ná moltar é, ceannaítear é!
Lá Nua, 28/10/2008
Dé Luain 24 Samhain 2008
Nuacht
Tá an BBC ag tuairisciú go bhfuil Gregory Campbell ag obair ar 'Regional Language Policy' agus go mbeidh páipéar roim an fheidhmeanas 'in due course'.
Chan ábhar iontais go bhfuil an Caimbeulach ag iarraidh an dá 'chanán' a phosadh, sin an polasaí a bhí ag an rialtas ó thuaidh le deich bhliain anuas.
Gné-Alt
Billy Armstrong ** (seans gur aistriúchán de Mac Thréinfhir é)
Roy Beggs Jr * (Beag)
David Burnside
Fred Cobain
Robert Coulter ** (seans gur Ó Coltair é)
Leslie Cree ***
Tom Elliott
Reg Empey
Sam Gardiner
Danny Kennedy * (Ceannaideach)
John McCallister * (Mac Alasdair)
David McClarty * (Mac Labhartaigh?)
Basil McCrea * (Mac Ráth)
Alan McFarland * (Mac Pharthaláin)
Michael McGimpsey * (Mac Diompsaigh)
David McNarry * (Mac Náraigh)
Ken Robinson
George Savage (ainm Normannach ab é ón tús ach Sabhaois an Ghaeilge atá air)
* (ainm Gaeilge)
** (seans gur ainm Gaeilge a bhí ann)
*** (logainm Gaeilge ag feidhmiú mar shloinne)
Mar sin, is sloinnte Gaelacha 8/18 acu, beagnach leath acu! Tá ceann amháin Normannach ach le leagan Gaeilge fadbunaithe aige, sin leath acu mar sin! Tá trúir eile arbh fhéidir baint a bheith acu leis an Ghaeilg.
Mar sin, an Gaeil iad leath den Pháirtí Aontachtach ó thuaidh? Cén fáth an fuath mar sin?
Dé Domhnaigh 23 Samhain 2008
Leagan d'fhoghlaimeoirí
Sinn Féin agus an Ghaeilge
Le Ciaran Dunbar
Tá cuid mhór feirge ar Ghaeilgeoirí áirithe i láthair na huaire le Sinn Féin. Tá trí rud ar leith i gceist : easpa dul chun cinn déanta ag Conor Murphy maidir le comharthaíocht bhóthair; diúltú Chaitríona Ruane aitheantas a thabhairt do Choláiste Speirín; agus socrú Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le Lá Nua mar nuachtán laethúil.
Ní aontaím le seasamh ar bith acu cé go n-aithním go bhfuil tuairimí éagsúla i measc lucht labhartha na Gaeilge ar gach ceist acu. Chomh maith leis sin, caithfidh mé a aithint go bhfuil dul chun cinn déanta ag Conor Murphy ar cheist na comharthaíochta sa deireadh thiar thall. Maidir le Lá Nua de, áfach, is léir gur le Sinn Féin amháin atá an locht á fháil ag teachtairí áirithe.
Títear domsa go bhfuil Gaeilgeoirí fosaithe ar na comhaltaí ó Shinn Féin ar bhord an Fhorais thar aon dream eile. Cad chuige sin? Cad é an difear idir na comhaltaí eile ar bhord an Fhorais agus iad? An dáréag acu, an tromlach acu i bhfírinne. Char chuala mé oiread is focal amháin fúthu sin, caithfidh mé a rá. Nach bhfuil ceisteanna le freagairt acu sin fosta? An bhfuil sé sláintiúil nó éifeachtach an milleán ar fad a chur ar mhionlach amháin ar an bhord? Ní dóigh liom é.
Dar liomsa, bhí sé de mhisneach ag Eoghan Mac Cormaic teacht amach agus taobh s’aigesean den scéal a thabhairt; ba mhaith liom féin cloisteáil ó na daoine eile fosta.
Tá, agus bhíodh i gcónaí, an creideamh go láidir i measc cáil Gaeilgeoirí ó thuaidh nach mbaineann lucht Shinn Féin úsáid as an Ghaeilge ach ar a leas féin. Dar leis an chreideamh seo, níl Gráinne John Gráinne Ní Dhuibhsheannaigh (Mhic Ghéidigh), Pearse Doherty agus Caitríona Ruane, mar shampla, ar son na Gaeilge ar chor ar bith!
Anois, vótálann tromlach de náisiúntóirí an tuaiscirt do Shinn Féin ach bheinn féin den bharúil, áfach, go mbeadh a mhalairt fíor i measc lucht na Gaeilge agus creidim go bhfanann cuid mhór Gaeil sa bhaile seachas vóta ar bith a chaitheamh. Drochscéal agam dóibh siúd, ní thugann páirtí polaitiúil ar bith mórán airde ar na daoine a fhanann sa toigh.
Ar scor ar bith, níl meas madaidh agam féin ar dhaoine nach mbaineann úsáid as an vóta a thug daoine óga a mbeatha lena fháil dóibh: muna bhfuil tú sásta leis an rogha atá ann, bunaigh do pháirtí féin, a deirim.Mar sin de, is é mo thuairim nach bhfaigheann Sinn Féin mórán vótaí as seasamh s’acu ar an Ghaeilge idir.
Ní ar leas Shinn Féin seasamh s’acu ar an Ghaeilge, mar sin.Tá seasamh láidir ag Sinn Féin i leith na Gaeilge, ach is seasamh é nárbh fhéidir leo a chur i gcrích choíche. De thoradh air sin, tá an ‘barra níos airde’ ná mar a bheadh sé do pháirtí gur lú seasamh s’acu ar son na Gaeilge, ar nós an SDLP.
Cad chuige a bhíonn Sinn Féin ag brú ceist na Gaeilge mar sin? Dar liomsa, de bhrí go gcreideann siad inti, bun agus barr an scéil. Anois agus sin ráite agam, tá leath agaibh ar shiúl, slán libh!
Is cinnte nach féidir le gach Gaeilgeoir an tuairim sin a ghlacadh. Creideann cuid mhór Gael ó thuaidh gur leo féin amháin an Ghaeilge. Creidim féin gur le gach duine í. Poblachtánaigh san áireamh.
Ar an ábhar seo, cuirigí ceist ar Shinn Féineach ar bith a bhfuil Gaeilge aige agus déarfaidh sé leat: “Ní chuidíonn lucht na Gaeilge leo leis an teanga agus cás na teanga a bhrú chun tosaigh sa pháirtí de bhrí go dtuigeann na baill eile nach bhfaighidh siad buíochas ar bith as agus is ar an bhuíochas agus ar na vótaí atá an pholaitíocht bunaithe.”
An té nach bhfuil láidir, caithfidh sé a bheith glic; cuirimis brú ar gach páirtí ó thaobh na Gaeilge de i gcónaí ach tugaimis buíochas do pháirtí ar bith a dhéanann maitheas di.
Bainimis úsáid as an pholaitíocht go héifeachtach agus ní éifeacht ar bith é chun díriú isteach ar dhream amháin agus neamhaird a dhéanamh ar gach páirtí eile. Is é an pholaitíocht an t-ainm atá ar an phróiseas sin agus níl bealach ar bith thart air.
Ní leor frith-Shinn Féineachas.
comharthaíocht bhóthair : road signage
teachtairí áirithe : certain comentators
Ní dóigh liom é : I don't thinks so
níl meas madaidh agam : I have no respect
De thoradh air sin : as a result of that
Dé Sathairn 22 Samhain 2008
Nuacht
- Cead do Scoileanna Gaeilge úra
Tá Comhairle na Gaeltachta in Albain ar son dhá scoil Gaeilge úr a bhunú.
D’aontaigh Comataidh Foghlaim Comhairle na Gàidhealtachd i bprionsabail chun scoileanna Gaeilge ar leith a bhunú sa Ghearadan agus i bPort Rígh san Oileán Sgitheanach.
Tá cainteanna le bheith ann anois le Riaghaltas na h-Alba agus Bòrd na Gàidhlig le feiceáil más féidir airgead caipitil a fháil don togra.
A' chiad shoidhne Gàidhlig gus dol suas ann an Gallaibh -
An chéad comhartha Gaeilge ag dul suas sna Gallaibh
Tá sé aontaithe go gcrochfar an chéad comhartha Gaeilge suas sna Gallaibh.
Tá cròileagan Gàidhlig nó naíscoil Gaeilge in Inbhir Theòrsa ag iarraidh comhartha Gaeilge taobh amuigh foirgneamh s’acu.
Is cosúil go raibh comhartha Gaeilge acu le fhada ach gur imigh sé leir ar bhealach éigin agus go bhfuil siad ga iarradh air ais.
Ar ndóigh, tá comhairleoirí as Gallaibh in aghaidh polasaí Gaeilge na Comhairle ach tá amhrás léirithe ag cathaoirleach Choiste na Gaeilge an chomhairle, Hamish Friseal go bhfuil comhairleoirí Ghallaibh ar aon fhocal le muintir na dúiche. Dar leis : "Tha (an cròileagan) deònach sealltainn (amharc) chun an t-saoghail cha-mhòr, gu bheil daoine air cùl na Gàidhlig anns an sgìre, Bha mi shuas dhà no trì tursan anns na seachdainnean a dh'fhalbh, Bha mi a' cluinnteil dhaoine a' bruidhinn mu deidhinn, ach cha robh mi a' cluinnteil rud sam bith an aghaidh na Gàidhlig."
cròileagan : naíscoil
Dé hAoine 21 Samhain 2008
Nuacht
Ar ndóigh, tháinig an DUP amach ina choine go láithreach bonn.
Barúil
Bhí mise i gcónaí i measc na ndaoine siúd a cheannaigh Lá gach Lá, cuid den Lá a bhí ann, fiú nuair a bhí sí go holc agus muise leoga bhí sé go holc in amannaí.
Feadaím a rá nach dtuigfidh daoine cad atá caillte againn go dtí nach mbeidh Lá Nua ar fáil, seanchara de mo chuid atá inti, crónfaidh mé í.
Breast iad siúd atá ar bís le bás ár Lá.
Beir bua.
Déardaoin 20 Samhain 2008
Nuacht
Dar le POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge, tá Acht na Gaeilge ar cheann do na ceisteanna is bunúsaí i dTÉ faoi láthair agus go gcaithfidh na polaiteoirí cur chuige nua a aimsiú. Dúirt Janet Muller, príomhfheidhmeannach POBAL, eagraíocht atá i ndiaidh obair cheannródaíoch ar an reachtaíocht a fhorbairt agus a stiúradh, ‘Ní bhaineann an cheist seo le teanga amháin. Baineann sí le comhlíonadh ghealltanais rialtasach, déanta ag an leibhéal is airde; baineann sí leis an chaidreamh idir an phobal ar an tallamh agus na polaiteoirí; baineann sí le cumas an Tionóil cinntí a ghlacadh ar son an phobail ar fad. Go dtí seo, tá teip glan déanta i dtaca leis an 3 gné seo. Ach, tá an cheist iontach simplí. I 2006, chuir POBAL moltaí maidir le hAcht na Gaeilge chun tosaigh ar dtacaigh an mórphobal leo. Le linn do dhá phróiseas comhairliúcháin i 2006-7, fuair muid tacaíocht as cuimse dár moltaí. Tá easpa mheasa ar bharúlacha an phobail le feiceáil go soiléir i ngníomhartha roinnt do na polaiteoirí. Mura bhfuil na polaiteoirí áitiúla ioncurtha le sochaí úr a thógáil, caithfidh rialtas na Breataine Acht na Gaeilge a reachtú ag Westminster.’
Dúirt sí go mbeadh POBAL ag bualadh go luath le hionadaithe Pháirtí na Chomhghualaíochta go luath, agus le hionadaithe an Chomhairle Thuaidh-Theas le hAcht na Gaeilge a phlé.
Nuacht
Sin atá a fhogairt acu, ní mar sin a bheas sé ar ndóigh agus is polaitiúil an rud atá ar bun acu féin. Tuilleadh eolais ar ball.
Tá an cheart ar fad ag Lá Nua ar maidin áfach, tá 'cur chuige aontaithe' de dhíth.
'Tá Sinn Féin ag iarraidh Acht na Gaeilge go fóill' - Kelly
Tá ráiteas anois eisithe ag Gerry Kelly ag dearbhú go bhfuil an páirtí ag iarraidh Acht na Gaeilge go fóill.
Dé Céadaoin 19 Samhain 2008
Nuacht
Tá Ball Tionóil do Ard Mhacha Theas don SDLP, an Gael Dominic Ó Brollacháin théis Bille Príobháideach a lóisteáil le Oifig um Billí sa Tionól.
Is cainteoir fileata Gaeilge é Dominic a labhranns Gaeilg chuile uair a fhaigheanns sé an deis.
Is céim mhór chun tosaigh é seo, chan fhuil seans ar bith ann go rachaidh sé fríd ach is fiú an iarracht a dhéanamh.
Táthar ag súil go mbeidh tuilleamh eolais ar an scéal seo ar ball.
Seo an scéal i mBéarla don té atá dilis don canán sin.
Dé Máirt 18 Samhain 2008
Ábhar do fhoghlaimeoirí
Bhí fonn orm an píosa seo a chur ar fáil mar leagan do fhoghlaimeoirí.
Fáilte roimh cheist ar bith.
Plean Nua trí bliana don tSairdínis
Le Ciarán Dunbar
Beidh cuma dhátheangach ar an tSairdín as seo amach i ndiaidh do rialtas féinrialach na Sairdíne plean trí bliana a cheapadh ar son teangacha agus cultúr na Sairdíne a chothú, dírithe ar theangacha agus ar theagasc na Sairdínise ach go háirithe.
Is réigiún féinrialach an tSairdín taobh istigh de Phoblacht na hIodáile, agus faoi bhunreacht na hIodáile aithnítear na Sairdínigh mar popolo nó pobal ar leith. Roimh dheireadh na bliana seo chugainn, táthar ag súil go mbeidh cuireadh chun tairisceana foilsithe chun soláthar teilifíse idirlín agus digití a chur ar fáil, an bheirt acu sa tSardínís.
Cuirfidh an plean trí bliana seo an tSairdínis isteach i mbunscoileanna agus i meánscoileanna réigiúin féinriail na Sairdíne mar chuid de ghnáthchuraclam na scoile den chéad úr, cé go mbíonn an teanga in úsáid sna scoileanna ar bhun neamhoifigiúil.
D’ainneoin an easpa soláthair sin déantar cuid mhór staidéir ar an teanga taobh amuigh den scoil agus tá an litríocht láidir go leor ann agus déantar aistriúchán ó theangacha eile lena chois sin. Sna hollscoileanna, cuirfear airgead ar fáil d’institiúidí chun cúrsaí traenála do mhúinteoirí Sairdínise a chur ar fáil.Ar an taobh acadúil de, táthar ag súil go mbeidh atlas teangeolaíochta ann don tSairdínis, rud nach bhfuil déanta go fóill.
Chomh maith leis na príomhchanúintí Sairdínise, beidh tacaíocht ann fosta do na mionteangacha atá á labhairt san oileán ar nós Catalóinis in Algheur (Alghero), Gaddurese, Turritana agus Tabarchino, teangacha agus canúintí nach mbaineann leis an fhorbairt ón Laidin a tharla sa tSairdín amháin agus nach síltear mar Shairdínis mar is ceart.
Maireann canúint de chuid an Chatalóinis in Alghero mar gheall ar thionchar stairiúil na Catalóine sa tSairdín. De thoradh ar an phlean seo, beidh sé de dhualgas ar chúigí na Sairdíne cinntiú go bhfuil comharthaí bóithre dhátheangach agus go mbainfear úsáid as an teanga i dtograí áitiúla.
Tháinig athrú mór ar chúrsaí teanga agus ar ghníomhaíocht teanga sa tSairdín siar sna hochtóidí i ndiaidh eachtra dírí, dána amháin nuair a d’fhógair fostaí de chuid aerfoirt Alghero amanna na n-eilití in Iodáilis, i mBéarla ach ansin i gCatalóinis na Sairdíne go dúshlánach!
Mar gheall ar an ghníomh seo, chaill sé a phost agus daoradh sa chúirt é ach spreag an eachtra bheag seo glúin úr chun teacht amach ar son na teanga, rud a chinntigh stádas oifigiúil sa deireadh agus a chuir tús leis an phróiseas a chruthaigh an plean úr atá beartaithe.Aon duine, aon ghníomh díreach, réabhlóid teanga. Cá bhfios, b’fhéidir go mbeadh sé de mhisneach ag Gaeil Óg in Éirinn a leithéid a dhéanamh sa todhchaí agus b’fhurasta go leor an raic a shamhlú, go háirithe ó thuaidh.
Ní thig liom fanacht. Is í an tSairdínis nó Limba Sarda an príomhtheanga atá á labhairt sa tSairdín go fóill; tá an stádas sin i mbaol agus creidtear nach bhfuil ach leath de na daoine óga san oileán ag baint úsáid aisti.
Tá Sairdínis in úsáid go ginearálta i ndeisceart an oileáin agus i lár an oileáin, go háirithe ag daoine thar 35 nó mar sin agus bheadh daoine nach bhfuil iomlán líofacht san Iodáilis ina measc acu siúd go cinnte; sin ráite tá sí beagnach ruaigthe as na cathracha, as Castelleddu (Cagliari) ach go háirithe agus tá neart daoine óga ann inniu nach bhfuil Sairdínis ar bith acu, go háirithe aos óg na meánaicme.
Is teanga Rómánsach í an tSairdínis, cé go bhfuil fostratam pailéa-Sairdíneach ann, a d’fhorbair as an Laidin agus cé gurb é an chéad teanga a d’fhorbair mar theanga neamhspleách ón Laidin, is í ceann de na teangacha is coimeádaí agus is cóngaraí don Laidin go fóill í, go háirithe ó thaobh na bhfuaimeanna de.Ó thaobh na teanga féin, níl aon amhras ann ach go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na canúintí Sardu; is iad Campidenese, Nuorese agus Lugudorese na príomhchinn acu, agus gurbh fhéidir na difríochtaí seo an fhadhbanna tuisceanna a chruthú.
Títear domsa, áfach, go ndéanann daoine atá báúil don teanga a bheag de na difríochtaí agus go ndéanann daoine diúltacha a mhór daoibh. Chomh maith leis sin, is léir domsa go mbaintear úsáid as difríochtaí canúna chun an tSairdínis a fhágáil ar leataobh. Is é an dochar is mó a dhéanann na canúintí, áfach, go gcuireann siad bac ar úsáid na teanga mar theanga oifigiúil, ar chomhartha agus mar sin de nuair nach féidir leo aontú cad ab chóir a bheith ann, agus feictear cuid mhór comharthaí san oileán athraithe ag daoine áitiúla go dtí an fhoirm ab fhearr leo.
Cuireann na canúintí moill ar fhorbairt teanga liteartha sa lá atá inniu ann fosta agus cé go bhfuil ‘caighdeán’ ann, níl ach mionlach atá sásta leis. Tá canúintí Corso-Sairdínis ann i dtuaisceart an oileáin ach meastar iad mar Chorsaicis de ghnáth go ndéanann an uimhir iolra le –i nó –e seachas le –s mar atá sa tSairdínis mar is ceart, agus de bhrí go bhfuil an t-alt deifnídeach bunaithe ar an fhocal Laidin illum seachas ipsum mar atá in Sardu.
Níl aon amhras ann gur céim mhór chun tosaigh an plean úr seo do theangacha na Sairdíne agus go neartóidh sé teangacha an oileáin, ach is iontach cé chomh láidir is atá siad d’ainneoin an leithcheal a rinneadh ina n-éadan.
Thar aon rud eile, áfach, is é an amhránaíocht san tSairdínis an rud a chinntíonn todhchaí na Sairdínise. Tá an traidisiún ceoil atá acu an láidir ar fad, níos láidre ná ár dtraidisiúin féin fiú. Tá amhrán acu do gach imeacht an tsaoil seo, ón saolú go dtí an bás, is tábhachtaí sin ná plean ná reachtaíocht ar bith. Mar sin de, canaidís agus canaimis a deirim.
Faigh amach níos mó:
http://www.limbasarda.it/
http://www.ditzionariu.org/
an tSairdín : Sardina
féinrialach : autonomous
easpa soláthair : lack of provision
na príomhchanúintí : the main dialects
De thoradh ar : as a result of
fostaí : employee
líofacht : fluency
is coimeádaí : most conservative
daoradh sa chúirt é : he was convicted in court
báúil : favourable
amhránaíocht : act of singing
canaidís agus canaimis : let them sing and let us sing
Dé Domhnaigh 16 Samhain 2008
AN DUP : Fíorghaeil?
An Gaeil 1/4 den DUP sa Tionól?
Baill den Tionól de chuid an DUP agus sloinnte s’acu
(Beidh mé ag cur leis seo)
Allan Bresland* (Ó Breasláin)
Wallace Browne** (Seans maith ann gur as Mac a’ Bhriuthainn nó Mac ‘ille Dhuinn é)
Thomas Buchanan* (as an logainm Both a’ Chanáin ach creidtear gurbh Mic Ausaláin iad)
Gregory Campbell* (Caimbeul)
Trevor Clarke** (Seans gur as Ó Cleirigh nó Mac a’ Chleirich é)
Jonathan Craig*** (as logainm – Creag)
Alastair Ian Ross* (Rosach)
Nigel Dodds
Alex Easton
Jeffrey Donaldson* (Mac Domhnaill)
Arlene Foster
Simon Hamilton
William Hay (Is é MacGaraidh an Ghaeilg air áfach)
David Hilditch
William Irwin** (seans beag gur as Ó hEireamhóin é)
Nelson McCausland* (Mac Ausaláin)
Ian McCrea* (Mac Rath)
William McCrea* (Mac Rath)
Michelle McIlveen*(Mac Giolla Mhín)
Adrian McQuillan* (Mac Uighilín)
Maurice Morrow** (Seans ann gur as Mac Murchaidh é)
Stephen Moutray(?)
Robin Newton
Ian Paisley*** (as an logainm Páislig)
Ian Paisley Jr*** (as an logainm Páislig)
Edwin Poots
George Robinson
Iris Robinson
Peter Robinson
Jim Shannon* (Ó Seanáin)
David Simpson
Jimmy Spratt
Mervyn Storey
Peter Weir** (Seans maith ann gur as Mac a’ Mhaoir é)
Jim Wells
Sammy Wilson
Eochair :
* (ainm Gaeilge)
** (seans gur ainm Gaeilge a bhí ann)
*** (logainm Gaeilge ag feidhmiú mar shloinne)
Ciallaíonn sé seo go bhfuil sloinneadh Gaelach ag 10/36 acu ann, níos mó na ceathrú acu!
B’fhéidir cúigear eile a chur leis sin agus tá triúir ann a bhfuil logainm Gaeilge acu mar shloinne cé nach sin an nós Gaelach dar ndóigh.
Tá sé spéisiúil nach bhfuil? Cén fáth an fuath don Ghaeilg agus do Ghaeil mar sin?
Nuacht
Aoichainteoir: Ciarán Ó Duibhín
Dé Sathairn 22 Samhain @ 3.30in in An Ceathrú Póilí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
Fáilte roimh chách
Tá cruadal fán leabhar agus eile ar siúil aige na daltaí dála an scéil.
Chomh maith leis sin, seo léirmheas ar an leabhar.
Dé Sathairn 15 Samhain 2008
Nuacht
Bhí raic ann le linn chruinniú míosúil de chuid Chomhairle Bhaile Mheánach ag tús na seachtaine agus an deontas don Ciste Craolacháin Gaeilge a phlé ag an comhairle. Ritheadh rún fríd ag maíomh gur ‘cur amú acmhainní’ é an deontas don Ciste Craolacháin
Cuireadh i leith le linn an chruinniú go raibh an Ghaeilge ‘dead’ agus ‘divisive’. Cé gur buaileadh an chéad rún a cuireadh roimh an comhairle ag an Comhairleoir Robin Stirling ach ritheadh rún leasaithe a chuir an DUP chun cinn, ag maíomh ...
"Ballymena Borough Council believes that the actions of HM Government regarding additional funding for the Irish Language was a negative throwback to the inequalities of Direct Rule, and further it was unjustified in a time of economic recession and calls upon the Northern Ireland Assembly Minister for Culture, Arts and Leisure to explore (a] ways to redress the potential for language inequality and (b] ways of preventing further such waste of public resources."
I rith na díospóireachta mhaigh Councillor Roy Gillespie ‘The majority population in Northern Ireland has no interest in the Irish language’ agus ‘The Irish campaign has replaced the bomb and the bullet’.
Chuir Declan O'Loan ón SDLP in iúl don tUasal Gillespie áfach go raibh bunús Gaeilge le sloinne s’aige féin, Mac Giolla Easpaig ar ndóigh agus mhaith seisean go raibh an rún bunaithe ar an aineolas.
Nuacht
Beidh ceardlann ar siúl ag Ghlór Dhal Riada Dé Luain 17ú Mí na Samhna dírithe ar Chanamhaint Ghaedhilg Aontroma, Gaedhilg na hAlban agus Gaedhilg na hÉireann, chomh maith le míniú ar logainmneacha áitiúla. Tá an cheardlann curtha i láthair ag Brian Mac Lochlainn atá líofa ins an dá chanamhaint mhór, eadar Éirinn agus Alban, agus fear a bhfuil neart taighde suntasach déanta aige ar Ghaedhilg Aontroma. Gheobhaidh freastalaithe léargas suimeamhail fán tionchar teangeolaíoch ar Ghaedhilg Aontroim Thuaidh agus beidh Brian ag cur i láthair ábhar nach mbíonn ar fáil go tric sa phobal.
Tá an cheardlann ag toiseacht ar 7.30 in Ionad Pharóiste Uile-Naomh, Baile Meanach ar choirnéal Bhóthar Chois Abhainn Dalla agus Bhóthar Bhruach Shéain. Tá an cheardlann saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.
Nuacht
Beidh lainseáil leabhráin Dé Sathairn seo chugainn sa Chultúrlann ag 3:30.
‘Dhá Scéal Reachlann agus Eile’ is teideal dó agus £6 / €7.50 an praghas atá air, foilsithe ag Coiscéim.
S’éard atá i gceist ann ná dhá scéal béaloideasa agus cuid ábhar eile i nGaeilge Oileán Reachlann.
Chomh maith le Gaeilge Reachlann tá leagain de na scéalta ann sa Chaighdeán Oifigiúil agus i nGaeilge na hAlbain chun tuiscint a éascú a fhad agus is féidir.
Táthar ag súil go mbeidh an leabhrán seo ina chuidiú beag do Ghaeilgeoirí Reachlann agus Aontroma atá ag foghlaim a dteanga féin arís in athuair.