Dé Céadaoin 27 Feabhra 2008

Alt mhaith ó pheann Uí Muirí.

Ní aontaím le tuairimí Phóil Uí Mhuirí i gcónaí ná baol air, mar shampla scríobh sé alt ar an mheán Gaeilge tamall ó shin nár luadh Lá Nua ann! Ba sin paistiúil amach dar liomsa. Ach ar scór ar bith, tá mé sásta go leor go bhfuil a leithead ann.

Caidé as? Bhál, tá mé ag teacht le tuairimí Ghordon McCoy ar an ábhar. Seo a scríobh sé faoi ar an Vacuum.

Pól Ó Muirí, a native of Belfast, writes the weekly column Tuarascáil in the Irish Times. He feels free to criticise anyone and anything, including West Belfast, the Republic's Minister for Irish and the cross-border body for the Irish language, Foras na Gaeilge. Perhaps this is because Pól is the only Irish language journalist whose paper is not in receipt of funding from Foras na Gaeilge. Pól's column is a good read, even if you disagree with him, because he dissects Irish language policies and will give the bad news.


Mar sin de, scríobhann sé go hiontach maith in amanna, is sampla maith den scríbhneoireacht sin ná colún s'aige ar an Irish Times an tseachtain seo, 'Tuirseach den fhis nár fioraiodh'

"Ag fíorú na físe" an ea. Nach iad na ceisteanna atá le cur: "Cad chuige nár fíoraíodh an fhís go dtí seo?" agus "An bhfuil an fhís le fíorú ar chor ar bith?"
Tá a fhios agam go maith caidé an fhís atá agam féin, is é sin leanúint ar aghaidh ag caint i nGaeilge mar phríomhtheanga mo shaolsa agus í a labhairt mar phríomhtheanga mo phobail féin.


Léirigh clár an tóstail láidreacht agus laige earnáil na Gaeilge in aon imeacht amháin. Tá mórán daoine cumasacha léannta ar cás leo an teanga agus a bhfuil léargas ar leith acu uirthi. Ach is ar éigean a théann an chaint i bhfeidhm ar an phobal mór.

Tá go leor ginearáil againn, ach is fada folamh trinsí na Gaeilge. Is róléir go bhfuil le obair ar an talamh, tá dualgas orainn dul ar ais chuig na trinsí agus dul i ngleic leis an namhad mar is ceart arís.

Caithfear gluaiseacht na Gaeilge a athnuachan mar pháirtnéar (sinsearach?) ar earnáil na Gaeilge, caithfear gníomhaíocht áitiúil a chothú. Ranganna, comharthaíocht, bunú Gaelscoileanna, cha féidir linn dearmad iomlán a dhéanamh ar na Béarlóirí, an tromlach atá iontu faraor.

Sin ráite, dar ndóigh, is tábhachtaí díriú isteach ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu ach nach mbaineann úsáid aisti ar chór ar bith, go háirithe iad siúd atá líofa.

Tig le lucht na Gaeilge tionchar nach beag a imirt ar chúrsaí reachtaíochta agus tig leo feachtais a reáchtáil le nithe fiúntacha a bhaint amach. Is é rud nach féidir leo a dhéanamh droichead a chur anonn thar an deighilt sin idir an teanga labhartha agus an pobal.

Is fíor an dá abairt sin. Téann an dara líne le mo phointe thuas. Is é mo thuairim féin gurb iad an 200,000 siúd a bhfuil an Ghaeilge líofa acu an 'eochar-déimeagrafach' don gníomhaire Gaeilge. B’fhéidir Gaeilgeoir críochnaithe a dhéanamh as duine ar bith a bhí ar scoil sna Sé Chontae is Fiche taobh istigh de bhliain.

Tá sé ráite ar an cholún seo roimhe gurb é ceann de na paradacsaí a bhaineann leis an Ghaeilge gur ré órga é seo ag lucht teanga - bíodh is nach bhfuil an oiread sin de phobal na hÉireann ag caint Gaeilge go laethúil.

Déanta na fírinne, cé go bhfuil obair le déanamh againn agus cé nár bhain muid cothrom na feinne iomlán amach thuaidh nó theas, chan ionann sin agus leithscéal, tá pointe déanta ag Ó Muirí anseo.

Ar aghaigh linn.

Dé Luain 11 Feabhra 2008

Aithníonn mion-teanga mion-teanga eile.

Cha rabh mi (ní rabhas) ariamh ins an Chatalóin, gach seans nach mbidh mi (nach mbead) choíche ann. Ach, dá mbeinn ann ba mhaith liom iarracht a dhéanamh leis an teanga áitiúil náisiúnta a chleachtadh seachas a bheith ag cur iachall orthu Béarla a labhairt liom.

Saoilim go bhfeil (bhfuil) sé tábhachtach agus ba bhreá liom fhéin go dtiocfadh daoine as tíorthaí eagsamhala go hÉirinn ag baint triail as an Ghaeilge fiú.

Bha (Bhí) mé ag streachailt leis an scríobh foghraíochta ar Vlogger go dtí seo ach saoilim go bhfeil sé ag obair anois. Tá mé ag scríobh go hUltach fá láthair, tá brón orm.

Catalóinis : Català /kətəˈlɑ/
Dia duit: hola /ˈɔlə/
Slán go fóill: adéu /əˈðew/; adéu siau /əˈðew siˈaw/
Le do thoil: si us plau /sisˈplaw/
Go raibh maith agaibh: gràcies /ˈgɾɑsiəs/; mercès /məɾˈsɛs/
Tá brón orm: perdó /pəɾˈðo/, ho sento /u ˈsentu/
An ceann seo: aquest /əˈkɛt/ (masc.); aquesta /əˈkɛstə/ (fem.)
Cá mhéad?: quant val? /ˈkwɑmˈbɑl/; quant és? /ˈkwɑnˈes/
Sea (Yes): /ˈsi/
Ní hea: no /ˈno/
Ní thuigim: No ho entenc /ˈno wənˈteŋ/
Cá bhfuil an leithreas?: on és el bany? /ˈonˈezəlˈβaɲ/; on és el lavabo? /ˈonˈezəlˈləˈβɑβu/
Sláinte: salut! /səˈlut/;
An bhfuil Béarla agat?: Que parla (l')anglès? /kə ˈpaɾlə lənˈglɛs/
An bhfuil Catalóinis agat?: Que parla (el) català? /kə ˈpaɾləl kətəˈlɑ/

Nós* - Iris Úr (as Gaeilge!)

Tá áthas orm a fheiceáil go mbeidh iris nua (i nGaeilge ach nach iris Gaeilge é má thuigeann tú mé) againn roimh i bhfad, Nós*.

Is céim dearfach amach é sin, guím gach ráth ar an obair seo. Tá siad ar Bhebo fosta. Tá mé sásta le feiceáil go bhfuilid (gu bheil iad) ar fáil ar líne ach tá súil agam go mbeidh leagan crua ar fáil amach anseo. Bráthann sé sin is dócha ar an Fhoras. Cá bhfios ... ?

Tá an scéal seo de dhíth orainn ag an am sin mar gheall ar chruachás Lá Nua, nach bhfuil réiteach ar go fóill ach silim go mbeadh sé doiligh go leor don Fhoras druidim Comhar agus Lá Nua a bheith ann taobh istigh de aon bhliain amháin.

Dar ndóigh, b'fhearr leis an Fhoras an t-airgead a chur ar fáil do fhorlíonadh Gaeilge (nó 'dhátheangach' is dócha) i bpáipéar Béarla. Is é an fhadhb atá ann ná go bhfuil an Examiner agus an Indo diúltach don teanga don chuid is mó. Tá an Irish News agus an Irish Times áit éigin idir diúltach agus neodrach, d'ainneoin go bhfuil cáil Gaeilge le léamh iontu.

Is dóigh liom féin go bhfaighidh an tIrish News an conradh i ndeireadh na dála áfach, breast é mar sin a deirimise. Mar shampla, bhíodar (bha iad) measartha diúltach ó thaobh Acht Gaeilge de agus cha dtáinig siad amach riamh go láidir ar son an Ghaelscolaíocht ach an oiread.
Cad é an seort glór a bheadh iontu do lucht na Gaeilge, is é sin muidne a labhraíonn í mar phríomh-theanga s'againne.

B'fhéidir go mbeadh siad ag iarraidh an Ghaeilge 'a ghoid ar ais ó lucht na Gaeilge is í a thabhairt ar ais don phobal'. Deirimse sé sin de bhrí go ndúirt foghlaimeoir Gaeilge ar líne liom ar na mallaibh go raibh fuath aige ar Ghaeilgeoirí de bhrí gur ghoid muid teanga s'aige.
Éistígí, d'fhoghlaim mé Gaeilge is labhraím í. Ní ghabhaim leithscéal ar bith as. Má shileann duine ar bith gur ghoid mé canán s'acu tá fearadh na fáilte a theacht chuig teach s'agam is í a ghoid uaim. Beidh cupa tae réidh chomh maith.

Is é an t-aon rud maith a thiocfadh liom a rá fá fhorlíonadh arbh fhéidir a bheith ann san Irish News nó mar sin ná go mbeadh deis ag cuid mhór daoine an Ghaeilge a fheiceáil / léamh gach lá. ba rud maith é sin gan aon amhrás, ach beatha teanga í a labhairt [le páistí!] agus is iad lucht léitheoireachta Lá a dhéanann é sin.

Iris : Magazine

Dé Domhnaigh 3 Feabhra 2008

Gaeilge agus Polainnis

Cad é an t-ainm atá ort? ... an t-ainm atá orm Jak masz na imię? Jak się nazywasz? Jak ma Pan(i) na imię (frm) Mam na imię ... Nazywam się ... ;
Carb as duit? Is as ... Skąd jesteś? (inf) Skąd Pan(i) jest?(frm) Pochodzę z ...;
Is deas bualadh leat Bardzo mi miło Miło mi (inf) Miło mi Pana poznać (frm/>m) Miło mi Panią poznać(frm/>f);
maidin mhaith Dzień dobry;
tráthnóna mhaith Dzień dobry;
oíche mhaith Dobranoc;
slán Do widzenia (frm) Do zobaczenia Narazie! Cześć! (inf)
ádh mór Powodzenia!
sláinte Na zdrowie!
bíodh lá deas agat Miłego dnia!
ní thuigim Nie rozumiem;
labhair níos moille le do thoil Proszę mówić wolniej (frm) Mów wolniej! (inf)
an labhrann tú Polainnis?; labhraím, beagán Czy mówi pan(i) po polsku? (frm) Czy mówisz po polsku? (inf) Mówisz po polsku? Mówi Pan(i) po polsku? (frm) Tak, trochę (quite a bit), Tak troszkę (a little);
gabh mo leithscéal Przepraszam!
cá mhéad atá ar seo? Ile to kosztuje?
go rabh maith agat Dzięki, Dziękuję Serdecznie dziękuję;
cá bhfuil an leithreas Gdzie jest toaleta?;
ar mhaith leat rince leat? Chcesz ze mną zatańczyć? (inf) Zatańczymy? (inf) Czy mogę prosić do tańca? (frm) Czy mogę Panią prosić do tańca? (frm/>f);
tá grá agam ort Kocham cię;
cad é mar a dearfá i bPolainnis? Jak się mówi...po polsku?


Fáilte mhór roimh ceartúcháin : Tá súil agam go mbeadh níos mó scríobh foghraíocht le feiceáil anseo go luath.