Dé Luain 11 Feabhra 2008

Nós* - Iris Úr (as Gaeilge!)

Tá áthas orm a fheiceáil go mbeidh iris nua (i nGaeilge ach nach iris Gaeilge é má thuigeann tú mé) againn roimh i bhfad, Nós*.

Is céim dearfach amach é sin, guím gach ráth ar an obair seo. Tá siad ar Bhebo fosta. Tá mé sásta le feiceáil go bhfuilid (gu bheil iad) ar fáil ar líne ach tá súil agam go mbeidh leagan crua ar fáil amach anseo. Bráthann sé sin is dócha ar an Fhoras. Cá bhfios ... ?

Tá an scéal seo de dhíth orainn ag an am sin mar gheall ar chruachás Lá Nua, nach bhfuil réiteach ar go fóill ach silim go mbeadh sé doiligh go leor don Fhoras druidim Comhar agus Lá Nua a bheith ann taobh istigh de aon bhliain amháin.

Dar ndóigh, b'fhearr leis an Fhoras an t-airgead a chur ar fáil do fhorlíonadh Gaeilge (nó 'dhátheangach' is dócha) i bpáipéar Béarla. Is é an fhadhb atá ann ná go bhfuil an Examiner agus an Indo diúltach don teanga don chuid is mó. Tá an Irish News agus an Irish Times áit éigin idir diúltach agus neodrach, d'ainneoin go bhfuil cáil Gaeilge le léamh iontu.

Is dóigh liom féin go bhfaighidh an tIrish News an conradh i ndeireadh na dála áfach, breast é mar sin a deirimise. Mar shampla, bhíodar (bha iad) measartha diúltach ó thaobh Acht Gaeilge de agus cha dtáinig siad amach riamh go láidir ar son an Ghaelscolaíocht ach an oiread.
Cad é an seort glór a bheadh iontu do lucht na Gaeilge, is é sin muidne a labhraíonn í mar phríomh-theanga s'againne.

B'fhéidir go mbeadh siad ag iarraidh an Ghaeilge 'a ghoid ar ais ó lucht na Gaeilge is í a thabhairt ar ais don phobal'. Deirimse sé sin de bhrí go ndúirt foghlaimeoir Gaeilge ar líne liom ar na mallaibh go raibh fuath aige ar Ghaeilgeoirí de bhrí gur ghoid muid teanga s'aige.
Éistígí, d'fhoghlaim mé Gaeilge is labhraím í. Ní ghabhaim leithscéal ar bith as. Má shileann duine ar bith gur ghoid mé canán s'acu tá fearadh na fáilte a theacht chuig teach s'agam is í a ghoid uaim. Beidh cupa tae réidh chomh maith.

Is é an t-aon rud maith a thiocfadh liom a rá fá fhorlíonadh arbh fhéidir a bheith ann san Irish News nó mar sin ná go mbeadh deis ag cuid mhór daoine an Ghaeilge a fheiceáil / léamh gach lá. ba rud maith é sin gan aon amhrás, ach beatha teanga í a labhairt [le páistí!] agus is iad lucht léitheoireachta Lá a dhéanann é sin.

Iris : Magazine

No comments: