Dé Céadaoin 31 Nollaig 2008

Gaeilge <> Mòr-theanga

Ceart go leor, do bhadhas ag dìriù isteach ar mhionteangacha chun blas na Gaeilge a thabhairt do dhaoine agus a mhalairt ar ndòighe, ach cha nì sè aon dochar mòrtheanga a bheith againn chomh maith, mar sin de, seo chugainn an Iodàilis. Cupla focail cibe ar bith, cuirfidh mè leis is dòcha.

Iodàilis : Italiano
Dia duit: Buon giorno
Slán go fóill: arrivederci
Le do thoil: Per favore
Go raibh maith agaibh: grazie
Tá brón orm: Mi dispiace
Cá mhéad?: quanti?
Sea (Yes):
Ní hea: no
Ní thuigim: non capisco
Cá bhfuil an leithreas?: Dovè il bagno?
An bhfuil Béarla agat? Ti parla inglese?

Dé hAoine 26 Nollaig 2008

Interlingua

Dìreach nòta maidir le Interlingua, bhìos ag baint triall as ansin agus caithim a rà go n-oibrìonn sè gach uair.

Tà mè ag smaoineamh fà Eadar-Ghaeilg arìst mar sin.

Déardaoin 25 Nollaig 2008

Athchlò

Athchlò ò Là Nua, 15/12/2008, go ndèana Dia gràsta uirthi. Nollaig shona màs rud spèise è duit. Tà sè ar intinn agam nòtaì a scrìobh dò ach eadar an dà linn is fèidir liom focail a chur in aistriù.

Tá an locht ar Ghaeil faoi bhás Lá Nua fosta

Bhál, seo é, an deireadh. Mo cholún deireannach ar Lá agus tá mé buíoch do Dhónall as ligint dom scríobh anseo. Cúis bhróin atá ann ar ndóigh. Seanchara de mo chuid a bhí ann i gcónaí agus cronóidh mé go mór é. Ní bheidh an chéadphroinn in Aontas na Mac léinn mar a gcéanna arís.

Is é an rud is mó a chuir iontas orm, áfach, ná cé chomh ciúin is a bhí bású Lá sa deireadh. Minic go leor a bhí Lá i mbéal an bháis agus bhí raic ann. An tráth seo áfach, tada, tost. Fiú ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste, glacadh leis gan mórán gearáin ar chor ar bith.Chuala mé go raibh cruinniú le bheith ann i mBéal Feirste fán chúis ach sa deireadh níor thárla sé.

Chan ionann sin is a rá nach bhfuil daoine tógtha faoi, tá agus tá scoilteanna á gcothú i measc na nGael fán cheist chomh maith, ach déanta na fírinne, i ndeireadh na dála, ghlac daoine le deireadh Lá Nua go furasta. Táthar ann a chuireann an locht ar fad ar Fhoras na Gaeilge. Cé go bhfuil mé ag súil go mór le bású an Fhorais féin, ní chuirim aon locht orthu, cuirim an locht ar Ghaeilgeoirí.

Caithfidh muid a bheith ionraic agus caithfidh muid go léir ceachtanna a fhoghlaim as seo. Níor cheannaigh go leor daoine Lá - is Gaeilgeoirí an chuid is mó de na daoine a mbím ag caint leo chuile lá ach tá a fhios agam nach raibh an chuid is mó acu sásta Lá a cheannacht. Bhí cuid acu bródúil as fiú.

Bhí náire ar roinnt acu Lá a iarraidh sna siopaí mar gheall ar shean-náire na nGael, agus shíl daoine eile gur thit an caighdeán go ró-íseal. Ní nach ionadh, is laochra iad foireann Lá ach ní sárdhaoine iad. Ba dhoiligh páipéar a chur amach gach lá gan na hacmhainní cearta a bheith agat agus ní raibh sin riamh ag Lá.

Bhí daoine ag iarraidh go mbeadh páipéar ann go cinnte ach cha raibh siad sásta é a cheannacht, sin Gaeilgeoirí duitse. Is maith liom iad den chuid is mó ach ní thiocfadh leat a bheith ag brath orthu. Dream suarach santach atá ionainn, tugtha don ghearán, gan úsáid den chuid is mó, níos dílse don Bhéarla is don Irish News ná don Ghaeilge.

Bhíos ag caint le Gaeilgeoir cupla seachtain ó shin agus dúirt sé liom, ‘ó aidh, caithfidh cruinniú a bheith againn fá Lá,’ agus arsa mise leis,’ an gceannaíonn tú féin é?’ – ‘ní cheannaíonn’ a deir sé. Sin é a chairde – Gaeilgeoirí, lag amach is amach, bhí siad ag iarraidh ar rialtas Shasana Lá a cheannacht dóibh!

Bhí fadhb ann le críochdheighilt chomh maith. Bhí Lá ‘ró-thuaisceartach’ dar le roinnt liúdramán. Bhí scéalta ann ón tuaisceart an dtuigeann sibh agus táthar ann ó dheas arbh fhearr leo ligint orthu féin nach bhfuil an tuaisceart ann ar chor ar bith agus muise, cha raibh siad ag iarraidh cloisteáil fá leatrom nó a dhath mar sin.

Anois, ní bheidh againn ach páipeár amháin amach anseo, agus i bpóca an Fhorais a bheas sé, agus is é sin a rud a ba mhaith leis an chuid is mó de na Gaeilgeoirí a bhfuil aithne agam orthu de bhrí gur páistí iad nach bhfuil ag iarraidh ach dea-scéalta a léamh, cacamas fá ‘Cheiliúradh na Gaeilge’ agus mar sin, ócáidí lán daoine nach labhraíonn ach Béarla na Bainríona le páistí s’acu féin. Inniú, tá mé gan mórán dóchais. Tá todhchaí na Gaeilge ag brath, mar a bhí Lá Nua féin, ar Ghaeilgeoirí.


Sin cúis mo bhróin is mo náire.

Seo anois deireadh le mo ghearán. Is Gaeil eile gan úsáid mé, imeoidh mé liom, ólfaidh mé pionta, cuirfidh mé an milleán ar fad ar na Sasanaigh agus beidh rudaí amárach mar a bhí siad inné.

Cúis bhróin : a cause of saddness.
chéadphroinn : breakfast, (lit. first meal).

Dé Domhnaigh 21 Nollaig 2008

Áthchló

Áthchló bho Lá Nua† 8ú Nollaig 2008. Slán a chara. Tá sé ar intinn agam gluais a scríobh dó do lucht foghlamtha.

Gregory Campbell

Tá 'Aire Cultúir' na Sé Chontae, Gregory Campbell, anois ag maíomh gur féidir go mbeadh níos mó teangacha ná 'Irish and Ulster-Scots' i gceist sa 'straitéis teanga' atá idir lámha aige, agus ní dóigh liom gur canúint an Lucht Siúil atá i gceist aige.

Tá sé ag maíomh anois go mbeadh teangacha na n-inimirceach i measc na dteangacha a bheas clúdaithe faoi scáth 'na straitéise teanga' atá beartaithe aige. Níl aon amhras faoi ná go mbeidh maoiniú na Gaeilge thíos leis sa straitéis seo agus go ndéanfaidh Gregory Campbell an dochar is mó is féidir leis a dhéanamh don Ghaeilge sa phróiseas seo. Is léir gur sin mar a thuigeann sé ról agus cuspóir s'aige féin faraor.

Ach más olc an scéal agus an DUP i mbun cúrsaí cultúir, samhlaígí cad a dhéanfaidh siad nuair a bheas siad i mbun cúrsaí oideachais. Scanrúil. Arís, sílim gur fianaise é seo go gcaithfear díriú isteach ar atógáil ghluaiseacht na Gaeilge, go hiomlán saor ó thionchar Gregory agus eile. Tá muid ag dul isteach i gcúlú domhanda eacnamaíochta agus ní bheidh mórán airgid á chaitheamh ar chur chun cinn na Gaeilge thuaidh ná theas. Tá mise ag amharc air mar dheis áfach, cic sa tóin a bheas ann.

Ar 'Albainis Uladh'

Maítear go minic nach bhfuil in Albainis Uladh ach gléas leis an Ghaeilge a choinneáil siar, le maoiniú a thabhairt ón Ghaeilge agus le cuma sheafóideach a chur ar cheist na dteangacha ó thuaidh agus muise leoga déanann sé é sin.

Níl dabht ar bith ann go raibh cuid mhór de na polaiteoirí aontachtacha atá go mór ar son na hAlbainise dubh i gcoinne na Gaeilge sular chuala siad trácht ar 'Ulster-Scots'.Tá taobh eile den scéal ann áfach.

Bhíos thuas ar an Bhaile Mheánach, tá mí ó shin anois agus bhí comhrá agam le Gaeilgeoir uasal darb ainm Séamas Mac Ruairí agus d'inis sé scéal domh fán teorainn teanga a bhí ann sa bhaile nuair a bhí sé óg agus go raibh an Béarla Albanach á labhairt ar an taobh eile den abhainn. D'inis sé domh fosta gur ghnách leis Béarla Albanach a chloisteáil agus é amuigh ag obair mar fhoraoiseoir agus cé go raibh sé féin ábalta a thuigbheáil, cha raibh cara s'aige, arbh as an Bhaile Mheánach é féin ábalta a thuigbheáil.

Mar sin is mó na blas an Bhaile Meánaigh é 'Braid Scotch'. Tá a leithéid de chanúint ann dar liomsa, neamspleách ann féin agus ní canúint Bhéarla í de bhrí nár shíolraigh sé ón Bhéarla anseo. Tá sé cloiste agam féin fiú. Tá taifeadán macánta déanta de in 'The Hamely Tongue' le James Fenton agus 'A Concise Ulster Dictionary' le Caroline McAfee mar shampla.

Is foirm chainte í a ba chóir taifeadadh, is a chaomhnú agus ba chóir go mbeadh gach ceart ag daoine a hathbheochan agus a hathneartú, más é sin an rud atá uathu.Ba chóir obair acadúil a mhaoiniú ar cibé Albainis atá fágtha ach is beag an baol go ndéanfar an cineál seo oibre mar is ceart agus an 'Boord a' Ulster Scoots' ag tabhairt airgid don Ord Bhuí le dlúthdioscaí as Béarla a dhéanamh.

Níl baint ar bith ag an teanga le Nelson McCausland nó Lord Laird, a deir nach teanga í dála an scéil, nó le duine ar bith eile den chineál sin, daoine a raibh fuath acu don Ghaeilge sular chuala siad trácht ar Albainis Uladh.

Na Deich mbliana amach romhainn.

Nuair a tháinig Sinn Féin abhaile ó Chill Rimhinn le 'hAcht Gaeilge', bhíomar go léir ar bís mar Ghaeil. Bhí an-dóchas ar fad ann. Anois, tuigeann muid nach mbeidh na Sasanaigh ag cloí leis an chomhaontú sin agus nach mbeidh Acht Gaeilge ag teacht ó Stormont ach an oiread.

De thoradh ar sheasamh Shinn Féin agus an SDLP ar an Acht agus mar gheall ar fheachtasaíocht láidir ó phobal na Gaeilge, tá naimhdeas na bpolaiteoirí aontachtacha dírithe ar an Acht agus ar an Ghaeilge ar bhealach nach raibh le fada. Tá cogadh cultúrtha fógartha fiú. Is dócha mar sin de go bhfuil deich mbliana feachtasaíochta romhainn ar cheist an achta agus go leor eile.

Tá sé ag dul a bheith iontach deacair ar fad. Beidh an streachailt seo níos deacra ná mar a bhí go dtí seo gan páipéar laethúil ach tá súil agam go mbeidh seirbhís cuimsitheach ar líne againn amach anseo agus tá gliondar orm go bhfuil tús curtha leis an phróiseas seo ag Eoghan Ó Néill le 'Nuacht Líne Laethúil ar An Druma Mór'.

Tús maith leath na hoibre

Déardaoin 11 Nollaig 2008

Tuairisc Choimisiúin um Chearta Daonna

tuairisc Choimisiúin um Chearta Daonna foilsithe agus tá an moladh seo san áireamh :

“Everyone belonging to a linguistic minority has the right to learn or be educated in and through their minority language where there are substantial numbers of users and sufficient demand.”

Bheadh sé seo ar dóigh amach do Ghaeil an tuaiscirt dá mbeadh an cheart sa dlí acu chun oideachas lánGhaeilge a bheith acu, déanta na fírinne, ó thaobh oideachais de, bheadh na Sé Chontae chun tosaigh ar an Stát Éireannach saor.

Dar ndóigh, níl sé dul a tharla os rud é go bhfuil Aontachtóirí dubh i gcoinne - tuilleadh fianaise go bhfuil Acht Gaeilge de dhíth orainn.

Na déanaimis dearmad, ní hé go bhfuilimid ag iarraidh Acht Gaeilge chun brú ar bith a chur ar Aontachtóirí, ní hé, tá muid ag iarraidh cosaint uathu faraor.

Acht Gaeilge Anois.

Dé Céadaoin 10 Nollaig 2008

Smaointí ar TG4

Seo athchló bho Lá Nua, tá súil agam nach miste leo.

Smaointí ar TG4

Ar tús, ba cheart domh a rá go bhfuil mé den bharúil gurb é TG4 an rud is dearfaí a thárla riamh don Ghaeilge ó bhí briseadh Chionn tSáile ann. Táthar anois ag caint ar 'Ghlúin TG4', Gaeil óga úra atá sásta an teanga a labhairt seachas í a chaoineadh.

Ní amháin ar son na Gaeilge amháin, ach is é TG4 an foinse is fearr do chláracha dúchasacha Éireannacha. Cuireann siad cláracha den scoth ar fáil ar bheagán airgid. Tá sé cruthaithe ag TG4 gur fiontar fiúntach é.

Rinne cuid mhór Gael íobairtí móra agus iad i mbun feachtasaíochta ar son seirbhís teilifíse Gaeilge. Shíl muid gur baineadh an cath sin. Níor baineadh áfach, buaileadh bob orainn, fuair muid stáisiún dátheangach a bhfuil lámh in uachtar ag an Bhéarla ann.Ní áibhéil a rá go mbíonn níos mó Béarla le cluinstin ann nuair a chuirtear gach rud le chéile, agus is cláracha ‘dátheangacha’ cuid mhór de na cláracha ‘Gaeilge’.

Mar sin, ba chóir go mbeadh sé de phríomhchuspóir ag gluaiseacht na Gaeilge stáisiún lánGhaeilge a bhaint amach. Ní hé go bhfuil mé ag maíomh nach bhfuil fiúntas le cláracha a bhfuil rud beag Béarla iontu, tá, ach tá measarthacht ar gach rud agus tá níos fearr tuillte againn.

Anois, is féidir a rá go bhfuil TG4 dírithe ar bhealach ar chainteoirí líofa Gaeilge, mar is ceart dó a bheith, ach silim gur chóir go mbeadh clár d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ag rith i gcónaí ar TG4 - uair nó dhó in aghaidh an lae do na foghlaimeoirí agus do dhaoine nach bhfuil go hiomlán líofa atá i gceist agam. Ná déanaimis dearmad gur pobal foghlamtha den chuid is mó sinn.

Níl mé ag caint ar chláracha 'dátheangacha', tá mé ag caint ar chláracha dírithe ar leibhéil difriúla, bunfhoghlaimeoirí, daoine fásta a rinne Gaeilge ar scoil, mic léinn Ardteistiméireachta. Tá cláracha de dhíth orainn go léir.

Tá cláracha ar nós ‘Now Your Talking’ agus mar sin de ann cheana féin, agus tá mé ag déanamh go ndearnadh tréan cláracha den chineál sin fríd na blianta. Ba chóir go mbeadh siad ag dul i gcónaí ar maidin nó mall san oíche chomh maith le cláracha úra ag amanna níos lárnaí sa sceideal. Cad fá 'Speaking Our Language'? Clár foghlamtha ar Ghaeilge na hAlbain a chraoladh chomh maith?

Creidim fosta gur chóir go mbeadh fotheidil ar fáil i nGaeilge i gcónaí, nó an rogha sin a bheith ann chun foghlaim a éascú agus gan an Béarla a bhrú orainn i gcónaí. Bím féin gafa ag léamh an Bhéarla!Déanann sé ciall gnó freastal ar lucht an Bhéarla ach tá fotheidil Ghaeilge riachtanach. Tá daoine ag foghlaim na Gaeilge a bhfuil fotheidil Ghaeilge de dhíth orthu agus tá daoine bodhara ann a bhfuil Gaeilge acu.

Is é an triú rud a mholfainn ná gur chóir go mbeadh cláracha i nGaeilge na hAlban le feiceáil ar an stáisiún. Tá neart acu ann anois mar gheall ar bhunú BBC Alba.Chan fheicim cén fáth nach mbeadh. Tá siad ann, bheadh siad saor go leor agus tá an teanga 80-90% mar a gcéanna le Gaeilge s’againn féin. Chuirfeadh sé seo le haontas na nGael agus thiocfadh leis an teilifís tuigbheáil iomlán idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban a bhaint amach taobh istigh de ghlúin.

Dé Máirt 9 Nollaig 2008

Léirmheas :An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire

An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire
Biddy Jenkinson
Coiscéim 2008248 lth.

Cara le Searbhlach de Hoilm agus an tUasal Bhatson é an tAthair Pádraig Ó Duinnín. Tagann siad chuige ag lorg cabhair mar go bhfuil an Professor Moriarty chun an Bhanríon a fhuadach.

Lean eachtraí na mbleachtaire ó tús go deireadh ó bás amháin go dúnmharú eile le fáil amach 'Cé dhéin é?'

Chuir an leabhar Murder She Wrote i gcuimhne dom go mór mór, tá a fhios agaibh an seó sin ina théann Mrs Fletcher thart ag marú daoine agus ag cur an milleán ar fad ar dhaoine bochta eile. Théis fiche bhliain níor éirigh duine ar bith amhrásach futhu, seachas mé féin.

Caithfidh mé a admháil gurb é Foclóir Uí Dhuinnín ceann de na leabhair is fearr liom : cad é an Ghaeilge ar nerd arís?

Cibé ar bith, silim gur leabhar maith é seo, scríofa go maith agus suimiúil go leor, ach tá mé ag smaoineamh go mbeadh sé níos foirsteanaí do dhaoine níos óige.

Déardaoin 4 Nollaig 2008

Suíomh idirlín

Díreach chun aird dhaoine a dhíriú ar an suíomh iontach seo ó Raymond Hickey, Discover Irish.

Don té a bhfuil suim aige sna canúintí tá samplaí den chuid is mó acu atá beó le cloisteáil ann.

Caimbeul agus 'teangacha eile'

Tá aire chultúr na Sé Chondae, Gregory Campbell anois ag maíomh gur féidir go mbeadh níos mó teangacha ná 'Irish and Ulster-Scots' i gceist sa stráitéis teanga atá idir lámh aige.

Níl mórán amhrás ann go n-amharcfaidh lucht na Gaeilge ar an ráiteas seo go cíniciúil, áithnítear an t-uasal Campbell mar dhuine a bhfuil dearcadh frith-Ghaeilge aige.