Déardaoin 25 Nollaig 2008

Athchlò

Athchlò ò Là Nua, 15/12/2008, go ndèana Dia gràsta uirthi. Nollaig shona màs rud spèise è duit. Tà sè ar intinn agam nòtaì a scrìobh dò ach eadar an dà linn is fèidir liom focail a chur in aistriù.

Tá an locht ar Ghaeil faoi bhás Lá Nua fosta

Bhál, seo é, an deireadh. Mo cholún deireannach ar Lá agus tá mé buíoch do Dhónall as ligint dom scríobh anseo. Cúis bhróin atá ann ar ndóigh. Seanchara de mo chuid a bhí ann i gcónaí agus cronóidh mé go mór é. Ní bheidh an chéadphroinn in Aontas na Mac léinn mar a gcéanna arís.

Is é an rud is mó a chuir iontas orm, áfach, ná cé chomh ciúin is a bhí bású Lá sa deireadh. Minic go leor a bhí Lá i mbéal an bháis agus bhí raic ann. An tráth seo áfach, tada, tost. Fiú ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste, glacadh leis gan mórán gearáin ar chor ar bith.Chuala mé go raibh cruinniú le bheith ann i mBéal Feirste fán chúis ach sa deireadh níor thárla sé.

Chan ionann sin is a rá nach bhfuil daoine tógtha faoi, tá agus tá scoilteanna á gcothú i measc na nGael fán cheist chomh maith, ach déanta na fírinne, i ndeireadh na dála, ghlac daoine le deireadh Lá Nua go furasta. Táthar ann a chuireann an locht ar fad ar Fhoras na Gaeilge. Cé go bhfuil mé ag súil go mór le bású an Fhorais féin, ní chuirim aon locht orthu, cuirim an locht ar Ghaeilgeoirí.

Caithfidh muid a bheith ionraic agus caithfidh muid go léir ceachtanna a fhoghlaim as seo. Níor cheannaigh go leor daoine Lá - is Gaeilgeoirí an chuid is mó de na daoine a mbím ag caint leo chuile lá ach tá a fhios agam nach raibh an chuid is mó acu sásta Lá a cheannacht. Bhí cuid acu bródúil as fiú.

Bhí náire ar roinnt acu Lá a iarraidh sna siopaí mar gheall ar shean-náire na nGael, agus shíl daoine eile gur thit an caighdeán go ró-íseal. Ní nach ionadh, is laochra iad foireann Lá ach ní sárdhaoine iad. Ba dhoiligh páipéar a chur amach gach lá gan na hacmhainní cearta a bheith agat agus ní raibh sin riamh ag Lá.

Bhí daoine ag iarraidh go mbeadh páipéar ann go cinnte ach cha raibh siad sásta é a cheannacht, sin Gaeilgeoirí duitse. Is maith liom iad den chuid is mó ach ní thiocfadh leat a bheith ag brath orthu. Dream suarach santach atá ionainn, tugtha don ghearán, gan úsáid den chuid is mó, níos dílse don Bhéarla is don Irish News ná don Ghaeilge.

Bhíos ag caint le Gaeilgeoir cupla seachtain ó shin agus dúirt sé liom, ‘ó aidh, caithfidh cruinniú a bheith againn fá Lá,’ agus arsa mise leis,’ an gceannaíonn tú féin é?’ – ‘ní cheannaíonn’ a deir sé. Sin é a chairde – Gaeilgeoirí, lag amach is amach, bhí siad ag iarraidh ar rialtas Shasana Lá a cheannacht dóibh!

Bhí fadhb ann le críochdheighilt chomh maith. Bhí Lá ‘ró-thuaisceartach’ dar le roinnt liúdramán. Bhí scéalta ann ón tuaisceart an dtuigeann sibh agus táthar ann ó dheas arbh fhearr leo ligint orthu féin nach bhfuil an tuaisceart ann ar chor ar bith agus muise, cha raibh siad ag iarraidh cloisteáil fá leatrom nó a dhath mar sin.

Anois, ní bheidh againn ach páipeár amháin amach anseo, agus i bpóca an Fhorais a bheas sé, agus is é sin a rud a ba mhaith leis an chuid is mó de na Gaeilgeoirí a bhfuil aithne agam orthu de bhrí gur páistí iad nach bhfuil ag iarraidh ach dea-scéalta a léamh, cacamas fá ‘Cheiliúradh na Gaeilge’ agus mar sin, ócáidí lán daoine nach labhraíonn ach Béarla na Bainríona le páistí s’acu féin. Inniú, tá mé gan mórán dóchais. Tá todhchaí na Gaeilge ag brath, mar a bhí Lá Nua féin, ar Ghaeilgeoirí.


Sin cúis mo bhróin is mo náire.

Seo anois deireadh le mo ghearán. Is Gaeil eile gan úsáid mé, imeoidh mé liom, ólfaidh mé pionta, cuirfidh mé an milleán ar fad ar na Sasanaigh agus beidh rudaí amárach mar a bhí siad inné.

Cúis bhróin : a cause of saddness.
chéadphroinn : breakfast, (lit. first meal).

No comments: