Dé Céadaoin 10 Nollaig 2008

Smaointí ar TG4

Seo athchló bho Lá Nua, tá súil agam nach miste leo.

Smaointí ar TG4

Ar tús, ba cheart domh a rá go bhfuil mé den bharúil gurb é TG4 an rud is dearfaí a thárla riamh don Ghaeilge ó bhí briseadh Chionn tSáile ann. Táthar anois ag caint ar 'Ghlúin TG4', Gaeil óga úra atá sásta an teanga a labhairt seachas í a chaoineadh.

Ní amháin ar son na Gaeilge amháin, ach is é TG4 an foinse is fearr do chláracha dúchasacha Éireannacha. Cuireann siad cláracha den scoth ar fáil ar bheagán airgid. Tá sé cruthaithe ag TG4 gur fiontar fiúntach é.

Rinne cuid mhór Gael íobairtí móra agus iad i mbun feachtasaíochta ar son seirbhís teilifíse Gaeilge. Shíl muid gur baineadh an cath sin. Níor baineadh áfach, buaileadh bob orainn, fuair muid stáisiún dátheangach a bhfuil lámh in uachtar ag an Bhéarla ann.Ní áibhéil a rá go mbíonn níos mó Béarla le cluinstin ann nuair a chuirtear gach rud le chéile, agus is cláracha ‘dátheangacha’ cuid mhór de na cláracha ‘Gaeilge’.

Mar sin, ba chóir go mbeadh sé de phríomhchuspóir ag gluaiseacht na Gaeilge stáisiún lánGhaeilge a bhaint amach. Ní hé go bhfuil mé ag maíomh nach bhfuil fiúntas le cláracha a bhfuil rud beag Béarla iontu, tá, ach tá measarthacht ar gach rud agus tá níos fearr tuillte againn.

Anois, is féidir a rá go bhfuil TG4 dírithe ar bhealach ar chainteoirí líofa Gaeilge, mar is ceart dó a bheith, ach silim gur chóir go mbeadh clár d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ag rith i gcónaí ar TG4 - uair nó dhó in aghaidh an lae do na foghlaimeoirí agus do dhaoine nach bhfuil go hiomlán líofa atá i gceist agam. Ná déanaimis dearmad gur pobal foghlamtha den chuid is mó sinn.

Níl mé ag caint ar chláracha 'dátheangacha', tá mé ag caint ar chláracha dírithe ar leibhéil difriúla, bunfhoghlaimeoirí, daoine fásta a rinne Gaeilge ar scoil, mic léinn Ardteistiméireachta. Tá cláracha de dhíth orainn go léir.

Tá cláracha ar nós ‘Now Your Talking’ agus mar sin de ann cheana féin, agus tá mé ag déanamh go ndearnadh tréan cláracha den chineál sin fríd na blianta. Ba chóir go mbeadh siad ag dul i gcónaí ar maidin nó mall san oíche chomh maith le cláracha úra ag amanna níos lárnaí sa sceideal. Cad fá 'Speaking Our Language'? Clár foghlamtha ar Ghaeilge na hAlbain a chraoladh chomh maith?

Creidim fosta gur chóir go mbeadh fotheidil ar fáil i nGaeilge i gcónaí, nó an rogha sin a bheith ann chun foghlaim a éascú agus gan an Béarla a bhrú orainn i gcónaí. Bím féin gafa ag léamh an Bhéarla!Déanann sé ciall gnó freastal ar lucht an Bhéarla ach tá fotheidil Ghaeilge riachtanach. Tá daoine ag foghlaim na Gaeilge a bhfuil fotheidil Ghaeilge de dhíth orthu agus tá daoine bodhara ann a bhfuil Gaeilge acu.

Is é an triú rud a mholfainn ná gur chóir go mbeadh cláracha i nGaeilge na hAlban le feiceáil ar an stáisiún. Tá neart acu ann anois mar gheall ar bhunú BBC Alba.Chan fheicim cén fáth nach mbeadh. Tá siad ann, bheadh siad saor go leor agus tá an teanga 80-90% mar a gcéanna le Gaeilge s’againn féin. Chuirfeadh sé seo le haontas na nGael agus thiocfadh leis an teilifís tuigbheáil iomlán idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban a bhaint amach taobh istigh de ghlúin.

No comments: