Dé Domhnaigh 21 Nollaig 2008

Áthchló

Áthchló bho Lá Nua† 8ú Nollaig 2008. Slán a chara. Tá sé ar intinn agam gluais a scríobh dó do lucht foghlamtha.

Gregory Campbell

Tá 'Aire Cultúir' na Sé Chontae, Gregory Campbell, anois ag maíomh gur féidir go mbeadh níos mó teangacha ná 'Irish and Ulster-Scots' i gceist sa 'straitéis teanga' atá idir lámha aige, agus ní dóigh liom gur canúint an Lucht Siúil atá i gceist aige.

Tá sé ag maíomh anois go mbeadh teangacha na n-inimirceach i measc na dteangacha a bheas clúdaithe faoi scáth 'na straitéise teanga' atá beartaithe aige. Níl aon amhras faoi ná go mbeidh maoiniú na Gaeilge thíos leis sa straitéis seo agus go ndéanfaidh Gregory Campbell an dochar is mó is féidir leis a dhéanamh don Ghaeilge sa phróiseas seo. Is léir gur sin mar a thuigeann sé ról agus cuspóir s'aige féin faraor.

Ach más olc an scéal agus an DUP i mbun cúrsaí cultúir, samhlaígí cad a dhéanfaidh siad nuair a bheas siad i mbun cúrsaí oideachais. Scanrúil. Arís, sílim gur fianaise é seo go gcaithfear díriú isteach ar atógáil ghluaiseacht na Gaeilge, go hiomlán saor ó thionchar Gregory agus eile. Tá muid ag dul isteach i gcúlú domhanda eacnamaíochta agus ní bheidh mórán airgid á chaitheamh ar chur chun cinn na Gaeilge thuaidh ná theas. Tá mise ag amharc air mar dheis áfach, cic sa tóin a bheas ann.

Ar 'Albainis Uladh'

Maítear go minic nach bhfuil in Albainis Uladh ach gléas leis an Ghaeilge a choinneáil siar, le maoiniú a thabhairt ón Ghaeilge agus le cuma sheafóideach a chur ar cheist na dteangacha ó thuaidh agus muise leoga déanann sé é sin.

Níl dabht ar bith ann go raibh cuid mhór de na polaiteoirí aontachtacha atá go mór ar son na hAlbainise dubh i gcoinne na Gaeilge sular chuala siad trácht ar 'Ulster-Scots'.Tá taobh eile den scéal ann áfach.

Bhíos thuas ar an Bhaile Mheánach, tá mí ó shin anois agus bhí comhrá agam le Gaeilgeoir uasal darb ainm Séamas Mac Ruairí agus d'inis sé scéal domh fán teorainn teanga a bhí ann sa bhaile nuair a bhí sé óg agus go raibh an Béarla Albanach á labhairt ar an taobh eile den abhainn. D'inis sé domh fosta gur ghnách leis Béarla Albanach a chloisteáil agus é amuigh ag obair mar fhoraoiseoir agus cé go raibh sé féin ábalta a thuigbheáil, cha raibh cara s'aige, arbh as an Bhaile Mheánach é féin ábalta a thuigbheáil.

Mar sin is mó na blas an Bhaile Meánaigh é 'Braid Scotch'. Tá a leithéid de chanúint ann dar liomsa, neamspleách ann féin agus ní canúint Bhéarla í de bhrí nár shíolraigh sé ón Bhéarla anseo. Tá sé cloiste agam féin fiú. Tá taifeadán macánta déanta de in 'The Hamely Tongue' le James Fenton agus 'A Concise Ulster Dictionary' le Caroline McAfee mar shampla.

Is foirm chainte í a ba chóir taifeadadh, is a chaomhnú agus ba chóir go mbeadh gach ceart ag daoine a hathbheochan agus a hathneartú, más é sin an rud atá uathu.Ba chóir obair acadúil a mhaoiniú ar cibé Albainis atá fágtha ach is beag an baol go ndéanfar an cineál seo oibre mar is ceart agus an 'Boord a' Ulster Scoots' ag tabhairt airgid don Ord Bhuí le dlúthdioscaí as Béarla a dhéanamh.

Níl baint ar bith ag an teanga le Nelson McCausland nó Lord Laird, a deir nach teanga í dála an scéil, nó le duine ar bith eile den chineál sin, daoine a raibh fuath acu don Ghaeilge sular chuala siad trácht ar Albainis Uladh.

Na Deich mbliana amach romhainn.

Nuair a tháinig Sinn Féin abhaile ó Chill Rimhinn le 'hAcht Gaeilge', bhíomar go léir ar bís mar Ghaeil. Bhí an-dóchas ar fad ann. Anois, tuigeann muid nach mbeidh na Sasanaigh ag cloí leis an chomhaontú sin agus nach mbeidh Acht Gaeilge ag teacht ó Stormont ach an oiread.

De thoradh ar sheasamh Shinn Féin agus an SDLP ar an Acht agus mar gheall ar fheachtasaíocht láidir ó phobal na Gaeilge, tá naimhdeas na bpolaiteoirí aontachtacha dírithe ar an Acht agus ar an Ghaeilge ar bhealach nach raibh le fada. Tá cogadh cultúrtha fógartha fiú. Is dócha mar sin de go bhfuil deich mbliana feachtasaíochta romhainn ar cheist an achta agus go leor eile.

Tá sé ag dul a bheith iontach deacair ar fad. Beidh an streachailt seo níos deacra ná mar a bhí go dtí seo gan páipéar laethúil ach tá súil agam go mbeidh seirbhís cuimsitheach ar líne againn amach anseo agus tá gliondar orm go bhfuil tús curtha leis an phróiseas seo ag Eoghan Ó Néill le 'Nuacht Líne Laethúil ar An Druma Mór'.

Tús maith leath na hoibre

No comments: