Showing posts with label Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Gaeilge. Show all posts

Dé Domhnaigh 3 Feabhra 2008

Gaeilge agus Polainnis

Cad é an t-ainm atá ort? ... an t-ainm atá orm Jak masz na imię? Jak się nazywasz? Jak ma Pan(i) na imię (frm) Mam na imię ... Nazywam się ... ;
Carb as duit? Is as ... Skąd jesteś? (inf) Skąd Pan(i) jest?(frm) Pochodzę z ...;
Is deas bualadh leat Bardzo mi miło Miło mi (inf) Miło mi Pana poznać (frm/>m) Miło mi Panią poznać(frm/>f);
maidin mhaith Dzień dobry;
tráthnóna mhaith Dzień dobry;
oíche mhaith Dobranoc;
slán Do widzenia (frm) Do zobaczenia Narazie! Cześć! (inf)
ádh mór Powodzenia!
sláinte Na zdrowie!
bíodh lá deas agat Miłego dnia!
ní thuigim Nie rozumiem;
labhair níos moille le do thoil Proszę mówić wolniej (frm) Mów wolniej! (inf)
an labhrann tú Polainnis?; labhraím, beagán Czy mówi pan(i) po polsku? (frm) Czy mówisz po polsku? (inf) Mówisz po polsku? Mówi Pan(i) po polsku? (frm) Tak, trochę (quite a bit), Tak troszkę (a little);
gabh mo leithscéal Przepraszam!
cá mhéad atá ar seo? Ile to kosztuje?
go rabh maith agat Dzięki, Dziękuję Serdecznie dziękuję;
cá bhfuil an leithreas Gdzie jest toaleta?;
ar mhaith leat rince leat? Chcesz ze mną zatańczyć? (inf) Zatańczymy? (inf) Czy mogę prosić do tańca? (frm) Czy mogę Panią prosić do tańca? (frm/>f);
tá grá agam ort Kocham cię;
cad é mar a dearfá i bPolainnis? Jak się mówi...po polsku?


Fáilte mhór roimh ceartúcháin : Tá súil agam go mbeadh níos mó scríobh foghraíocht le feiceáil anseo go luath.

Déardaoin 24 Eanáir 2008

Canúint Dhoire go Gaeilge …

Is dócha go bhfuil muintir Dhoire théis titim amach liom i ndiaidh mo phost deireannach ach seo rud eile a bhaineann le cheathrú chathair na hÉireann.

Sa chéad dul síos bím in amhrás más féidir le lucht na Gaelscoileanna an teanga a fhoghlaíonn siad iontu a úsáid ina ngáthshaol, ar an iomlán. Cha bhíonn an fhoclóir iomlán acu don tsráid. Sin mo thaithí fhéin de, as a bheith ag obair iontu ar scór ar bith.

Mar sin, silim go gcaithfear Gaeilge a chur ar gháthchaint s’acu, an slang s'acu a chur ar fáil dóibh, béarlagair na sráideanna s'acu. Anois ar nós gach cathair eile, tá canúint agus béarlagair ar leith ag muintir Dhoire. Mar sin de ghoid mé an liosta focal seo ó Derryman, tá súil agam nach miste leis. Canúint bheo Dhoire atá ann, tá iarracht déanta agam fhéin chun Gaeilge a chur air, fáilte roimh ceartúchán nó tuairim ar bith eile.

a hanlin (a handling) – tá sé ina ciolar cait. affronted – náiriste. all loured - tá mé ar mhuin na muice. aye ryt - seadh, cinnte. aye surely – seadh, cinnte. bags – (ie. I bags sitting in the front seat) - liomsa! bars – scéal, scannal. bat in the mouth - dorn sa gob. batter on – dul ar aghaigh. belter - brilliant, iontach. big lump – putrachán. blocked - ólta. blootered - ólta. boggin – broghach. boulted – bhain sé as. brass neck (i.e. she has a brass neck) – tá sé de shotal aici. bucketin – cur báistí. burnie – té. c' mere a minute - goitse bomáinte. c' mere hi – goitse a bhodaigh. cack – cac, cat – cac. catch yurself on –bíodh ciall agat. chancer – cearrbhach. chippy – tipí, c'mere but I … – aontaim leat ach ….class - ar fheabhas. cracker – den scoith. craic – spóirt. crips – brioscaí. culchie- tuathanach, sléibhteoir. dander –spaisteoireacht. dead on – maith ort, go breá, maith go leor. deadly – thar barr, ar dóigh, ar fheabhas, spreacúil. deef - bodhar. dry yer eyes – stad den chaoineadh (stop den a bheith ag gearáin). feardy custard – tá cré bhuí ionat! git away – ag magadh atá tú. git off – buail craiceann le … .headin – dul go dtí. hi – a chara, a mhic, a níon. how's she cutting – dé do chruth? i'm monkeyed! – ar maos leis an ól. jist - go díreach. lethal - millteanach / iontach maith, ar dóigh. ma - mam. magic hi - scoinneal / iontach. marra - amárach. mind - cuimhnigh. mon you – goitse, déan prainn. mouth – geabaire. mouth as wide a the Foyle – tá béal chomh mór le Doire ort. mucker – friend, cara. natter – comhluadar, comhrá. och dear aye – seadh, cinnte. och yer alright hi – go ndéana mhaith duit. on the rip – ar an ól. on the tear – ar an drabhláis. palatic – stucaigh. peelers - péilirí. plastered –stucaigh. sad about ye! - tá mo chroí briste agat. saunter – guailleáil. scranner - bochtán. slabber – clabaire. snotter box - gaothsán. sound – go maith, go breá / maith ort. stacks - neart, a lán, go leor. stick – spocadh faoi. them there – an dream úd. themins – iad siúd. wane – leabh / páiste. waster – diomailteoir, drabhlásóir. wee buns – fadhb ar bith. wee critter – créatúr beag. wee minute – bomainte beag. wee nadger – páiste beag. wile - millteanach, uafasach. wile civil – millteanach béasach. wile colour - dáth an bháis. wile dry – an tirim. wile lukin - míofar. wile strange - millteanach ait. wise up – bíodh ciall agat. watdat? - ’Dé sin. Worser – níos measa arís. Wrecked (tired) Claoidhte. yano? - An dtuigeann tú. yer man – mo dhuine ansin. yes boss – Anois a shaoi, anois a chara. yes hi – Anois. yankin! - thats disgusting! - sin cáidheach. yur heads a Marley - tá tú ar mire / as do mheabhair. yuve a neck on yee – nach dána thú.

Dé Sathairn 29 Nollaig 2007

Interlingua

Tá dubhspéis agam in Interlingua, seo roinnt sampla, is fearr liom Interlingua ná Esperanto de bhrí nach saoilim gur féidir canán iomlán a chumadh – caithfidh sé a bheith nadúrtha. Is féidir Interlingua a úsáid chun comársáid a bheith agat le cainteoir teanga románsúla ar bith – tá taithí agam ar seo. Cinnte, cha chludaíonn Interlingua ach Béarla agus na teangacha románsúla ach sin moll mór daoine!

B'fhéidir leagan úr de Sean-Slaivis na hEaglaise a úsáid chun na teangacha Slaivise a aontú?

Seo roinnt samplaí d’Interlingua …

Il es nihil = tá fáilte romhat, Salute! = Dia duit, Como sta vos? = Caidé mar atá tú?, Adeo = slán, A revider = tífidh mé thú, Gratias = go raibh maith agat, Multe Gratias = go raibh mile maith agat, Per favor = le do thoil, Pardona me = gabh mo leithscéal, Ben = maith, Mal = dona, Amico (m.), Amica (f.) = cara, Qual es vostre nomine? = caidé an t-ainm atá ort?
Il es un placer facer vostre cognoscentia = ba deas bualadh leat

Sinn Féin agus an Ghaeilg …

Sa chéad dul síos creidim go bhfuil Sinn Féin ina bpáirtí is gaelaí in Éirinn, is iad an t-aon dream a bhfuil sé de pholasaí acu iad féin a ghaelú, chomh maith leis sin, tá roinn cultúir acu.

Sin ráite, níl siad maith go leor ar chór ar bith dar liom. Cad chuige? Níl Gaeilge ag mórán acu! Is beag Gaeilge a labhraítear ar chóir ar bith ach shílfeá go ndéanfadh siad iarracht níos fearr.

"You need not praise the Irish language, simply speak it."
Pádraig Mac Piaras, Uachtarán, Oide, Gael.

Ó thuaidh, tá an scéal truacanta amach, ní dóigh liom go dtiocfadh liom a rá go bhfuil Gaeilg mhaith ag MLA ar bith acu, cinnte tá Gaeilg ag Barra Mac Giolla Duibh agus ag Caitríona Ruane ach tá sé de dhualgas orthu a gcuid Gaeilg a fheabhsú. Is bocht an Ghaeilg atá ag Gerry Adams cé go bhfuil sé sásta í a labhairt, caithfidh sé dul i mbun foghlamtha – tá teach aige i nGort a’ Choirce, níl leithscéal a bith aige.

Ná daoine eile, is léir nach dtuigeann siad cad is náisiúnachas ar chór ar bith.

Dé Luain 24 Nollaig 2007

PSNI, chan fheil siad maith go leor … ná baol air.

Fuair mise agus companero de mo chuid droch-am ón PSNI roimh an Nollaig ansin, chuir siad masla orainn as Gaeilg a labhairt. Títear domsa gur eagraíocht frithghaelach is seicteach iad an dream seo go fóill faraor.

Seans gur féidir iad a fheabhsú ó thaobh biogóideachais creidimh de ach tá mé in amhrás más féidir an frithghaelachas seo a mhaolú.